See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
An Pholainn - Vicipéid

An Pholainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Rzeczpospolita Polska
Bratach na Polainne Armas na Polainne
Bratach Armas
Mana: Níl aon mhana oifigiúil ann. Go neamhoifigiúil, úsáidtear Bóg, Honor, Ojczyzna = Dia, Onóir, Dúchas
Amhrán náisiúnta: Mazurek Dąbrowskiego
Suíomh na Polainne
Príomhchathair Vársá
52°13′ Thuaidh 21°02′ Thoir
An chathair is mó Vársá
Teangacha oifigiúla Polainnis1
Rialtas
Uachtarán
Príomh-aire

Lech Kaczyński
Donald Tusk
Neamhspleáchas
11 Samhain 1918
Achar
 • In iomlán
 • Uisce (%)
 
312,685 km² (68ú)
2.6%
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh 2002
 • Dlús
 
38,635,144 (32ú)

123.5/km² (64ú)
OTI (PCC)
 • In iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$512.9 billiún (23ú)
$13,275 (51ú)
Airgeadra Złoty (PLN)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET (UTC+1)
CEST (UTC+2)
Fearann Idirlín .pl
Glaochód +48
1 Labhraítear Bílearúisis, Caisiúbais, Gearmáinis, agus Úcráinis mar dhara theanga oifigiúil i gcuig réigiún sa tír.

Tír is ea í Poblacht na Polainne atá suite ar chósta theas Mhuir Bhailt, agus í ag críochantaíocht leis an nGearmáin, le Poblacht na Seice, leis an tSlóvaic, leis an Úcráin, leis an mBílearúis agus leis an Liotuáin. Thairis sin, tá ceantar Kaliningrad, ar leis an Rúis é, suite idir an Liotuáin agus an Pholainn.

Clár ábhair

[athraigh] Ainm na tíre

Tugann na Polannaigh féin Polska ar a dtír dhúchais ina dteanga féin. Tá an t-ainm seo bunaithe ar Polanie, is é sin, treibh de Shlavaigh a raibh cónaí orthu ar mhachairí móra na tíre fadó. Ciallaíonn an focal féin pole "páirc" nó "machaire" sa teanga. Tá ainmneacha na tíre i dteangacha eile fréamhaithe ón tamhan céanna, cé is moite de chupla eisceacht: Lehistan a thugtar ar an bPolainn sa Tuircis, Lengyelország san Ungáiris, agus Lenkija sa Liotuáinis. Tá na hainmneacha seo bunaithe ar ainm treibhe eile, mar atá, Lędzianie. Bhí an treibh seo ag cur fúithi i gcríocha oirthuaisceartacha na Polainne de réir mar a bhreathnaíonn an tír inniu.

Is é ainm oifigiúil na tíre ná Rzeczpospolita Polska. Ní úsáidtear an focal dúchasach sin rzeczpospolita mar théarma Polainnise ar phoblacht ach le tagairt a dhéanamh do phoblacht na Polainne. Na poblachtaí eile, cosúil le hÉirinn, tugtar republika orthu. Le fírinne, níl i rzeczpospolita féin ach aistriú focal ar fhocal ar respublica na Laidine, nó ciallaíonn an dá fhocal gnó poiblí.

[athraigh] An Córas Polaitíochta

I ndiaidh bhlianta fada an Chumannachais, d'éirigh leis na Polannaigh daonlathas ceart a chur ar bun faoi dheoidh i dtús na nóchaidí. Is poblacht phairliminteach í an tír inniu, agus dhá theach - Sejm (an dáil, nó teach na dteachtaí) agus Senat (an seanad) - sa phairlimint. Tá 460 feisire ar Sejm, agus na saoránaigh ag caitheamh a vótaí sna holltoghcháin uair in aghaidh na gceithre mblian. Tá 100 Seanadóir ann, agus iad á dtoghadh sna holltoghcháin chomh maith. Tugtar Zgromadzenie Narodowe nó an Comhthionól Náisiúnta ar dhá theach na pairliminte in éineacht - ar an Oireachtas, i dtéarmaí Éireannacha.


Bhí páirtithe éagsúla sa phairlimint i mblianta an Chumannachais féin, cosúil le páirtí na bhfeirmeoirí (SL - Stronnictwo Ludowe nó Páirtí an Phobail) agus páirtí oifigiúil na gCaitliceach (PAX). B'é an Páirtí Cumannach, nó Polska Zjednoczona Partia Robotnicza - "Páirtí Aontaithe Lucht Oibre na Polainne" - a bhí i mbun na gcúrsaí dháiríre, áfach. B'é an ficsean oifigiúil go raibh an páirtí sin cruthaithe ag na Cumannaigh agus ag na sóisialaigh dhaonlathacha in éineacht - sin é an chúis go raibh an t-ainm sin air.


Tá tionchar nach beag ag na hiar-Chumannaigh i gcónaí ar an saol polaitiúil sa Pholainn. Níor éirigh leis na mionpháirtithe a tháinig ar an bhfód i ndiaidh athbhreith an daonlathais iad féin a bhuanú, agus sa lá atá inniu ann, bíonn na páirtithe nua ag teacht agus ag imeacht, toghchán i ndiaidh a chéile. Bíonn cuid mhór de na Polannaigh sách éiginnte i gcónaí faoina ndearcadh polaitiúil féin, agus grúpaí beaga tuathghríosóireachta coitianta go leor ar fud na sochaí.

[athraigh] An Daonra

Roimh an Dara Cogadh Domhanda, bhí an Pholainn lán mionlaigh mhóra eitneacha, agus bruíonachas ar siúl go minic idir na mionlaigh agus na náisiúnaithe antoisceacha Polannacha. I ndiaidh an chogaidh, áfach, tá an Pholainn iontach aonchineálach ó thaobh an daonra de.

Is í an Pholainnis teanga oifigiúil na tíre, agus í ó dhúchas ag 96 % den 38 milliún duine atá ag cur fúthu sa tír. Is teanga Shlavach í an Pholainnis, agus is iad an tSeicis, an tSlóvaicis agus an tSorbais, teanga neamhfhorleathan a labhraítear in oirthear na Gearmáine, is gaolmhaire léi. An ceithre faoin gcéad eile, tá siad ag labhairt Úcráinis, Bílearúisis, Liotuáinis, Giúdais (teanga atá fréamhaithe ón tsean-Ghearmáinis), Gearmáinis nó Tatairis. Is Caitlicigh iad lucht labhartha na Polainnise de ghnáth. Bíonn creideamh mionlaigh éigin ag dul leis an teanga nó leis an dúchas mionlaigh go minic. Mar shampla, bíonn an creideamh Protastúnach ag baint leis an nGearmáinis. Na hÚcráinigh, arís, is dual dóibh urraim a thabhairt dá n-eaglais Chaitliceach Oirthearach, eaglais a chloíonn leis na deasghnátha Gréigeacha, cé go dtugann sí aitheantas don Phápa. Is Ceartchreidmhigh Oirthearacha iad na Bílearúisigh, agus na Tatáraigh ina Muslamaigh. I ndiaidh an ródaigh a rinne Uileloscadh na Naitsithe ar phobal mór millteanach na nGiúdach sa Pholainn, ní mhaireann ach dornán acu beo sa tír. Bíonn an Ghiúdais á labhairt ag an tseanghlúin, ach dealraíonn sé nach mbacann na Giúdaigh óga leis an teanga seo a thuilleadh. Giúdach Polannach ab ea an Dr Ludwig Zamenhof, a thionscain an teanga idirnáisiúnta Esperanto i gcathair Vársá sa bhliain 1887.

I mblianta an Chumannachais, chuir dream réasúnta mór de dhídeanaithe Cumannacha ón nGréig fúthu sa Pholainn, agus iad ag iarraidh saol cultúrtha dá gcuid féin agus ina dteanga féin a choinneáil ag imeacht. De réir chosúlachta, áfach, ní raibh teacht aniar sa Ghréigis mar theanga mhionlaigh sa Pholainn, nó tá an teanga ag imeacht go tiubh téirimeach i measc shliocht sleachta na ndídeanaithe inniu, agus iad ag dul leis an bPolainnis agus le nósanna na bPolannach go breá sásta.

[athraigh] An Stair

Féach Stair na Polainne


[athraigh] Turasóireacht sa Pholainn

[athraigh] Radharcra


Bratach an AE An tAontas Eorpach (AE) Bratach an AE
an Bheilgan Bhulgáiran Chipiran Danmhairgan EastóinÉirean Fhionlainnan Fhraincan Ghearmáinan Ghréigan Iodáilan Ísiltíran Laitviaan LiotuáinLucsamburgMáltaan Ostairan Pholainnan Phortaingéilan Ríocht Aontaithean Rómáinan tSeican tSlóvaican tSlóivéinan Spáinnan tSualainnan Ungáir
Le teacht
an ChróitPoblacht na Macadóinean Tuirc

I dteangacha eile


aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -