Giúdais
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Giúdais (yidish) | |
---|---|
Á labhairt: | SAM, RA, An Liotuáin, An Rúis, Iosrael, An Úcráin, An Ghearmáin, An Pholainn, srl. |
Réigiún: | An Eoraip |
Cainteoirí san Iomlán: | 3 milliún[1] |
Rang: | (Níl an teanga i measc an 100 ceann is mó cainteoirí) |
Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpais Gearmáinic |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | Cúige Féinrialaitheach na nGiúdach |
Rialaithe ag: | YIVO |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | yi |
ISO 639-2 | yid |
ISO/DIS 639-3 | yid |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Teanga Gearmáinice í an Ghiúdais atá bunaithe ar chanúintí Gearmáinise an Iarthair, go háirithe ar na canúintí a labhraítear i ngleann na Réine. Bhí sí á labhairt ag na Giúdaigh Ghearmánacha a shocraigh síos sa Pholainn faoi dheireadh na meánaoiseanna le teacht slán ó na géarleanúintí ní b'fhaide siar. Faoi thionchar na Polainnise agus na dteangacha eile in Oirthear na hEorpa, d'athraigh an Ghiúdais go mór, agus d'fhorbair a teanga scríofa go neamhspleách ar an nGearmáinis eile. Mar sin, ní mór a rá inniu gur teanga ar leith atá ann seachas canúint na Gearmáinise.
Is í aibítir na hEabhraise a úsáidtear leis an nGiúdais a bhreacadh síos, agus tá an teanga breac le focail iasachta ón Eabhrais, mar is dual do theanga Ghiúdach.
[athraigh] Tagairtí
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.