An Eoraip
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is ilchríoch í an Eoraip, leis na teorainn seo a leanas aici: an tAigéan Atlantach thiar, an tAigéan Artach ar an taobh thuaidh, an Úral agus Sléibhte na hÚraile thoir, Sléibhte na Cugaise agus an Mhuir Dhubh ar an taobh thoir theas, agus an Mheánmhuir ó dheas. Agus an Áise á thógáil san áireamh freisin, is féidir an t-oll-ilchríoch an Eoráise a aithint.
Tá cónaí ar 729,000,000 duine san Eoraip, agus tá 44 tír neamhspleách ann. Ó mí Bealtaine 2004 ar aghaidh, tá 25 acusan cheana féin san Aontas Eorpach, agus ar a laghad trí gcinn ag brath ar dhul isteach i mbeagán blianta. Déanann institiúid an Aontais a ngnó i 20 teanga, ach tá go leor mionteangacha eile cheana féin san Aontas.
Ba san Eoraip a thosaigh cuid de mhórimpreachtaí an domhain. Leath cumhacht na Gréige, agus na Róimhe ina diaidh, ar fud cuid mhór den Eoraip, maraon le tuaisceart na hAfraice agus iarthar na hÁise. Ón gcéad aistear a rinne Criostóir Colambas chun an domhain nua don Spáinn, thóg an tír sin agus tíortha nach é seilbh de réir a chéile ar Mheiriceá Thuaidh agus Mheiriceá Theas. Thóg tíortha eile ar nós na Breataine, na Portaingéile, na nÍsiltír, na Gearmáine agus na Beilge seilbh freisin ar chuid mhór desna na mór-roinne eile. Leath an Rúis ó Mhoscó siar go dtí an Mhuir Bhailt, soir chomh fada leis an Aigéin Ciúin, agus ó dheas go dtí an Mhuir Dhubh, Sléibhte na Cugaise, agus an Mhongóil. Ní ach ag deireadh an 19ú aois ar aghaidh go dtí lár an 20ú aois a fuair mórán de choilíneachtaí na hEorpa a saoirse arís, cé go bhfuair cuid mhór de Thuaisceart Mheiriceá (Stáit Aontaithe Mheiriceá) a saoirse i 1775. Tá cumhacht airgeadach agus míleata ag an Eoraip i gcúrsaí an domhain, ach is beag é le hais chumhacht SAM nó, go dtí 1989, cumhacht an Aontais Shóibhéidigh. Ach le búnú an Chómhargaidh Eorpaigh, agus a chomharba an tAontas Eorpach, ceapann go leor go dtiocfaidh neart ghéilleagrach agus míleata arís chun na hEorpa, mar gur mó anois é a dhaonra ná daonra SAM nó an Aontais Shóibhéidigh mar a bhí, nó an Rúis an lae inniu.
[athraigh] Liosta tíortha Eorpacha
Is san Eoraip atá na tíortha seo leanas:
- An Albáin
- Andóra
- An Bheilg (ball den AE)
- An Bhealarúis
- An Bhoisnia-Heirseagaivéin
- An Bhulgáir (ball den AE)
- An Chipir (ball den AE)
- An Chróit
- An Danmhairg (ball den AE)
- An Eastóin (ball den AE)
- An Eilvéis
- Éire (Poblacht) (ball den AE)
- An Fhionlainn (ball den AE)
- An Fhrainc (ball den AE)
- An Ghearmáin (ball den AE)
- An Ghréig (ball den AE)
- An Iodáil (ball den AE)
- An Iorua
- An Íoslainn
- An Ísiltír (ball den AE)
- An Laitvia (ball den AE)
- An Lichtinstéin
- An Liotuáin (ball den AE)
- Lucsamburg (ball den AE)
- Málta (ball den AE)
- Montainéagró
- Poblacht na Macadóine
- An Mholdóiv
- Monacó
- An Ostair (ball den AE)
- An Pholainn (ball den AE)
- An Phortaingéil (ball den AE)
- An Ríocht Aontaithe (ball den AE)
- An Rómáin (ball den AE)
- An Rúis
- San Mairíne
- An Spáinn (ball den AE)
- Poblacht na Seice (ball den AE)
- An tSeirbia
- An tSlóivéin (ball den AE)
- an tSlóvaic (ball den AE)
- An tSualainn (ball den AE)
- An Úcráin
- An Ungáir (ball den AE)
- An Vatacáin
[athraigh] Féach freisin ar
- Stair na hEorpa
- An tAontas Eorpach