See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Stáit Aontaithe Mheiriceá - Vicipéid

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

United States of America
Bratach Stáit Aontaithe Mheiriceá Armas Stáit Aontaithe Mheiriceá
Bratach Armas
Mana:
E Pluribus Unum (1789–anois)
(Laidin: "As Mórán, Aontacht")
In God We Trust (1956–anois)
(Béarla: "Muinín againn as Dia")
Amhrán náisiúnta: The Star-Spangled Banner
Suíomh Stáit Aontaithe Mheiriceá
Príomhchathair Washington, D.C.
38°53′ Thuaidh 77°02′ Thiar
An chathair is mó Cathair Nua-Eabhrac
Teangacha oifigiúla Éagsúlacht; Béarla de facto
Rialtas
Uachtarán
Leas-Uachtarán
Daonlathach, Poblacht cónaidhmeach
George W. Bush
Dick Cheney
Neamhspleachás
 - Fógartha
 - Aitheanta

Bunreacht
 - Críochnaithe
 - Daingnithe
 - I bhfeidhm
Ón Ríocht Aontaithe
4 Iúil, 1776
3 Meán Fómhair, 1783


17 Meán Fómhair, 1787
23 Bealtaine, 1788
4 Márta, 1789

Achar
 • In iomlán
 • Uisce (%)
 
9,631,418 km² ()
4.87%
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh 2000
 • Dlús
 
296,500,000 [1] ()
281,421,906
31/km² (176ú)
OTI (PCC)
 • In iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$12,332,296 milliún (1ú)
$41,557 (3ú)
Airgeadra Dollar na SAM ($) (USD)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
Éagsúlacht (UTC-5 go -10)
Éagsúlacht (UTC)
Fearann Idirlín .gov .edu .mil .us .um
Glaochód +1

Tír i Meiriceá Thuaidh is ea iad Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus í suite idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is í an tríú tír is mó daonra agus achar í ar fud an domhain. De na caoga stát atá ann ar fad, is é Alasca an ceann is mó achar, agus California ar an gceann is líonmhaire daonra.

Tá na Stát Aontaithe ar an t-aon ollchumhacht amháin ar an domhan inniu, nó is í an tír seo atá chun tosaigh ó thaobh na heacnamaíochta, na n-armálacha agus an chultúir de. Ar fud an domhain, mothaítear luaineachtaí eacnamaíocha na Stát Aontaithe i ngeilleagar na dtíortha eile, breathnaítear ar scannáin agus ar chláracha teilifíse de chuid thionsclaíocht chultúrtha na Stát Aontaithe, agus labhraítear Béarla Mheiriceá mar fhrancbhéarla idirnáisiúnta. Tarraingíonn cumhacht dhoshéanta na Stát Aontaithe idir adhradh agus fhuath ar an tír, ach ní féidir dearmad ná droichead a dhéanamh di.

Tá an chuid is mó de na stáit suite in aon limistéar amháin in Ilchríoch Mheiriceá Thuaidh, ach is oileánra san Aigéan Ciúin é Stát Haváí, agus Alasca scartha ón gcuid eile den tír ag Ceanada.

Stát daonlathach, liobrálach is ea iad na Stáit Aontaithe, agus bhí páirt thar a bheith tábhachtach ag an tír i bhforbairt stairiúil an daonlathais nua-aoisigh. Ós rud é go bhfuil náisiúnachas an stáit bunaithe ar an mbunreacht agus ar an traidisiún daonlathach in áit aon náisiúntacht nó eitneacht ar leith, fáiltítear lucht inimirce ó gach cearn den domhan, agus dá réir sin, tá na Stáit Aontaithe ar ceann de na tíortha is ilchultúrtha ar fud an domhain. Cé go mbíonn fadhbanna móra ag an tir le ciníochas agus le foréigean, is féidir a rá go raibh córas daonlathach na Stát Aontaithe ábalta an faobhar a bhaint de na fadhbanna seo sa deireadh.

Clár ábhair

[athraigh] Stair

Tháinig na Stáit Aontaithe ar an bhfód nuair a chuaigh trí choilíneacht déag de chuid Shasana ar chósta thoir Mheiriceá Thuaidh chun ceannairce ar an Rí, ó bhí muintir na gcoilíneachtaí míshásta leis go ngearrfaí cánacha díobh gan cead a bheith acu a n-ionadaithe féin a chur go dtí an Pharlaimint i Londain - "diabhal cánacha gan ionadaíocht", mar a dúirt na ceannairceoirí féin (no taxation without representation). Sa bhliain 1776, d'eisigh na coilíneachtaí a bhFógra Neamhspleáchais agus chuaigh siad chun cogaidh leis na Sasanaigh - Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá. Bhuaigh siad an cogadh, agus tháinig comhdháil fheidearálach le chéile ar an 17ú lá de Mhí Mheán Fómhair 1787 le Bunreacht na Stát Aontaithe a fhaomhadh. Sa bhliain 1791, daingníodh Bille na gCeart, is é sin, deich leasú a cuireadh leis an mbunreacht le cearta an duine aonair a dhearbhú. I rith na naoú haoise déag, chuir na Stáit Aontaithe cogadh i ndiaidh cogaidh ar na bundúchasaigh le tuilleadh tailte a fháil san Iarthar agus le cósta an Atlantaigh a bhaint amach - b'é an míniú a thug polaiteoirí na Stát Aontaithe ar an tsíorchogaíocht seo gurbh í "cinniúint fhollasach" (manifest destiny) na Stát fairsingiú den chineál sin a dhéanamh, de réir is mar a bhí inimirceánaigh nua ag teacht isteach thar toinn anoir. Thairis sin, fuair na Stáit tailte nua ón bhFrainc, ón Spáinn, ó Mheicsiceá agus ón Rúis, le lámh láidir nó ar airgead buí. Rinneadh nascghabháil ar dhá phoblacht neamhspleácha, mar ata, Poblacht Haváí agus Poblacht Texas. Sna 1860idí, tháinig scoilt idir deisceart agus tuaisceart na tíre ar chúiseanna polaitiúla, go háirithe faoi cheist na daoirse, agus chuir an dá leath den tír cogadh cathartha inar cloíodh an deisceart a bhí ag iarraidh dealú a fháil ón gcuid eile. I ndiaidh Chogadh na Spáinne agus Mheiriceá, chomh maith leis an Chéad Chogadh Domhanda, ní raibh le séanadh a thuilleadh gur mórchumhacht dhomhanda a bhí sna Stáit Aontaithe. I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, bhí cinniúint an domhain go leir ag brath ar an gcoimhlint idir an Stát Aontaithe agus an tAontas Sóivéadach, nó ar an gCogadh Fuar. Nuair a tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach mar chumhacht dhomhanda, fágadh na Stáit Aontaithe i gceannas ar an saol comhaimseartha.

[athraigh] Tíreolaíocht

Bolcán suanach in iarthuaisceart na tíre
Bolcán suanach in iarthuaisceart na tíre

Is iad na Stáit Aontaithe an tríú tír is mó sa domhain. Tá radharcra na tíre an-éagsúil, idir choillte agus chnoic san oirthear, phortaigh mhangróibh i bhFlorida, agus mhachairí móra i lár na tíre. Is í Nua-Eabhrac an chathair is mó.

Tá an tír ag críochantacht le Ceanada thuaidh agus le Meicsiceo theas.

[athraigh] Teanga

Labhraítear timpeall is 336 theanga sna Stáit, agus is teangacha bundúchasacha Meiriceánacha iad 176 cinn acu. Níl aon teanga oifigiúil ag na Stáit Aontaithe féin, ach tá an Béarla oifigiúil i 27 stát. Thairis sin, bhronn trí stát stádas oifigiúil ar theanga a raibh tábhacht stairiúil léi sa stát: Fraincis i Louisiana, Haváís i Haváí, agus Spáinnis i Nua-Mheicsiceo. Sna Stáit Aontaithe go léir, is í an Spáinnis an dara teanga is mó a labhraítear.

[athraigh] Rialtas

Tá trí leibhéal rialtais ann, is é sin, an rialtas áitiúil, rialtas an stáit, agus an rialtas feidearálach. Tá na feidhmeannaigh go léir ag brath ar vóta an tsaoránaigh: an chuid acu nach vótáltar isteach iad féin, faigheann siad a gcuid cumhachtaí ó fheidhmeannaigh vótáilte.

Tá trí bhrainse sa rialtas, agus iad sách neamhspleách ar a chéile. Mar sin, coinníonn siad srianta le chéile, agus aon chraobh amháin obair an dá cheann eile a lochtú is a cheartú.

  • An Chumhacht Reachtach: An Chomhdháil agus í roinnte ina dá teach, mar atá teach, an Seanad agus Teach na nIonadaithe. Reachtaíonn siad dlíthe feidearálacha na Stát Aontaithe, agus tá sé de chumhacht acu cogadh a fhógairt, conradh a dhaingniú agus Uachtarán a tháinseamh.
  • An Chumhacht Fheidhmitheach: an tUachtarán. Is é an tUachtarán a cheapann na hAirí Rialtais, le formhuiniú na Comhdhála.
  • An Chumhacht Bhreithiúnach: An Chúirt Uachtarach agus na cúirte ar leibhéil is ísle ná í.

[athraigh] Ballstáit

Commons
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann leis an ábhar seo:

I dteangacha eile


aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -