See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Cogadh Fuar - Vicipéid

Cogadh Fuar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Siombailí a sheasann don Chogadh Fhuar: an tUachtarán John F. Kennedy, an chéad satailít shaorga Shóivéadach, an balla a tógadh trasna Bheirlín i dtús na seascaidí, heileacaptair mhíleata Mheiriceánacha ag tuirlingt i Vítneam, buama adamhach ag pléascadh.
Siombailí a sheasann don Chogadh Fhuar: an tUachtarán John F. Kennedy, an chéad satailít shaorga Shóivéadach, an balla a tógadh trasna Bheirlín i dtús na seascaidí, heileacaptair mhíleata Mheiriceánacha ag tuirlingt i Vítneam, buama adamhach ag pléascadh.

Is é atá i gceist leis an gCogadh Fuar ná coimhlint idé-eolaíoch, gheilleagrach agus pholaitiúil a bhí ar siúl san 20ú haois idir Stáit Aontaithe Mheiriceá is an caipitleachas ar aon taobh amháin, agus an tAontas Sóivéadach is an cumannachas ar an taobh eile. Bhailigh an bheirt acu a gcuid comhghuaillithe féin chucu le tacaíocht a fháil, ach ba mhinic a chaithfidís an tacaíocht sin a mhealladh uathu le lámh láidir. Deirtear gur tosaíodh an cogadh timpeall na bliana 1947, ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda, agus mhair sé go dtí na 1990idí, a fhad is a mhair an tAontas Sóivéadach.

Ní raibh an dá mhórchumhacht féin ag cur mórán troda ar a chéile go díreach, ach ba mhinic a bhí siad ag tabhairt tacaíochta do thaobhanna éagsúla i gcoimhlintí áitiúla go háirithe sa Tríú Domhan, rud a mhéadaigh ar an gcruatán inar fágadh na gnáthshibhialaigh ina leithéid de chás. B'í an ghné ba dainséaraí den Chogadh Fhuar ná go raibh airm núicléacha ag an mbeirt, agus bhí sé incheaptha go mbrisfeadh cogadh núicléach amach eatarthu - fiú de thaisme. Cúpla uair, ba dhóbair nár bhris, is é sin, le linn ghéarchéim na ndiúracán i gCúba agus i bhFómhar na bliana 1983. Ar ámharaí an tsaoil, seachnaíodh an cogadh núicléach sin.

B'iad Bernard Baruch, a bhí ina chomhairleoir ag an Uachtarán Harry Truman, agus Walter Lippmann, scríbhneoir agus iriseoir, ba túisce a thosaigh ag labhairt faoi "chogadh fuar", thiar sa bhliain 1947, agus iad ag tagairt don teannas a bhí ag dul i méadaíocht idir an tIarthar agus an tAontas Sóivéadach. Nuair a chuaigh na Boilséivigh i gceannas ar an Rúis sa bhliain 1917, d'éirigh an tIarthar an-bhuartha faoi chomh meáite agus a bhí siad ar an réabhlóideachas a spreagadh taobh amuigh den Rúis. Sna blianta idir an dá chogadh domhanda, is beag a chuaigh an réabhlóid dhomhanda sin chun cinn, ach níor bhain sin mórán den eagla a bhí ar an Iarthar roimh an gcumannachas. Sa bhliain 1941, d'ionsaigh na Gearmánaigh an tAontas Sóivéadach, a chuaigh i gcomhghuaillíocht leis na cumhachtaí Iartharacha, ach i ndiaidh an chogaidh, tháinig scoilt eatarthu arís.



Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.



aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -