Arizona
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is stát í Arizona i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ní fios i ndáiríre cad as d'ainm an stáit, ach meastar go bhfuil baint ag 'airgead', an mianra, leis. Tá daoine sa cheantar le timpeall 20,000 bliain agus iarsmaí d'áitribh in uamhanna le fáil sa bhfásach. Tháinig na dúchasaigh atá sa stát faoi láthair, na Apache agus Navajo chun na háite timpeall seacht gcéad bliain ó shoin as Ceanada. Thosaigh na Spáinnigh ag teacht chun na háite sa séú haois déag, ach ba bheag a spéis ann mar go raibh talamh níos fearr in áiteanna eile. Bhí an ceantar faoi smacht Mheicsiceo nuair a fuair an tír sin a saoirse ón Spáinn in 1821. Thosaigh Meiriceánaigh ag teacht mar shealgairí ach ba bheag duine a chuir faoi sa réigiún. Tar éis an chogaidh idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo, 1848, ghabh SAM seilbh ar chuid mhór den tír agus ceannaíodh tailte eile. Thosaigh mianadóirí ag teacht isteach chun ór, airgead agus copar a bhaint as an talamh. Bhí cogaí éagsúla idir na Meiriceánaigh agus na Apache a bhí faoi cheannas Cochise agus Geronimo, ach faoi 1886 ghéill na dúchasaigh do na saighdiúirí geala. Aithníodh mar chríoch de chuid na Stát Aontaithe é i 1863, agus rinneadh stát de i 1912. Tá an phríomhchathair i Phoenix ó 1889 i leith.
Sa 20ú haois rinneadh uisciú ar thailte sa stát agus d'fhás an talmhaíocht. Táirgítear cuid mhaith glasraí agus feola sa stát anois. Tháinig an déantúsaíocht chun cinn le linn an Dara Chogaidh Domhanda.
Tá achar 295,000 ciliméadar cearnach in Arizona agus os cionn cúig miliún duine ina gcónaí inti. Is ann atá an Grand Canyon, cainneoin atá ar cheann de mhóriontaisí tíreolaíochta an domhain. Sléibhte agus fásaigh atá i gcuid mhór den talamh. Is é Sliabh Humphreys Peak (3,857m) an pointe is airde in Arizona agus tá cainneoin dhomhaine sna habhanntrachtaí. Is í an Colorado an abhainn is mó.
Is dúchasaigh Meiriceánacha timpeall 6% den daonra, agus is iad na Navajo, Mohave, Apache, Hopi, agus Paiute na príomhnáisiúin.
Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
---|---|---|---|
|