Fraincis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fraincis (français) | |
---|---|
Á labhairt: | sa Fhrainc, i gCeanada, sa Bheilg, san Eilvéis |
Réigiún: | An Afraic, An Eoraip, na Críocha Mheiriceá |
Cainteoirí san Iomlán: | 77 milliún (128 milliún, agus daoine a labhraíonn í mar dara teanga san áireamh) |
Rang: | 11 |
Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpais Iodáilic |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | na Fraince agus 24 tír eile |
Rialaithe ag: | Académie française (Acadamh na Fraincise) |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | fr |
ISO 639-2 | fre (B)/fra (T) |
ISO/DIS 639-3 | fra |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Teanga Rómánsach í an Fhraincis (français, fuaimniú [fʁɑ̃sɛ]) a áirítear ar theangacha móra an domhain. Tá sí ó dhúchas ag seachtó sé mhilliún duine, chomh maith le tuairim is dhá chéad ochtó milliún duine a d'fhoghlaim mar dhara nó mar thríú teanga í. Tá pobal suaithinseach Frainciseoirí le fáil i 54 thír ar fud an domhain, ach is iad an Fhrainc an tír is líonmhaire cainteoirí dúchais, agus is ansin a tháinig an teanga ar an bhfód an chéad uair. Thairis sin, tá go leor cainteoirí i Québec i gCeanada, sa Bheilg, agus san Eilvéis.
Cosúil leis an bPortaingéilis, an Spáinnis, an Iodáilis, an Chatalóinis, agus an Rómáinis, is as an Laidin a d'eascair an Fhraincis. D'imir teangacha Ceilteacha na mbundúchasach an-tionchar ar an gcineál Laidine ar fhorbair an Fhraincise as. Thairis sin, nuair a d'ionsaigh na Frainc - treibh a raibh canúint Gearmáinice ó dhúchas acu - an Ghaill i ndiaidh do na Rómhánaigh géilleadh, fuair an Fhraincis cuid mhór focail ar iasacht orthu siúd. Iadsan a bhronn a n-ainm féin ar an teanga fosta.
Teanga oifigiúil í an Fhraincis in aon tír déag is fiche. An chuid de na tíortha seo, is ballstáit iad san eagraíocht a dtugtar La Francophonie uirthi, is é sin, comhphobal na náisiún Fraincise. Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis sna Náisiúin Aontaithe agus ina lán eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.
Le fada an lá, tá an Fhraincis á saothrú ag a lán scríbhneoirí agus fealsúna. Is cuí agus is cóir a rá go bhfuil sí ar ceann de na teangacha is tábhachtaí ó thaobh na litríochta de. B'é Voltaire an chéad fhealsamh mór Eagnaíochta, agus chuir a chuid smaointí bun le réabhlóid Mheiriceá agus réabhlóid na Fraince. Duine de mhórfhealsúna na fichiú haoise ab ea Jean-Paul Sartre, a chuir tús leis an Eiseachas. Bhí Jean Racine ar duine de dhrámadóirí móra an domhain sa tseachtú haois déag. Filí nua-aimseartha a bhí in Charles Baudelaire agus Arthur Rimbaud. Tá Michel Déon ón bhFrainc agus Jacques Godbout ó Québec ar scríbhneoirí móra ár linne féin.
[athraigh] Stádas na Fraincise ar fud an Domhain
[athraigh] An Fhraincis san Fhrainc féin
De réir Bhunreacht na Fraince, is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil amháin i bPoblacht na Fraince ón mbliain 1992 i leith, ach, le fírinne, tá an stádas sin aici le fada an lá. Is gnách a rá gurbh é Reacht Villers-Cotterêts thiar sa bhliain 1539 a bhronn stádas oifigiúil ar an teanga an chéad lá riamh. B'í an Laidin a bhí in úsáid roimh an reacht sin.
Tá polasaithe oifigiúla i bhfeidhm ag an Stát leis an teanga dhúchais a chur chun cinn agus leis an mBéarla a choinneáil siar. Cuireann náisiúnachas oifigiúil na Fraince an-bhéim ar an teanga mar shiombaile d'aontas na tíre, agus mar sin, bíonn na húdaráis is na polaiteoirí drogallach go leor i dtaobh theangacha réigiúnda na Fraince, cosúil leis an mBriotáinis.
[athraigh] An Fhraincis san Eilvéis
Teanga oifigiúil í an Fhraincis san Eilvéis féin. Tá sí ar an dara teanga is mó a labhraítear san Eilvéis, agus í ó dhúchas ag duine as an gcúigear sa tír sin.
[athraigh] An Fhraincis sa Bheilg
Teanga oifigiúil í an Fhraincis sa Bheilg chomh maith. Tá sí ó dhúchas as 40 % de mhuintir na tíre, ach thairis sin, tá sí foghlamtha go maith ag 60 % den chuid eile.
[athraigh] An Fhraincis i Monacó agus in Andóra
Is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil i Monacó, cé go bhfuil teanga náisiúnta ag muintir na prionsachta atá níos cosúla le canúint Liguria san Iodáil ná leis an bhFraincis.
Is í an Chatalóinis teanga oifigiúil Andóra. Scéal eile, áfach, gurbh í Poblacht na Fraince a sholáthraíonn an teagasc scoile i gcuid mhaith de scoileanna Andóra, de réir na gconarthaí ina bhfuil stádas Andóra idir an Fhrainc agus an Spáinn leagtha amach. Is léir gurb é an curaclam Francach atá i bhfeidhm sna scoileanna sin, agus gurb í an Fhraincis teanga an teagaisc. Mar sin, cé nach bhfuil an Fhraincis oifigiúil sa tír bheag seo, tá sí go paiteanta ag cuid mhór de mhuintir Andóra.
[athraigh] An Fhraincis san Iodáil
Teanga oifigiúil í an Fhraincis, in éineacht leis an Iodáilis, i nGleann Aosta in aice le teorainn na Fraince. Cuid mhór de mhuintir an ghleanna, is í an teanga a labhraíonn siad ná an Fhranca-Phrovansáilis (nó an teanga Arpitan, mar a thugann lucht a hathbheochana uirthi inniu), ach ós rud é go nglacann a lán leis an teanga seo mar chanúint Fhraincise, is é dearcadh oifigiúil na hIodáile gurb í an Fhraincis an teanga chaighdeánach is fearr a fhreastlaíonn ar riachtanaisí cultúrtha na ndaoine seo.
[athraigh] An Fhraincis i Lucsamburg
Tá trí theanga oifigiúla i Lucsamburg, mar atá, an Lucsambuirgis, an Ghearmáinis, agus an Fhraincis. Is í an Lucsambuirgis teanga dhúchasach na Lucsamburgach, agus is canúint de chuid na Gearmáinise í. Ós rud é go bhfuil an Ghearmáinis an-chóngarach di, cleachtaítear mar theanga chultúrtha í, ach is í an Fhraincis an t-aon teanga amháin a úsáidtear sa reachtaíocht. Ní bhíonn ach ainmneacha Fraincise ar na forais phoiblí ach an oiread. Is í an Ghearmáinis teanga na nuachtán, ach is í an Lucsambuirgis caint na ndaoine.
[athraigh] An Fhraincis in Oileáin Mhuir nIocht
Tá canúintí áitiúla Fraincise á labhairt in Oileán Gheirsí agus in Oileán Gheansaí go fóill, cé go bhfuil siad ag géilleadh don Bhéarla. Cosúil leis an nGaeilge, tá na canúintí seo á saothrú ag lucht athbheochana, agus baintear úsáid áirithe astu mar theangacha liteartha. Maidir leis an bhFraincis chaighdeánaithe, tá cineál stádas oifigiúil aici i gcúrsaí riaracháin. Tá difríochtaí áirithe idir Fraincis chaighdeánaithe Gheirsí agus caighdeán na Fraince: tá cuid mhaith téarmaí dlí dá gcuid féin ag muintir an oileáin, cosúil leis an dóigh a n-úsáidtear téarmaí dlí Albanacha i mBéarla caighdeánaithe na hAlban.
[athraigh] An Fhraincis i gCeanada
Teanga oifigiúil í an Fhraincis i gCeanada, agus is í an t-aon teanga oifigiúil amháin i Québec ón mbliain 1974 i leith. Tá sí ó dhúchas ag ceathrar as gach cúigear i Québec féin, ach thairis sin, tá canúintí scartha á labhairt i New Brunswick, in Ontario, i Manitoba, in Albain Nua agus i bPrince Edward Island. Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis i New Brunswick, in éineacht leis an mBéarla, agus an teanga ó dhúchas ag aon duine amháin as an triúr ansin. Maidir le hOntario, tá leathmhilliún Frainciseoirí ansin, ach níl stádas oifigiúil ag an teanga sa chúige. Tá sé mhilliún cainteoirí dúchais ina gcónaí i Québec, agus breis is dhá chéad míle i New Brunswick.
Cé nach bhfuil stádas oifigiúil ag an teanga ach i dhá chúige i gCanada, cuireann na húdaráis caol orthu seirbhísí a sholáthar sa teanga in aon áit ina bhfuil pobal substaintiúil Fraincise le fáil. Tugann an trí Chríoch Thuaidh i gCeanada, mar atá, Yukon, Nunavut, agus Críocha an Iarthuaiscirt, aitheantas oifigiúil don Fhraincis freisin, toisc go bhfuil rialtas Cheanada féin dátheangach go hoifigiúil.
[athraigh] An Fhraincis i Háití
Is í an Fhraincis an t-aon teanga oifigiúil amháin i Háití, cé nach labhraíonn ach an uasaicme í. Is í an teanga Kreyòl caint na sráide, áfach. Fásteanga atá ann, agus í bunaithe ar an bhFraincis.
[athraigh] An Fhraincis sna Stáit Aontaithe
Cé go bhfuil an Fhraincis ar an tríú teanga is mó a labhraítear sna Stáit Aontaithe, níl stádas oifigiúil ar bith aici ansin. Tá sí ar an dara teanga is mó i New Hampshire, Louisiana, Maine, agus Vermont. Tá dhá chineál Fraincis á labhairt i Louisiana - Créole agus Cajun. Fásteanga í an teanga Créole agus í tar éis cuid mhór de ghramadach na Fraincise caighdeánaí a chailleadh faoi bhrú an Bhéarla, na Spáinnise, na dteangacha bundúchasacha agus na dteangacha Afracánacha. Is iad na Gormaigh is mó a labhraíonn í.
[athraigh] An Fhraincis san Afraic
An chuid is mó d'Fhrainciseoirí an domhain, tá cónaí orthu san Afraic. De réir na tuairisce a d'eisigh eagraíocht idirnáisiúnta na dtíortha Fraincise (Organisation Internationale de la Francophonie), tá 115 mhilliún duine san Afraic a bhfuil an Fhraincis acu, ó dhúchas nó ón scoil. Tá siad le fáil in aon tír déag is fiche.
De ghnáth, caithfidh na hAfracánaigh an Fhraincis a fhoghlaim mar dhara teanga. In áiteanna, áfach, is féidir teacht ar chainteoirí dúchais. Tá an Fhraincis á labhairt mar theanga dhúchais timpeall ar Abidjan sa Chósta Eabhair agus i Libreville sa Ghabúin. Ní féidir a rá go mbeadh aon leagan amháin den Fhraincis ann a dtabharfaí "Fraincis na hAfraice" air. Tá leaganacha éagsúla den teanga ann, agus iad go léir forbartha faoi thionchar na dteangacha bundúchasacha áitiúla.
[athraigh] An Fhraincis san Áise
Bhí an Fhraincis ina teanga oifigiúil sa Liobáin, nuair a bhí an tír á rialú ag an bhFrainc faoi shainordú Chonradh na Náisiún. Sa bhliain 1941, bhain an Fhrainc amach neamhspleáchas ón bhFrainc, agus níor fágadh an stádas oifigiúil ach ag an Araibis. Ina dhiaidh sin féin, tá ardmheas ag muintir na Liobáine ar an bhFraincis i gcónaí, agus iad á foghlaim is á saothrú go dúthrachtach.
Baintear úsáid fhorleathan as an bhFraincis sa Chambóid agus i Laos. Oidhreacht choilíneach atá ann, ar ndóigh. Labhraíonn cuid mhaith seandaoine i Vítneam an teanga chomh maith, ó bhí sí á saothrú ag an scothaicme i ré an choilíneachais, ach anois, rachadh sé rite ort teacht ar Fhrainciseoirí óga sa tír sin.
Tá stádas oifigiúil ag an bhFraincis i bPondicherry san India, in éineacht leis an Tamailis. Oidhreacht choilíneach eile atá ann.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
athraigh Teangacha oifigiúla na Náisiún Aontaithe | |
---|---|
Araibis | Béarla | Fraincis | Rúisis | Sínis | Spáinnis | |
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil na NA |
athraigh Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh | |
---|---|
Béarla | Bulgáiris | Danmhairgis | Eastóinis | Fionlainnis | Fraincis | Gaeilge | Gearmáinis | Gréigis | Iodáilis | Laitvis | Liotuáinis Máltais | Ollainnis | Polainnis | Portaingéilis | Rómáinis | Seicis | Slóivéinis | Slóvaicis | Spáinnis | Sualainnis | Ungáiris |
|
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil an AE |