Jacques Godbout
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
ScrÃbhneoir é Jacques Godbout a rugadh i Québec, Ceanada ar 27 Samhain, 1933. Ghnóthaigh sé céim mháistir san Université de Montréal in 1954 le tráchtas faoi Arthur Rimbaud, agus ceapadh é ina léachtóir fealsúnachta agus Fraincise in Ollscoil Addis Ababa na hÉiteoipe. D’fhill sé ar Cheanada i 1957 agus bhà sé ag obair mar scrÃbhneoir scripte le Bord Scannán Cheanada ó 1958-1960, ina stiúrthóir Fraincise (1970) agus ina léiritheoir agus ina eagarthóir. Bhà a ghairm mar fhile, úrscéalaÃ, fear aistÃ, drámadóir agus iriseoir á chur chun cinn aige an am céanna.
Bhunaigh sé an reiviú Liberté i 1958 FoilsÃodh trà leabhar filÃochta dá chuid: Carton-pâte (1956), Les Pavés secs (1958) agus C’est la chaude loi des hommes (1960). Bronnadh an duais Prix Dupau ón Académie Française air ar son a chéad úrscéil, L’aquarium (1962), an Governor General’s Literary Award i 1973 ar son Salut Galarneau! (1967).
I measc na leabhar eile a scrÃobh sé tá L’isle au dragon (1976), Les Têtes à Papineau (1981), agus Une Histoire américaine (1986) faoi chultúr Mheiriceá agus an Fhraincis i Meiriceá Thuaidh tar éis reifreann 1980. FoilsÃodh Le Temps des Galarneau (1993) agus Opération Rimbaud i 1999. Ag an am céanna bhà scannáin ficsin agus faisnéise á ndéanamh aige, ina measc Kid Sentiment (1968), IXE-13 (1971), Deux épisodes de la vie d'Hubert Aquin (1979), Comme en Californie (1983), Alias Will James (1988), Le Sort de l'Amérique (1996) agus Anne Hébert (2000).
Ghnóthaigh sé an Prix Duvernay, an prix Belgique-Canada agus Eurofipa onórach i 1997 ar son a chuid scannánaÃochta. Bhà sé ina stiúrthóir agus ina bhunaitheoir ar L’Actualité agus bhunaigh sé Cumann ScrÃbhneoirà Québec (UNEQ) (1977-1978). Tá sé ina fhoilsitheoir agus ar bhord stiúrtha Éditions du Boréal ó 1987 i leith.
Mar iriseoir, bhà ábhar dá chuid i gcló sna hirisà seo leanas:, Les Nouvelles Littéraires, Maclean's, Lettres françaises, L'Actualité, Le Jour, Cité libre, Parti pris, Vie des arts agus Le Devoir. Bhà sé ar bhunaitheoirà an ghluaiseacht Fhéinrialtais Mouvement Souveraineté-Association as ar tháinig an Parti québecois ina dhiaidh sin.
Rinneadh clasaic de chuid litrÃocht Québec de Salut Galarneau! go mear tar éis a fhoilsithe, mar gheall ar a ghreann agus a léargas géar ar scitsifréine lucht Fraincise Cheanada, a bhà ag maireachtáil ar nós na Meiriceánach, ach a dteanga agus a gcultúr féin acu i gcónaÃ. Tá cónaà air i Montréal.
Má tá alt nÃos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.