Máltais
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Máltais (Malti) | |
---|---|
Á labhairt: | i Málta, sa Ríocht Aontaithe, i Stáit Aontaithe Mheiriceá; i gCeanada, san Astráil. |
Réigiún: | san Eoraip Theas. |
Cainteoirí san Iomlán: | 600,000+ |
Rang: | |
Líne ghinealaigh: | Afráiseach Séimíteach |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | Málta |
Rialaithe ag: | Il-Kunsill Nazzjonali ta' l-Ilsien Malti (Comhairle Náisiúnta na Máltaise) |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | mt |
ISO 639-2 | mlt |
ISO/DIS 639-3 | mlt |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Is í an Mháltais an teanga a labhraíonn muintir dhúchasach Mhálta. Go bunúsach, canúint Araibise a bhí ann ó thús, agus í cosúil le canúintí Araibise Iarthuaisceart na hAfraice, ach ó tharla gur chaill an t-oileán an ceangal cultúrtha agus reiligiúnda leis an saol Arabach, chuaigh an chanúint áitiúil a bealach féin. Tháinig na mílte focal iasachta isteach ón tSicilis, ón Iodáilis agus ón mBéarla, agus chuir siad athrú cosúlachta ar an teanga go hiomlán. Inniu, tá an Mháltais chomh breac le focail iasachta is gur féidir leis an Iodálach cuid mhaith céille a bhaint aisti, siúd is nach dtuigeann sé an chuid is bunúsaí den teanga.
Is í an Mháltais an t-aon teanga dhúchasach Afráiseach amháin a labhraítear san Eoraip, agus is í an t-aon teanga Shéimíteach amháin a bhaineann úsáid as an aibítir Laidineach. Ní raibh ann, thar na céadta bliain, ach canúint labhartha, nó ba rogha leis na daoine a gcuid scríbhneoireachta a dhéanamh as Araibis, as Iodáilis nó as Béarla. Níor caighdeánaíodh í ach i dtús na fíchiú haoise. Rinneadh teanga oifigiúil di, in áit na hIodáilise, sa bhliain 1936, nuair a bhí muintir an oileáin ag éirí buartha faoi Fhaisisteachas na hIodáile. Bhí an deachtóir Benito Mussolini den bharúil gur Iodálaigh ab ea iad muintir Mhálta, agus theastaigh uathusan a thaispeáint nárbh ea in aon chor.
Tá cuid mhór de ghramadach na Máltaise bunaithe ar chóras na dtamhan tríchonsanach i gcónaí, cosúil leis an Araibis. Féach an dóigh a réimnítear an briathar úd qatel, "mharaigh sé", cuir i gcás:
qtilt = mharaigh mé
qtilt = mharaigh tú
qatel = mharaigh sé
qatlet = mharaigh sí
qtilna = mharaigh muid
qtiltu = mharaigh sibh
qatlu = mharaigh siad
Is iad an trí chonsan QTL a fhanann gan athrú, agus an phearsa á cur in iúl trí ghutaí éagsúla a shá isteach idir na consain. Tá córas cosúil leis an gceann seo ag oibriú sna teangacha Séimíteacha ar fad, ach, ar ndóigh, cuirtear réimíreanna agus iarmhíreanna difriúla leis an tamhan tríchonsanach freisin.
Ní féidir an córas seo a chuir i bhfeidhm ar na briathartha iasachta, áfach; agus mar sin, ní chuirtear ach iarmhíreanna agus réimíreanna leo. Mar sin, is féidir foirmeacha cosúil le nimmonopolizzaw = "tá muid ag monaplú" nó jiddawnlowdja = "tá sé ag íoslódáil" a fheiceáil i dtéacsaí Máltaise, ina bhfuil iarmhír agus réimír Shéimíteach curtha timpeall ar fhocal de bhunús na hIodáilise nó an Bhéarla. Bíonn iasachtaí Béarla an-choitianta inniu, cosúil le grawnd ta'l-isports = páirc lúthchleas (ó sports ground an Bhéarla).
Feictear na litreacha neamhghnácha Ċ, Ħ, agus Ż sa Mháltais. Fuaimnítear an chéad cheann acu cosúil le CH an Bhéarla, agus is ionann an dara ceann acu agus CH leathan na Gaeilge. An délitir GĦ, áfach, ní bhíonn ann ach comhartha stairiúil nach bhfuaimnítear ar aon nós, siúd is go gcuireann sí le fad an ghuta atá ag teacht roimpi. Ní fhuaimnítear an litir H ach an oiread. Is ionann Ż na Máltaise agus Z an Bhéarla, nó is mar Z na hIodáilise (= [ts] nó [dz]) a fhuaimnítear an litir Z gan phonc sa Mháltais. Is ionann, arís, X na Máltaise agus SH an Bhéarla. Maidir leis an Q, is mar phléascach glotais a fhuaimnítear é, is é sin, cosúil leis an litir T i bhfuaimniú na canúna Cockney i bhfocail ar nós "bottle" (is é sin, "bo'l").
Fuair an Mháltais stádas oifigiúil san Aontas Eorpach, nuair a bhain Málta amach ballraíocht san Aontas.
Cé gur teanga réasúnta beag í an Mháltais, tá cuid mhaith canúintí ann. An cineál Máltaise a labhraítear in Oileán Għawdex, ach go háirithe, tá sí an-difriúil leis an leagan oifigiúil den teanga, agus bíonn sí dothuigthe ag muintir Vaileite go minic. In Oileán Mhálta féin, áfach, bíonn difríochtaí suntasacha idir na canúintí, agus blas ar leith ar an gcineál Máltaise, abair, a labhraítear in Il-Kottonera.
[athraigh] Léigh freisin
- Joseph AQUILINA: Teach Yourself Maltese. Hodder & Stoughton 1994
- Albert M. CASSOLA: Maltese in Easy Stages. Progress Press, Valletta 1996 (an naoú heagrán)
- Lydia SCIRIHA: Beginning Maltese. Malta University Publishers 2004
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
athraigh Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh | |
---|---|
Béarla | Bulgáiris | Danmhairgis | Eastóinis | Fionlainnis | Fraincis | Gaeilge | Gearmáinis | Gréigis | Iodáilis | Laitvis | Liotuáinis Máltais | Ollainnis | Polainnis | Portaingéilis | Rómáinis | Seicis | Slóivéinis | Slóvaicis | Spáinnis | Sualainnis | Ungáiris |
|
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil an AE |