Albert Einstein
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fisiceoir teoriciúil ab ea é Albert Einstein (14 Márta 1879 - 18 Aibreán 1955). Áirítear ar an eolaí is tábhachtaí san 20ú céad é. D'oibrigh sé amach teoiric na coibhneasachta agus bhí lámh aige i bhforbairt na meicnice candamaí, na meicnice staitistiúla agus na cosmeolaíochta freisin. Bronnadh Duais Nobel san Fhisic air sa bhliain 1921 mar gheall ar an míniú a thug sé ar an iarmhairt fhótaileictreach agus ar a raibh déanta aige leis an bhfisic theoiriciúil a fhorbairt go ginearálta.
Rugadh Einstein in Ulm i réigiún Württemberg sa Ghearmáin sa bhliain 1879. B'iad a thuismitheoirí Hermann Einstein, innealtóir agus díoltóir leapacha, agus PaulineHermann (dioltóir leapacha) agus Pauline Koch. Giúdaigh a bhí iontu, ach mar sin féin, chuir siad an buachaill i mbunscoil Chaitliceach.
Nuair a shealbhaigh na Naitsithe an chumhacht sa Ghearmáin, b'éigean d'Einstein an tír sin a thréigean agus dul ar lorg tearmainn sna Stáit Aontaithe.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.