Oideachas
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Clár ábhair |
[athraigh] Cur i Láthair
'Sé an t-oideachas ná an léann nó scolaíocht a thugtar do dhuine, maraon leis an dtraenáil agus an múnlú a chuirtear air. Sa domhain iartharach, tá ceart ag gach duine, agus sé an gnás inniu, oideachas a fháil ó aois óg go haois idir 15 agus 18, de ghnáth 18. In Éirinn in aimsir na bPéindlíthe, bhíodh scoileanna chois claí ar bun faoin tír, mar go raibh an oiread sin coscanna i gcoinne na teangan Gaelaí agus i gcoinne an chreidimh Chaitlicigh.
San oideas foirmeálta, labhraítear ar thrí leibhéal:
[athraigh] Bunoideachas
Sa bhunoideachas, is ghnách do leanaí a bheith ann idir 5/6 blian agus 11/12 blian.
[athraigh] Meánoideachas
Leanann an meánoideachas ó aois 11-12 go haois 17 nó 20, ag brath ar an gcóras agus ar an dlí.
[athraigh] Ardoideachas
Leantar de ardoideachas in ollscoil nó coláiste. Is gnách do scoláire in ardoideachas céim bhaitseiléire nó dioplóma a bhaint amach. Leagtar cúrsa oidis 3 nó 4 bliana amach do chúrsa bhaitseiléire, ach bíonn dioplóma le fáil i gcúrsaí gairmiúla áirithe tar éis bliana go leith nó dhá bhlian. Tugtar comhchéim (Associate's Degree) tar éis chúrsaí 2 bhliana i Stáit Aontaithe Mheiriceá.