See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Ealaín - Vicipéid

Ealaín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Véineas de Milo  ar taispeántas i Músaem an Louvre, Páras na Fraince.
Véineas de Milo ar taispeántas i Músaem an Louvre, Páras na Fraince.

Oilteacht an bunbhrí a bhí le hEalaín sa Ghaeilge ach dála a comhbhríoch i dteangacha eile tá an bunbhrí seo ag leathnú an t-am ar fad agus sa lá atá inniu ann san Eoraip is ionann ealaín agus táirge ar bith de chuid na samhlaíochta a bhíonn dírithe ar an samhlaíocht féin.

Ba ghnách san Eoraip ón Renaissance anall na Míndána i.e. ealaíona na péintéireachta, na líníochta, na dealbhóireachta agus na hailtireachta a dhealú ó na hEalaíona Feidhmeacha, ealaíona a cuireadh i bhfeidhm ar earraí chun iad a mhaisiú ach bhí an cur chuige seo coimhthíoch do thraidisiúin chultúir agus sibhialtachtaí eile agus don Eoraip roimhe sin.

De réir an Choincheapúlachais, fealsúnacht ealaíne a tháinig chun cinn tar éis an Dara Chogadh Domhanda, is féidir le duine ar bith a bheith ina ealaíontóir agus is féidir le rud ar bith a bheith ina théama i saothar ealaíne. Meán chun pearsantacht, braistintí nó spiorad an ealaíontóra a léiriú a bhíonn san Ealaín de réir na teoirice seo. Is é an t-ealaíontóir téama a chuid ealaíne féin, murab ionann agus sna traidisiúin nó fealsúnachtaí ealaíne a chuaigh roimhe Is sainmhíniú ó Iarthar Domhain é seo ar ndóigh a fhágann an chuid is mó de thraidisiúin ealaíne eile an domhain amach as an áireamh. Bhí feidhm chinnte ag an Ealaín i dtraidiúin eile. Neamh agus an Domhain a nascadh le chéile an fheidhm a bhí ag an bpéintéireacht i dtraidisiún na Síne mar shampla agus níor mhór dianstaidéar agus dianmhachnamh a dhéanamh roimh thabhairt faoi.

Déantar rangú comhghnásach ar an gcineál léiriú a dhéantar i saothar ealaíne ar an gcuspa a bhíonn mar théama ann.

Nádúrachas, ina ndéantar iarracht an cuspa a léiriú mar a fheictear don súil é.

Teibíochas, ina mbíonn an cuspa léirithe ar bhealach laghdaithe nó stílithe.

Neamh-oibiachtúlachas : nuair nach mbíonn aon chuspa fhísiúil sa saothar ach iarracht chun mothúcháin a spreagadh sa bhreathnóir le dathanna agus le cruthanna, díreach mar a dhéanann an ceol.

[athraigh] Teicníochtaí Coitianta Chun Saothair Ealaíne A Dhéanamh

  • Aicrilic
  • Céireagrafadh
  • Greanadóireacht
  • Guais
  • Oladhath
  • Síodaghrafadh
  • Teampara
  • Uiscedhath

[athraigh] Cineálacha Ealaíne

[athraigh] Naisc sheachtracha


aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -