Sedna
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Réad pláinéadchosúil í Sedna nár cuireadh an chéad sonrú ann ach sa bhliain 2003. Tá Sedna níos lú ná Plútón, nó creidtear go bhfuil sí thart ar míle sé chéad ciliméadar ar trastomhas. Tá sí comhdhéanta as carraig agus leac oighir, de réir chosúlachta. Thiocfá ar a leithéid de réad i measc ghealacha Shatarn, mar sin. Ní satailít de chuid Shatarn í, áfach, ach ceann de chuid na Gréine, agus í ar an gceann is rúndiamhraí acu, dar leis na saineolaithe féin. Is í fithis Sedna is cúis le seo, chomh fadaithe agus atá sí. Nó tá an garphointe (an peirihéilean) faoi sé aonad réalteolaíoch déag agus trí scór (76 AU) den Ghrian, agus an cianphointe (an t-apaihéilean) suite naoi gcéad agus deich n-aonad réalteolaíoch is ceithre scór (990 AU) uaithi. Ní fhaca na réalteolaithe a leithéid d'fhithis fhadaithe ag aon réad go dtí seo, agus spreag an aimhrialtacht seo iad chun na teoiricí is éadóchúla a fhorbairt.
Tá Sedna ag timpeallú na Gréine idir Crios Kuiper agus Scamall Oort. Tá sí rófhada le go bhféadfá a rá gur gnáthréad de chuid Chrios Kuiper í (cosúil le Quaoar, Varuna, agus Ixion). Ón taobh eile de, níl sí chomh fada sin amuigh is go dtiocfadh leat í a aicmiú mar réad de chuid Scamall Oort. Mar sin, ó thángthas trasna ar Sedna an chéad uair, b'éigean athbhreithiúnas a thabhairt ar na seanteoiricí faoi Scamall Oort.
Is í an teoiric is spéisiúla ná gur tháinig Sedna ó ghrianchóras eile. Is é sin, nuair nach raibh an grianchóras seo againn ach nuachruthaithe, agus an Ghrian suite istigh sa réaltbhraisle inar fhorbair sí an chéad uair, bhí sí chomh gar do réalta éigin eile is go raibh Scamall Oort ag cuimilt le scamall den chineál chéanna thart ar an réalta eile sin. Mar sin, cuireadh struchtúr bunúsach an dá scamall trí chéile, agus fágadh Sedna ar a fithis i ndiaidh na teagmhála. Míníonn an teoiric seo cén fáth a bhfuil a leithéid d'fhithis ag Sedna, ach ní mhíníonn sí cén fáth a bhfuil Scamall Oort fágtha ina sheanáit. Nó shílfeá go mbeadh an Scamall féin ina phraiseach uafásach i ndiaidh a leithéid d'imeachtaí drámatúla.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.