See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Quaoar - Vicipéid

Quaoar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceann de na réadanna is mó i gCrios Kuiper é Quaoar. Tá sé míle trí chéad ciliméadar ar trastomhas, agus é ar an réad is mó dár fionnadh sa Ghrianchóras ó fuarthas amach faoi Phlútón. Tá sé ag timpeallú na Gréine ceart go leor, ach má tá, tá sé ceithre huaire agus dhá scór (!) níos faide uaithi ná an Domhan. Is beag eile is eol dúinn faoin réad rúndiamhrach seo, chomh fada amach uainn is atá sé.

Tháinig an t-ainm sin "Quaoar" as teanga na mbundúchasach i gCailifornia Theas, agus seasann sé don dia cruthaitheora ina reiligiún siúd. Creideann siad gurb é Quaoar an chéad dia a tháinig ar an bhfód i dtús ama, an dia a thosaigh ag rith damhsa agus ag rá amhrán leis na déithe eile a scairteadh chun saoil.

B'iad Michael Brown agus Chad Trujillo, agus iad ag obair in Institiúid Teicneolaíochta Chailifornia (Caltech) i bPasadena a tháinig trasna ar Quaoar thar aon duine eile. Cupla bliain ina dhiaidh sin, is é sin, i bhFeabhra na bliana 2004, a tháinig siad ar réad níos mó fós i gCrios Kuiper, is é sin, Eris.

athraigh Grianchóras
An Ghrian Mearcair Véineas An Ghealach An Domhan Phobos agus Deimos Mars Ceres Crios astaróideach Iúpatar Gealacha Galileo Satarn (pláinéad) Satarn (pláinéad) Úránas Úránas Neiptiún Neiptiún Plútón Plútón Crios Kuiper Eris Eris Eris Scamall Oort
Pláinéid: Mearcair - Véineas - an Domhan - Mars - Iúpatar - Satarn - Úránas - Neiptiún
Abhacphláinéid: Ceres - Plútón - Eris
Eile: An Ghrian - An Ghealach - Crios astaróideach - Cóiméad - Crios Kuiper - Scamall Oort


aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -