Pelé
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Pelé | ||
---|---|---|
Eolas pearsanta | ||
Dáta breithe | 23 Deireadh Fómhair, 1940 | |
Áit breithe | Três Corações, an Bhrasaíl | |
Ionaid mar imreoir | ||
1956–1974 1975–1977 1957–1971 |
Santos New York Cosmos An Bhrasaíl |
|
Iar-imreoir sacair rathúil as Três Corações, an Bhrasaíl is ea Pelé (a rugadh leis an ainm Edison Arantes do Nascimento ar an 23 Deireadh Fómhair, 1940). Feictear air mar an t-imreoir is fearr a d'imir an spórt riamh, agus tugtar an leasainm An Rí air go minic. Idir na blianta 1956 agus 1977 nuair a d'éirigh sé as an spórt, scóráil sé níos mó ná míle cúl don fhoireann Santos, agus bhuaigh sé trí Chorn Domhanda le foireann náisiúnta na Brasaíle.
[athraigh] Saol
Is é Edison Arantes do Nascimento an fíor-ainm a thug a thuismitheoirí air, in ómós Thomas Edison. Ag tús a shaoil, baintí úsaid as an leasainm Dico. Fuair sé an leasainm Pelé agus é sa mheánscoil, nuair a fhuaimigh sé ainm a laoich Bilé mí-cheart (dúirt sé Pilé in áit Bilé). Níor mhaith leis an ainm ar dtús, agus thug sé dorn (buail) don chéad duine a thug an t-ainm air. Scríobh Pelé ina dhírbheatháisnéis nach raibh smaoineamh ar bith aige fhéin nó ag a chairde faoin chiall. Tá sé cosúil leis an bhfocal Gaeilge peil, agus tá focal Eabhraiseach leis an bhfuaimniú céanna a ciallaíonn a ciallaíonn “iontas” (פֶּלֶא, mar a scríobhtear é sa teanga seo).
[athraigh] Éachtanna
Is é an t-éacht is cáiliúl a rinne Pelé ná d'aimsigh sé 1,281 cúl i 1,363 cluiche. Chomh maith le sin, tá an dara mhéid is mó cúl gnóthaithe aige i gcomórtas club, tar éis Joseph Bican. Scóráil sé 626 cúl i 669 cluiche. Scóráil sé an ceathrú méid is mó cúl i gcluichí idirnáisiúnta, tar éis Ronaldo, Gerd Muller agus Just Fontaine (77 cúl i 92 cluiche). Bhuaigh sé an duais FIFA Imreoir na Bliana dhá uair, agus Imreoir an Fhichu Aois. Fuair sé cúl i dhá chluiche ceannais sa Chorn Domhandacríochnaitheach Corainn Domhanda. Bhuaigh sé trí Chorn Domhanda sna blianta 1958, 1962 agus 1970. Sa bhliain 2005, bhronn an BBC an BBC Sports Personality of the Year Lifetime Achievement Award air.