Fíon
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is deoch meisciúil é fíon a déantar as caora finiúna agus sú na gcaor. Tá stair fhada ag an bhfíon a théann siar na blianta chuig tús na staire scríofa. Is é an t-iarmsma fíona is mó cáil atá ar fáil ón réamhstair ná crúsca fhíon as an 5ú míle roimh Chríost. Ach más é sin an déantán is sine atá fágtha againn ó thraidisiún shaothrú an fhíona, is cinnte go dtéann an cultúir sin i bhfad níos faide siar sa stair ná sin.
Bhí fíon a shaothrú san Ais, san Ioráin, sa tSeoirse agus níos déanaí, san Éigipt chomh maith, ní nach ionadh. Bhí fíon fairsing san Impireacht Rómhánach agus mar gheall ar sin, i mbeagnach gach áit san Eoraip.
Sa lá atá inniu ann, tá fíon á shaothrú i go leor tíortha ar fud an domhain. Tá clú ar tháirgí fíona thíortha na hEorpa: is iad An Fhrainc, An Spáinn, An Ghearmáin, An Ostair, An Ungair agus an Phortaingeal a shaothraíonn an chuid is mó d'fhíon na hEorpa, agus is ag an Fhrainc atá an sciar is mó den mhargadh.
Tá fíon á tháirgead i dtíortha eile ar fud na cruinne, go háirithe i gCalifornia i Meiriceá Thuaidh, sa tSile agus san Argaintín i Meiriceá Theas, agus san Astráil.