Cill (bitheolaíocht)
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is í an Chill an t-aonad struchtúrtha agus feidhmeach na n-orgánach beo ar fad. is é an t-aonad is lú de orgánach a rangaítear mar ní beo, agus tugtar bloc tógála na Beatha uirthi uaireanta. Tá roinnt orgánach, leithéidí fhormhór na mbaictéar, aoncheallach (Is í atá ann ná cill shingil). Tá orgánaigh eile, an duine Daonna mar shampla, ilcheallach. (Meastar go bhfuil 100 trilliún cill ag an duine). An chill is mó ar aimsíodh go dtí seo ná ubh na hostraise.
D'fhorbair Matthias Jakob Schleiden agus Theodor Schwann teoiric na cille in 1839, teoiric a deir gur as cill amháin nó níos mó atá gach orgánach déanta. Is ó chealla a bhí ann roimhe féin a thagann gach cill. Tarlaíonn feidhmeanna ríthábhachta orgánach taobh istigh den chill, agus tá an t-eolas oidhreachtúil riachtanach do ríalú fheidhmeanna na cille agus chun eolas a tharchuir go dtí an chead ghlúin eile cealla ar fáil i ngach aon chill. Is ón bhfocal Laidine cellula, a chiallaíonn seomra beag, a thagannn an focal cill.
Roghnaigh Robert Hooke an t-ainm cill don aonad bitheolaíoch beo is lú i leabhar a d'fhoilsigh sé in 1665 nuair a chuir sé na cealla corc a chonaic sé trína mhicreascóp i gcomparád leis na seomraí beaga ina gcónaíonn manaigh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.