Baictéar
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baictéir |
|||
---|---|---|---|
![]() Cealla descherichia coli, formhéadaithe faoi 20,000
|
|||
Aicmiú eolaíoch | |||
|
|||
|
|||
Actinobacteria Aquificae Chlamydiae Bacteroidetes/Chlorobi Chloroflexi Chrysiogenetes Cyanobacteria Deferribacteraceae Deinococcus-Thermus Dictyoglomi Fibrobacteres/Acidobacteria Firmicutes Fusobacteria Gemmatimonadetes Lentisphaerae Nitrospirae Planctomycetes Proteobacteria Spirochaetes Thermodesulfobacteria Thermomicrobia Thermotogae Verrucomicrobia |
|||
|
Is orgánaigh mhiocrascópacha, aoncheallacha iad na baictéir. Is gnách go mbíonn siad idir 1 go 20 micriméadar ar fad, agus de réir an crutha a bhíonn orthu, a aicmítear iad.
Is í an mhicribitheolaíocht an brainse den bhitheolaíocht a bhíonn ag plé leis na miocrorgánaigh (miocróib) agus tá an bhaictéireolaíocht ina chraobh nó bhrainse amháin dí. Tá na baictéir uileláithreach i gnáthóga na Cruinne, ag fás in ithir, i bhfuaráin the aigéadacha, i ndramhaíl radaighníomhach, in uisce na farraige, agus fiú i nduibheagán screamh an Domhain. Go hiondúil bíonn thart ar 40 milliún baictéir i ngram d'ithir agus milliún amháin i mhillilítear d'fhionnuisce, fágann sin go bhfuil cothrom le 5 nanai-mhilliún (5×1030) sa Domhain ar fad.
Tá ról rí-thábhachtach ag na baictéir i dtimthriall ( athchúrsáil) na gcothaitheach, agus tá fosúchán nítrigine ón atmaisféar ag braith go mór ar airí na mbaictéar. Tá beagnach deich noiread níos mó cealla baictéir i gcorp an duine ná i gcealla daonna, líon ollmhór ar an chraiceann agus ins an chonair conair ghastraistéigeach. Caithfear a rá go mbíonn na baictéir seo neamhdhíobhálach nó fiú go ndéanann an chuid is mó díobh maitheas don Duine, de thoradh ar chóras imdhíonachta an choirp, ach tarraingíonn cuid acu galair, agus is féidir cuid díobh galar ionfhabhtaíoch a thosnú. Pataiginí a thugtar ar mhiocrorgánaigh a tharraingíonn galair ionfhabhtaíocha; an calar, an gallbholgach nó an tsifilis, an t-antrasc, an lobhra , agus an phlá bhúbónach san áireamh. Is í an ionfhabhtú riospráide eitinn an galar marfach is coitianta, bíonn an eitinn scamhóige freagrach as bás dhá mhilliún duine sa bhliain, tromlach mór díobh sna réigiúin an Afraic fho-Shahárach. Úsáidtear frithbheathaigh nó antaibheathaigh, i dtíortha an chéad Domhain, le haghaidh ionfhabhtú baictéireach a mhilleadh agus i dtionscal na feirmeoireachta.
Is prócaróit iad na baictéir. Tá siad neamhchosúla le na hainmithe nó na heocaróit eile mar nach mbíonn núicléas nó orgánaid scannánchumhdaithe acu. Go dtí le deireanaí, bhí na prócaróit go léir san áireamh leis an téarma baictéar, ach tháinigh athrú ar an nós sin leis an bhfionnachtain go raibh dhá ghrúpa, a bhí fíor-dhifrúil ón a chéile, sna prócaróit a shíolraigh go neamhspléach ón a chéile ón sinsearach coiteann. Tugtar Baictéir agus Archaea ar na fearainn éabhlóide seo anois.
[athraigh] Stair na baictéareolaíochta
Ba é an t-eolaí Ísiltíreach Anton van Leeuwenhoek a chéad d'amharc ar baictéir sa bhliain 1674, agus é ag bhaint úsáide as mhicreascóp solais aon-lionsa, a thóg sé féin. Thug sé an t-ainm "animalcules" dóibh agus sheol sé an t-eolas a d'aimsigh sé i litreacha go dtí an Royal Society of London for the Improvement of Natural Knowledge. Bhí an t-eolaí Gearmánach Christian Gottfried Ehrenberg sa bhliain 1828, freagrach as an t-ainm baictéar a thabhairt orthu. Tá an focal 'baictéar; díorthaithe ó βακτήριον -α na Gréigise, agus an bhrí a bhí leis ná "maide beag".
Thaispeáin Louis Pasteur, sa bhliain 1859, gur de réir fás miocrób a tharla an próiseas coipthe. Coipeadh a bhí i gceist, ní uathghiniúnint (hprionsabal na huathghiniúna) mar a cheap daoine go dtí sin. (Is fungais iad na giostaí agus na caonaigh atá freagrach as choipeadh de gnáth, ní baictéir.) Ba é Pasteur, i bpáirt le Robert Koch, a bhí comhaimseartha leis, a chéad thacaigh leis an teoiric gur cúis galar iad na frídíní. Ba cheannródaí é an baictéireolaí leighis Gearmanach Robert Koch a d'oibrigh ar calar, eitinn agus anrasc. Bhain Koch an Duais Nobel amach i 1905, de thoradh ar a chuid taighde ar an eitinn agus an cruthúnas a thug sé do 'teoiric na bhfrídíní'. I bpostaláidí Koch, leag sé síos critéir nó triail chritéir chun a thaispeaint go raibh nó nach raibh baictéir ar leith ciontach as ghalar. Úsáidtear na critéir seo i láthair na huaire. Cé go raibh daoine ar an eolas, ón naoú aois déag ar aghaidh , go raibh ceangal idir micrea-orgánaigh agus galair éagsúla, ní raibh cóireáil éifeachtach ar bith ar fáil don phobal.
[athraigh] Bunús agus lúth-éabhlóid
[athraigh] Moirfeolaíocht
Rangaítear na baictéir de réir trí bhunchruth, cocais ( sféarach), bachaillíní (slatcruthach) agus spirilliam ( biseach).
[athraigh] Cilldéanmhas
[athraigh] Struchtúir incheallacha
Struchtúr Chill Phrócaróit
Bíonn scannán lipeapróitéine thart ar an gcíteaplasma agus feidhmíonn an scannán mar bhac leath-thréscaoilteach a choinníonn bia, próitéiní agus comhábhair riachtanacha an chíteaplasma istigh sa chill. Mar phrócaróit, ní bhíonn orgánaidí scannán-teanntaithe in a gcuid chíteaplasma agus mar sin is annamh a bhíonn strúctúir incheallach acu. Bíonn easpa chillnúicléis, miteacoindrí, clóraplaist agus orgáinidí eile acu, cé go mbíonn siad ag na heocaróit, a leithéid agus Coimpléasc Golgi nó líontán ionphlasmach.
[athraigh] Struchtúir eachtarcheallacha
Bíonn cillbhalla righin ar fhormhór na mbaictéar.
[athraigh] Meitibileacht
[athraigh] Fás agus atáirgeadh
Is trí dhéscoilteadh a ghineann na baictéir, díreach mar a dhéanann an aiméibe. Atáirgeann siad iad féin go héighnéasach den chuid is mó agus má bhíonn na tiosca oiriúnach ann déantar seo go gasta.
[athraigh] Géineolaíocht
[athraigh] Gluaiseacht
[athraigh] Aicmiú agus aithint
[athraigh] Imoibriú le horgánaigh eile
[athraigh] Suntasacht i dteicneolaíocht agus i dtionscal
[athraigh] Féach freisin
[athraigh] Tagairtí
[athraigh] Léitheoireacht sa bhreis
[athraigh] Naisc sheachtracha
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.