See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
An Libia - Vicipéid

An Libia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

الجماهيرية العربية الليبية الشعبية الإشتراكية العظمى
Al-Jamahiriyyah al-`Arabiyyah al-Libiyyah aš-Ša`biyyah al-Ištirakiyyah al-`Udhma'
Bratach An Libia Armas An Libia
Bratach Armas
Mana: -
Amhrán náisiúnta: Allahu Akbar
Suíomh An Libia
Príomhchathair Tripilí
32°54′ Thuaidh 13°11′ Thoir
An chathair is mó Tripilí
Teangacha oifigiúla Araibis
Rialtas Jamahiriya
Muammar al-Gaddafi
Baghdadi Mahmudi
Neamhspleáchas
Achar
 • In iomlán
 • Uisce (%)
 
1,759,540 km² (17ú)
-
Daonra
 • Meas. ó 2006
 • Daonáireamh 2006
 • Dlús
 
5,670,688 (218ú)
5,670,688
3.2/km² (-)
OTI (PCC)
 • In iomlán
 • An duine
Meas. ó 2006
$74.97 billiún (67ú)
$12,700 (58ú)
Airgeadra Dinar (LYD)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
(UTC+2)
(UTC+2)
Fearann Idirlín .ly
Glaochód +218

Is tír san Afraic í an Libia. Is í Tripilí an phríomhchathair. Is iar-choilíneach de chuid na hIodáile í, suite idir an Éigipt agus an Túinéis agus teorainneacha aici chomh maith leis an Nígir, an tSúdáin, agus Sead. Tír mhór í, 1,759,540 ciliméadar cearnach, agus níl cuid ar bith di faoi uisce. Aeráid Mheánmharach atá fán chósta, ach is fásach te tirim lom atá sa mhórchuid den tír. Le blianta anuas tá Tionscadal na hAbhann Móire ar bun chun uisce atá faoi thalamh sa Sahára a thabhairt go cathracha an chósta, an tionscadal uisce is mó sa domhan ach tá an fásach ag méadú i gcónaí.

I ndiaidh do mhórchumhachtaí na hEorpa ruathar a dhéanamh ar an Afraic sa naoú haois déag, agus coilíneachtaí a dhéanamh d'fhórmhór na hilchríche, ghabh an Iodáil seilbh ar an Libia i 1911. Bronnadh neamhspleáchas uirthi faoi dheireadh i mí na Nollag 1951 agus bhí rí i gceannas na tíre ar feadh tamaill go dtí gur éirigh an t-arm amach ina choinne faoin gCornal al-Qadhafi, an té atá i gceannas i Libia ó Mheán Fómhair 1969. Córas ina raibh meascán den sóisialachas agus de dhlí traidisiúnta Arabach a bhunaigh Qadhafi ina bhfuil an pobal in ainm iad féin a rialadh, ach go praiticiúil is deachtóireacht mhíleata atá sa Libia, agus thug an ceannaire tacaíocht do naimhde Iosraeil, Mheiriceá agus na Breataine ó tháinig sé i gcumhacht. Rinne sé ionsaithe chomh maith ar Sead ar mhaithe le seibh a fháil ar mhianaidh luachmhara sa tír sin, agus theastaigh uaidh tíortha Arabacha na hAfraice a aontú le chéile faoina cheannas féin. Chuir sé an-chuid armlóin ar fáil don IRA in Éirinn, mar shampla, agus ciontaíodh gníomhairí dá chuid as an ionsaí ar eitleán paisinéirí Meiriceánach os cionn Lockerbie na hAlban i 1992. D'admhaigh an Libia i 2003 go raibh iarracht á dhéanamh airm núicléacha a dhéanamh le cabhair ó eolaithe na Pacastáine, ach ó cuireadh deireadh leis an tionscnamh sin tá gaol níos fearr aici le tíortha an Iarthair.

Is ar an ola a bhraitheann eacnamaíocht na tíre go hiomlán. Tá daonra 5,765,563 aici agus é ag fás go mear.

[athraigh] Nasc seachtrach

Amharclann - Sabratha
Amharclann - Sabratha
I dteangacha eile


aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -