An Chéinia
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
|
|||||
Mana: Harambee | |||||
Amhrán náisiúnta: Ee Mungu Nguvu Yetu | |||||
Príomhchathair | Nairobi 1°16′ Theas 36°48′ Thoir |
||||
An chathair is mó | Nairobi | ||||
Teangacha oifigiúla | Svahaílis, Béarla | ||||
Rialtas
Uachtarán
Leas-Uachtarán |
Poblacht Mwai Kibaki Moody Awori |
||||
Neamhspleáchas Fógraithe Glactha leis |
ón Ríocht Aontaithe 12 Nollaig, 1963 12 Nollaig, 1964 |
||||
Achar • In iomlán • Uisce (%) |
580,367 km² (47ú) 2.3% |
||||
Daonra • Meas. ó 2005 • Daonáireamh 2007 • Dlús |
34,707,817 (34ú) 31,138,735 59/km² (140ú) |
||||
OTI (PCC) • In iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 $48.33 billiún (76ú) $1,445 (156ú) |
||||
Airgeadra | Shilling (KES ) |
||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
EAT (UTC+3) (UTC+3) |
||||
Fearann Idirlín | .ke | ||||
Glaochód | +254 |
||||
Is tír san Afraic í an Chéinia. Is í Nairobi an phríomhchathair. Is iar-choilíneach Briotanach í.
[athraigh] Stair
[athraigh] Éirí Amach Mau Mau
An faltanas a bhí ag muintir na Céinia in aghaidh na Sasanach toisc an dóigh ar roinneadh na tailte sa tír sin, tháinig sé chun solais sa bhliain 1951, agus Aontas Afraiceach na Céinia ag éileamh tuilleadh ionadaíochta do na bundúchasaigh i rialú agus i riarachán na tíre, chomh maith le athroinnt na talún. Nuair a diúltaíodh do na héilimh seo, fuair lucht an antoisceachais seilbh ar an ngluaiseacht, agus chuaigh muintir na Céinia chun cearmansaíochta ar na Sasanaigh. B'é sin Éirí Amach Mau Mau, mar a thugtar air in annálacha na staire. Ar an 17ú lá de Mhí Lúnasa 1952, cuireadh staid éigeandála i bhfeidhm ar an tír, agus tuilleadh fórsaí armtha ag teacht le heitleáin ón mBreatain Mhór in aghaidh an lae leis an éirí amach a chloí. Chuaigh na cúrsaí an oiread sin chun géaradais is go bhféadfá a rá go raibh an Chéinia ar bharr lasrach le cogadh cathartha.
Sa bhliain 1953, rinne na ceannairceoirí ródach mór ar dhílseoirí ar de threibh Kikuyu iad. Chuir an t-ár seo - sléacht Lari, mar a thugtar air - malairt chuma ar fad ar pholaitíocht an éirí amach, agus fuair na Sasanaigh ar ais cuid den dea-chlú a bhí caillte acu i rith an chogaidh. B'é an cineál straitéis a bhí ag Churchill ná an lámh láidir mhíleata a imirt gan trócaire ar na ceannairceoirí agus na héilimh a shásamh a bhí ag na hAfraicigh a chur chun tosaigh ar dtús, go dtí an diúltú a fuair siad ó rialtas Attlee. Cheap Winston Churchill an Ginearál Sior George Erskine leis an éirí amach a chur faoi chois i Nairobi, rud a rinne sé leis an oibríocht ar ar tugadh An Inneoin, sa bhliain 1954. Ina dhiaidh sin, chuathas i dtuilleamaí an Chasúir (oibríocht mhíleata eile) le deireadh a chur leis an gceannairc faoin tuath. D'ordaigh Churchill comhchainteanna síochána a chur ar bun le muintir na Céinia, ach theip ar na cainteanna seo agus eisean ina Phríomh-Aire go fóill.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.