Pórtó Rice
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oileán sa Chairib is ea Pórtó Ríce. Is Comhlathas de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá é, ó ghlac an tír sin seilbh air ag deireadh an 19ú haois. Reachtáladh reifrinn éagsúla ar stádas an oileáin, an ceann deireanach timpeall 1995, agus ba é an toradh ná gur fhan an t-oileán sa chomhlathas le SAM
Tá tuairim is 4 mhilliún duine ina gcónaí san oileán. Tá siad i dteideal dul ag obair agus socrú síos sna Stáit Aontaithe agus tairbhe a bhaint as cearta eile saoránachta. Is í San Juan príomhchathair an oileáin.
[athraigh] Tíreolaíocht
Díomaite den phríomhoileán, Oileán Phórtó Ríce, tá dornán oileán eile ann ar cuid den chomhlathas iad, is é sin, Vieques, Culebra, Mona, Desecheo, agus Caja de Muertos, chomh maith lena lán oileán níos lú ná na cinn seo. Is iad Vieques agus Culebra an t-aon dá oileán acu siúd a bhfuil cónaí ar dhaoine iontu fud fad na bliana. Tír shléibhtiúil atá ann, agus an sliabhraon is mó, La Cordillera Central nó an Raon Láir, ar an sliabhraon is mó. Tá Cerro de Punta, an sliabh is airde in Oileán Phórtó Ríce, suite sa raon seo. Tá San Juan, an phríomhchathair, ar an gcósta thuaidh.
[athraigh] Stair
Bhunaigh na Spáinnigh an chéad choilíneacht in Oileán Phórtó Ríce go luath i ndiaidh fhionnachtain an Oileáin Úir. Tháinig Colambas anseo an chéad uair sa bhliain 1493, ar an dara cuairt a thug sé ar Mheiriceá. San am sin, bhí bundúchasaigh ar an oileán a raibh teanga den fhine úd Arawak á labhairt acu, agus is é an t-ainm a bhí acu féin ar an oileán ná Boriken nó - mar a dúirt lucht labhartha na Spáinnise - Borinquén. Inniu féin, tugann na Pórtó Rícigh Borinquén ar a n-oileán i gcoimhthéacs an tírghrá, agus is é La Borinqueña, nó Amhrán Borinquén, an t-amhrán náisiúnta.