We provide Linux to the World

ON AMAZON:



https://www.amazon.com/Voice-Desert-Valerio-Stefano-ebook/dp/B0CJLZ2QY5/



https://www.amazon.it/dp/B0CT9YL557

We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
NASA - Vicipéid

NASA

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

National Aeronautics and Space Administration
(Riarachán Náisiúnta na hAerloingseoireachta is na Spásaireachta)

Ceanncheathrú: Washington, D.C., SAM
Foirmiú: 29 Iúil, 1958
Suíomh gréasáin oifigiúl: www.NASA.gov

Seasann an ceithre litir úd NASA do na focail Riarachán Náisiúnta na hAerloingseoireachta is na Spásaireachta ("National Aeronautics and Space Administration"), is é sin, údarás spáis na Stát Aontaithe. Bunaíodh an t-údarás seo thiar sa bhliain 1958, agus é freagrach as cúrsaí spásaireachta an stáit i Meiriceá. Thairis sin, déanann an t-údarás taighde fadtéarmach aerloingseoireachta, idir shibhialta agus mhíleata.

Tá an t-údarás bunaithe ar an aisling "feabhas a chur ar an mbeatha abhus, tús a chur leis an mbeatha thall, agus teacht ar bheatha ar an taobh amuigh", is é sin, obair fhónta a dhéanamh ar mhaithe leis na daoine ar an Domhan, na pláinéid eile a thabhairt chun míntíreachais agus beatha na bpláinéad eile a aimsiú, más ann dá leithéid. Is é misiún an údaráis ná "ár bpláinéad dúchais a thuiscint is a chosaint, taighde agus taiscéalaíocht a dhéanamh ar an Ollchruinne ar lorg beatha eachtardhomhanda agus inspioráid a thabhairt don chéad ghlúin eile."

Clár ábhair

[athraigh] An Spásrás

Baineadh geit as na Meiriceánaigh nuair a d'éirigh leis na Sóivéidigh an chéad satailít dhaondéanta, Sputnik a hAon, a chur ag timpeallú an Domhain, thiar sa bhliain 1957. Bhí an-eagla ar Sheanadóirí na Stát Aontaithe go mbeadh na Rúisigh ag teacht chun tosaigh ar Mheiriceá ag forbairt teicneolaíocht spáis agus roicéadtiomána. Ag an am sin, bhí rás na n-armálacha faoi lán seoil freisin, agus dlúthbhaint aige le teicneolaíocht na roicéad, ar ndóigh, ó bhí diúracáin de dhíth leis na buamaí adamhacha a iompar. Mar sin, chinn an tUachtarán Dwight D. Eisenhower agus a chuid comhairleoirí go mbeadh údarás nua rialtais de dhíth le bua a bhreith ar na Sóivéadaigh sa rás seo.

Ar an 20ú lá de Mhí Iúil, 1958, shínigh an tUachtarán Eisenhower an tAcht um Aerloingseoireacht agus Spásaireacht Náisiúnta, agus mar sin, bhí an t-údarás nua bunaithe. Go prionsabalta, bhí sé ceaptha mar údarás neamh-mhíleata. Fuair sé ocht míle duine d'fhoireann agus ceithre shaotharlann ó Choiste Comhairleach Náisiúnta na hAerloingseoireachta (National Advisory Committee for Aeronautics, NACA), a cuireadh ar bun sé bliana is dhá scór roimhe sin le taighde a dhéanamh ar chúrsaí na haerloingseoireachta. B'í an oidhreacht ba tábhachtaí ná Wernher von Braun agus a chuid oibre. Saineolaí agus innealtóir roicéad ón nGearmáin a bhí ann a chuidigh leis na roicéid V1 agus V2 a fhorbairt go gairid roimh dheireadh an Dara Cogadh Domhanda. Chuaigh sé ag obair do na Stáit Aontaithe i ndiaidh an chogaidh, agus is é an meas atá air inniu ná gurbh eisean athair na spásaireachta sna Stáit Aontaithe. Bhí von Braun ag obair d'Áisínteacht Diúracán Balaistíoch an Airm (Army Ballistic Missile Agency) roimh bhunú an údaráis spáis, agus cuireadh codanna den áisínteacht seo leis an údarás nua spáis, chomh maith le codanna de Shaotharlann Taighde an Chabhlaigh (Naval Research Laboratory).

Alan Shepard - An chéad spásaire Meiriceánach.
Alan Shepard - An chéad spásaire Meiriceánach.

Ar dtús, bhí sé go mór mór i gceist ag an údarás duine daonna a chur ag timpeallú an Domhain chomh tapaidh agus ab fhéidir, agus an tAontas Sóivéadach meáite ar an gcuspóir céanna a bhaint amach roimh na Meiriceánaigh. Thosaigh Clár Mercury sa bhliain chéanna agus a bunaíodh an t-údarás. Ní raibh i gceist le clár Mercury go fóill ach a fháil amach, an bhféadfadh duine daonna maireachtáil sa spás ar aon nós. Fuair an t-údarás spáis an-chuidiú ó Arm na Stát Aontaithe, ar nós cead úsáid a bhaint as áiseanna taighde an Aerfhórsa. Thairis sin, ba phíolótaí tástála de chuid an Aerfhórsa iad an chuid ba mhó de na spásairí. Go tipiciúil, bhí spásairí na linne sin tar éis páirt a ghlacadh i gCogadh na Cóiré mar eitleoirí troda. Bhí Aerfhórsa na Stát Aontaithe i ndiaidh an-taighde a dhéanamh ar eitleáin thurgnamhacha sna caogaidí, eitleáin a bhí ceaptha le haghaidh an strataisféir. Tháinig taithí taighde den chineál seo isteach úsáideach ag an údarás spáis, gan aon agó.

B'é Alan Shepard an chéad spásaire Meiriceánach. Ar an gcúigiú lá de Mhí Bealtaine, 1961, rinne sé eitilt cúig nóiméad déag agus é ag tiomáint spásárthaigh bhig, Freedom 7 - nó Mercury-Redstone 3. Níor bhain sé amach fithis an Domhain, áfach. B'é John Glenn an chéad spásaire Meiriceánach a chuaigh ag fithisiú an Domhain dháiríre, ina chapsúl spáis Friendship 7 (Mercury-Atlas 6). Chaith seisean cúig uair an chloig sa spás, ar an bhfichiú lá de Mhí Feabhra, 1962.

Nuair a bhí sé cruthaithe ag Clár Mercury go raibh sé indéanta ag an duine teacht slán abhaile i ndiaidh turas spáis, cromadh ar chlár ní ba substaintiúla le taighde agus tástáil a dhéanamh in oirchill an turais go dtí an Ghealach. Baisteadh Gemini ar an gclár seo, is é sin, an Cúpla, agus na spásárthaí a forbraíodh le haghaidh an chláir seo, bhí áit iontu do bheirt spásairí in áit aon duine amháin. B'iad Virgil "Gus" Grissom agus John W. Young a chuaigh an chéad mhisiún de chuid chlár Gemini - Gemini a Trí, nó "Mailí de Brún" (Molly Brown) - ar an 23ú lá de Mhí na Márta, 1965. Roimhe sin, baineadh dhá thriail as an spásárthach de chineál Gemini gan aon duine a bheith ar bhord - sin é an fáth gur tugadh Gemini a Trí air. Cuireadh naoi misiún eile den chineál chéanna i ndiaidh Mhailí de Brún, agus chruthaigh siad go raibh an duine ábalta turas fada spáis a dhéanamh go sábháilte, go raibh sé indéanta dhá spásárthach a dhugáil dhá chéile sa spás, agus go raibh an duine in ann maireachtáil faoi imthoscaí an dímheáchain.

Buzz Aldrin ag siúl ar an nGealach i rith an mhisiúin Apollo 11
Buzz Aldrin ag siúl ar an nGealach i rith an mhisiúin Apollo 11

[athraigh] Clár Apollo

Suaitheantas Chlár Apollo
Suaitheantas Chlár Apollo

Cuireadh an chéad tús le clár Apollo chomh luath leis an mbliain 1961. Ar dtús, ní raibh an clár seo ceaptha ach le taighde a dhéanamh sa spás agus le spásairí a chur ag timpeallú na Gealaí. Tháinig an tuirlingt ar an nGealach ar an gclár oibre, áfach, nuair a d'fhógair an tUachtarán Ó Cinnéide ina óráid ar an 25ú lá de Mhí Bealtaine 1961 go nglacfadh na Stáit Aontaithe an tiomantas orthu an chéad duine a chur ag siúl na Gealaí roimh an mbliain 1970. Thosaigh clár Gemini go gairid ina dhiaidh sin. Mar sin, siúd is gur thosaigh na spásairí ag dul ar misiún faoi chlár Gemini i bhfad roimh an chéad eitilt de chuid chlár Apollo, bhí Apollo tosaithe roimh Gemini mar scéim, ar dtús.

Ocht mbliana ina dhiaidh sin, bhain Apollo amach a chuspóir. Bhí deacrachtaí nár bheag ag baint leis, go háirithe an dóiteán a mharaigh triúr spásairí - Gus Grissom, Roger Chaffee, agus Ed White - ar an 27ú lá de Mhí Eanáir, 1967. Mar sin féin, chuaigh an chéad triúr spásairí - Frank Borman, James Lovell, agus William Anders - timpeall na Gealaí i ndeireadh an chéad bhliain eile ar bhord Apollo a hOcht. Ar an 20ú lá de Mhí Iúil, 1969, thuirling modúl gealaí an spásárthaigh úd Apollo a hAon Déag i Muir an Chiúnais ar an nGealach, agus na spásairí Neil Armstrong agus Edwin "Buzz" Aldrin ar bhord. Bhí an tríú fear d'fhoireann Apollo a hAon Déag, Michael Collins, ag fanacht leo sa mhodúl ceannasaíochta a bhí ag timpeallú na Gealaí. Choinnigh an saol mór cuimhne ar na focail a labhair Armstrong nuair a shiúil sé an Ghealach an chéad uair: Níl ann ach coiscéim bheag don duine aonair, ach is millteanach an léim ar aghaidh é don chine dhaonna. Thug dháréag fear ar fad cuairt ar an nGealach, ach ansin, cuireadh deireadh le clár Apollo sa bhliain 1972. Ó nach raibh Lyndon Johnson ina Uachtarán a thuilleadh, ní raibh cara sa chúirt ag an údarás níos mó. Mar sin, cuireadh Wernher von Braun ag stocaireacht i Washington le hairgead a iarraidh don spásaireacht. Bhítí ag pleanáil stáisiún seasta spáis a chur ar bun ar an bhfithis timpeall an Domhain, sin nó daoine a chur ag déanamh taighde ar Mhars, ach ó ba rud é nach raibh roicéid den chineál Saturn ná spásárthaí den chineál Apollo á dtáirgiú a thuilleadh, níor tháinig na pleananna seo i gcrann riamh.

Ar an tríú turas go dtí an Ghealach, mar atá, Apollo a Trí Déag, phléasc coimeádán ocsaigine an mhodúil soláthair. B'éigean do na spásairí - James Lovell, Jack Swigert, agus Fred Haise - innill an mhodúil thuirlingthe a úsáid le filleadh ar an Domhan. Tháinig siad sách slán abhaile, agus tharraing na himeachtaí seo súil an náisiúin ar an gclár spásaireachta arís.

Mar sin féin, tháinig deireadh leis an gclár i ndiaidh Apollo a Seacht nDéag, agus cuireadh an trí thuras eile ar ceal - is é sin, Apollo a hOcht nDéag, Apollo a Naoi nDéag, agus Apollo a Fiche, a bhí pleanáilte cheana féin. Bhí cuid mhaith treallaimh ann cheana féin le haghaidh na dturasanna seo, agus baineadh úsáid as sa bhliain 1975, nuair a cóiríodh comhthuras na spásairí Meiriceánacha agus Rúiseacha, Apollo-Soyuz.

[athraigh] Luathmhisiúin Eile

Cé gurbh iad na misiúin faoi lán foirne ba mhó a tharraing súil an tsaoil mhóir ar NASA, is iomaí misiún róbatach a chóirigh an t-údarás sna luathbhlianta féin. Sa bhliain 1962, scaoileadh an spástaiscéalaí róbatach úd Mariner a Dó chun bealaigh, agus b'é an chéad spásárthach a d'eitil thart le pláinéad eile agus a thóg grianghrafanna de - Véineas a bhí i gceist ansin. Roimh an chéad tuirlingt a rinne spásairí ar an nGealach, rinne taiscéalaithe róbatacha cosúil le Lunar Orbiter, Ranger, agus Surveyor an-obair ag bailiú eolais leis an chéad turas faoi lán foirne a ullmhú. I ndiaidh chlár Apollo, thuirling dhá thaiscéalaí róbatacha de shraith Viking ar Mhars agus iad ag tógáil grianghrafanna daite ón bpláinéad dearg. Ina dhiaidh sin, áfach, chuala an saol iomrá ar Voyager agus ar Pioneer, agus na pictiúirí a fuarthas uathu nuair a chuaigh siad thart leis na pláinéid mhóra gháis, Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún.

Nuair a bhí an rás go dtí an spás gnóthaithe ag na Meiriceánaigh, bhí idir iad féin agus na Sóivéidigh cineál trí chéile faoi cad eile ba chóir dóibh a dhéanamh maidir le cúrsaí an spáis. Chuir NASA stáisiún spáis, Skylab, ag timpeallú an Domhain, b'fhéidir mar fhreagra ar Salyut, stáisiún spáis na Rúiseach. Sa bhliain 1975, áfach, agus ré an éideannais (détente) idir na mórchumhachtaí ag sroicheadh a buaicphointe, tháinig na spásairí Meiriceánacha agus Rúiseacha le chéile thuas sa spéir, nuair a rinne Apollo a hOcht nDéag agus Soyuz a Naoi nDéag dugáil dá chéile sa spás - is é sin, ghreamaigh an dá shoitheach dá chéile, agus hosclaíodh bealach ó spásbhád amháin go dtí an ceann eile. Níor chuir an teagmháil seo deireadh leis an gCogadh Fuair go fóill, ach thionscain sí comhoibriú idirnáisiúnta spáis a chuaigh chun fairsingeachta ó sin i leith. Is é an toradh is úire don chomhoibriú seo ná an Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis, a tógadh as blocanna Rúiseacha, Meiriceánacha, Eorpacha, agus Seapánacha thart faoin mbliain 2000.

[athraigh] Ré an Spástointeálaí

Ó dheireadh na seachtóidí ar aghaidh, chuir an t-údarás an bhéim ba mhó ar an spástointeálaí. B'é an spástointeálaí an chéad spásárthach a dearadh le haghaidh athúsáide. Scaoileadh an chéad spástointeálaí, Columbia, chun bealaigh ar an dóú lá déag de Mhí Aibreáin, 1981.

Níor éirigh leis an spástointeálaí chomh maith agus a shíl lucht an údaráis ar dtús. D'iompaigh sé amach go raibh na turasanna i bhfad ní ba daoire ná mar a ceapadh ar dtús. Thairis sin, phléasc an tointeálaí úd Challenger i ndeireadh Mhí Eanáir den bhliain 1986, go díreach i ndiaidh a lainseála, agus básaíodh iomlán na foirne. Duine acu siúd a fuair bás sa phléasc, Christa McAuliffe, ba mhúinteoir scoile í a bhí earcaithe le haghaidh an turais ar mhaithe leis an gcaidreamh poiblí, agus na páistí a bhí ag coinneáil súile ar an teilifís le ceacht eolaíochta spáis a fháil ó Christa agus í ar bhord Challenger, ní fhaca siad ach an spásárthach ag dul trí thine i bhfaiteadh na súl.

An córas spásiompair, mar a thugtar ar chlár na spástointeálaithe go hoifigiúil, tháinig sé slán as an olltubaiste seo, ach is léir nár fheabhsaigh an drochscéala íomhá phoiblí an údaráis. Nuair a thosaigh an spáseitleoireacht ag éirí níos comónta, ansin, agus na tointeálaithe ag dul suas agus anuas gach dara mí, nó níos minicí fós, chaill an saol mór spéis sa spás. Thairis sin, bhí daoine taobh istigh den údarás féin ag fáil lochta ar an spástointeálaí, nó bhí siad den tuairim go raibh sé ag goid airgid ó scéimeanna eile, cosúil leis na spástaiscéalaithe gan fhoireann, a raibh níos mó úsáide iontu ó thaobh an taighde de ná i dturasanna spáis na ndaoine.

Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta (ISS) 2001
Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta (ISS) 2001

Mar sin féin, tháinig an spástointeálaí isteach úsáideach le satailítí tábhachtacha a lainseáil, cosúil le Teileascóp Spáis Hubble, HST. Níor chosain an teileascóp spáis seo ach dhá bhilliún dollar - buiséad atá réasúnta íseal i gcoimhthéacs na spásloingseoireachta - ach mar sin féin, d'iompaigh sé amach an-úsáideach ag na réalteolaithe, gan aon trácht a dhéanamh ar an spéis a chuir an saol mór ann. Tá spásteileascóp Hubble ag obair ón mbliain 1990 ar aghaidh. Tháinig cuid mhór pictiúirí iontacha ón teileascóp seo a tharraing súil an tsaoil mhóir ar an réalteolaíocht agus a chuir le suim na ndaoine inti. Tháinig NASA agus ESA - údarás spáis na hEorpa - le chéile leis an teileascóp seo a chur ag obair, agus chuidigh an scéim ceannródaíochta seo leo tuilleadh comhscéimeanna a lainseáil ina dhiaidh sin.

Sa bhliain 1995, thosaigh comhoibriú na Meiriceánach agus na Rúiseach arís, agus na spástointeálaithe Meiriceánacha ag teacht ar cuairt chuig Mir, an stáisiún spáis Rúiseach. De thoradh an chomhoibrithe seo, tháinig an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta ar an bhfód, agus na Meiriceánaigh is na Rúisigh mar phríomhpháirtnéirí á thógáil, chomh maith leis na hEorpaigh agus na Seapánaigh. I ndiaidh phléasc an spástointeálaí úd Columbia sa bhliain 2003, d'éirigh na Meiriceánaigh as an spástointeálaí a úsáid, go dtí go mbeadh a laigí faighte amach agus ceartaithe, agus chuaigh siad i dtuilleamaí spásárthaí Rúiseacha in ionad an tointeálaí, le soláthar a choinneáil leis an stáisiún spáis.

Chosain an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta na billiúin dollar, agus fuair an t-údarás deacair a mhíniú do mhuintir na Stát cén úsáid atá sa stáisiún. An cineál torthaí eolaíocha a thugann an stáisiún, ní bhíonn siad chomh sothuigthe ag Tadhg an mhargaidh agus, abair, misiún spáis go dtí an Ghealach nó go háit neamhghnách éigin eile. Inniu féin, ní féidir an oiread sin saineolaithe a chur ag obair ar an stáisiún agus mar a bhí pleanáilte.

Sna nóchaidí, b'éigean do NASA streachailt leis ar airgead a bhí ag dul i laghad, ó bhí Comhdháil na Stát Aontaithe ag gearradh siar ar bhuiséid an údaráis. Ansin, d'fhorbair Daniel S. Goldin, an naoú ceannasaí ar an údarás, cur chuige seiftiúlachta a chuir ar chumas an údaráis na costais a choinneáil thíos gan baint d'éagsúlacht na scéimeanna spáis (Scéim Discovery). Rinneadh criticeoireacht agus athmheasúnú ar an modh oibre seo, nuair a cailleadh an dá spástaiscéalaí úd Mars Climate Orbiter agus Mars Polar Lander sa bhliain 1999.

Roimh thubaiste Cholumbia sa bhliain 2003, bhí na spástointeálaithe i ndiaidh 112 thuras spáis a chur díobh go rathúil.

[athraigh] Todhchaí an Údaráis

An spástointeálaí Columbia ag lainseáil
An spástointeálaí Columbia ag lainseáil

Is é an misiún is mó a bhí i mbéal an phobail le déanaí ná an Mars Pathfinder sa bhliain 1997. Cuireadh gluaisteán cianrialaithe, an Sojourner, ag siúl ar an bpláinéad agus ag déanamh taighde agus turgnaimh eolaíocha den chineál nach ndearnadh a leithéidí riamh ar aon rinn neimhe taobh amuigh den Domhan. Chuir an saol mór an-spéis in obair an Sojourner, ach níorbh é sin an t-aon mhisiún amháin go Mars a bhí idir lámhaibh ag an údarás ag an am. Sa bhliain 1997, cuireadh an fithiseoir Mars Global Surveyor ag timpeallú Mharsa. Bhí sé ceaptha an fithiseoir seo a choinneáil ag obair go dtí an bhliain 2001, ach tá sé ag feidhmiú i gcónaí. Mar a thugann ainm an ghléis le fios, is í an tsuirbhéireacht agus an mhapáil is mó atá i gceist aige. Sa bhliain 2001, lainseáladh an misiún úd Mars Odyssey. Tá an Mars Odyssey ceaptha le haghaidh lorg an uisce agus an bholcánachais a aithint ar Mhars, ach go háirithe. Tá Mars go mór mór á thaighde ag an údarás faoi láthair, agus tuilleadh spásárthaí ag dul an bealach, go háirithe an Mars Reconnaissance Orbiter, a lainseáladh i dtús Mhí Lúnasa den bhliain 2005.

Nuair a maraíodh seisear spásairí ó Mheiriceá agus Iosraelach amháin i dtubaiste an spástointeálaí úd Columbia sa bhliain 2003, bhí todhchaí an údaráis ina ábhar comhrá, caibidle agus conspóide sa tsochaí ar fad. Ar an 14ú lá de Mhí Eanáir, 2004, deich lá i ndiaidh don ghluaisteán cianrialaithe úd Spirit tuirlingt ar Mhars, d'fhógair an tUachtarán George W. Bush plean nua le haghaidh an údaráis, agus é ag tabhairt Aisling na Spástaiscéalaíochta (Vision for Space Exploration) air. Is é an plean ná go bhfillfidh daoine ar an nGealach roimh an mbliain 2020, agus go gcuirfear urphoist nó longfoirt a chur ar bun ar an nGealach le haghaidh turgnaimh eolaíocha agus in oirchill mhisiúin na todhchaí.

Tá sé ceaptha go gcaithfear an spástointeálaí i dtraipisí go deifnideach i ndiaidh na bliana 2010, agus go dtiocfaidh spásárthach nua le foireann ina áit roimh an mbliain 2014, is é sin, an Crew Exploration Vehicle, an taiscéalaí foirne. Beidh an t-árthach sin in ann dugáil a dhéanamh leis an stáisiún spáis idirnáisiúnta agus fithis an Domhain a thréigean. Níltear róshiúráilte de, áfach, céard atá i ndán don stáisiún spáis sin féin.

[athraigh] Locht á fháil ar an Údarás

Tá locht á fháil ar an dóigh a mbíonn an t-údarás ag láimhseáil na misiún foirne, agus na seanspásárthaí á gcaitheamh i dtraipisí go héadromchroíoch beag beann ar na billiúin dollar a chosain sé iad a fhorbairt. Sin mar a tharla leis na spásárthaí Apollo, cuir i gcás, agus leis na roicéid Saturn a bhí á n-iompar. Sa bhliain 2004, d'fhógair rialtas na Stát Aontaithe go raibh an chinniúint chéanna i ndán don spástointeálaí, agus an Taiscéalaí Foirne nua le teacht ina áit. San am céanna, tá an t-údarás ag cothú maorlathas a bhfuil níos mó cinnirí agus ceannasaithe ann ná daoine atá in aon teagmháil leis an bhfíor-obair atáthar a dhéanamh.

Faoi láthair, tá an spás-stáisiún idirnáisiúnta i muinín spástointeálaithe an údaráis le haghaidh páirteanna tógála. Ón lá ar tháinig cabhlach na dtointeálaithe ar an bhfód, cailleadh dhá cheann acu i dtimpistí, sna blianta 1986 agus 2003. I ndiaidh thubaiste na bliana 1986, bhí an t-údarás in ann tointeálaí nua, Endeavour, a chur i dtoll le chéile as páirteanna breise, ach níltear ag pleanáil aon cheann eile a thógáil anois, in éiric an Columbia. Maidir leis an spás-stáisiún idirnáisiúnta, bhí sé ceaptha go mbeadh foireann seachtar fear ar bord ansin sa bhliain 2005. Níltear ábalta, faoi láthair, ach beirt a choinneáil ag obair ansin, áfach. Mar sin féin, dúirt Anatoli Perminov, stiúrthóir Roskosmos, leis na meáin go mbeadh seisear daoine foirne ag obair go seasta ar an stáisiún ón mbliain 2009 ar aghaidh. Faoi láthair, tá Rúiseach amháin agus Meiriceánach amháin ar an bhfoireann sheasta, rud a fhágann nach féidir leis na cuairteoirí Eorpacha agus Seapánacha ach seal gairid a chaitheamh thuas ansin. Cuireann an suíomh seo an-bhac leis na scéimeanna taighde atá pleanáilte le haghaidh an stáisiúin.

Ionad Spáis John F. Kennedy in Oileán Merritt, Florida.
Ionad Spáis John F. Kennedy in Oileán Merritt, Florida.
An Spástointeálaí Endeavour
An Spástointeálaí Endeavour

[athraigh] Misiúin Spáis an Údaráis

[athraigh] Misiúin le Foirne Daonna

  • Scéim Mercury
  • Scéim Gemini
  • Scéim Apollo
  • Saotharlann Spáis Skylab
  • An Spástointeálaí
  • An Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta i gcomhar leis na Rúisigh, na hEorpaigh agus na Seapánaigh
  • Tionscadal Constellation

[athraigh] Misiúin Róbatacha

[athraigh] Breathnóireacht an Domhain

  • Saitilít Taighde Uachtar an Atmaisféir
  • TIMED - Teirmisféar, Ianaisféar, Meisisféar - Fuinneamhachas agus Dinimic

[athraigh] Misiúin go dtí an Ghealach

  • Ranger
  • Surveyor
  • Lunar Orbiter
  • Clementine
  • Lunar Prospector
  • Mapálaí Mianreolaíochta na Gealaí - pleanáilte don bhliain 2007
  • Fithiseoir Taiscéalaíochta na Gealaí - pleanáilte don bhliain 2008

[athraigh] Misiúin go dtí Mearcair

  • Mariner a Deich
  • MESSENGER

[athraigh] Misiúin go Véineas

  • Mariner a Dó, a Cúig, agus a Deich
  • Pioneer Venus
  • Magellan

[athraigh] Misiúin go Mars

  • Mariner a Ceathair, a Sé, a Seacht, agus a Naoi
  • Viking a hAon agus a Dó
  • Mars Observer nó Breathnóir Mharsa
  • Mars Pathfinder nó Treoraí Mharsa
  • Mars Climate Orbiter nó Fithiseoir Aeráide Mharsa
  • Mars Polar Lander nó Tuirlingtheoir Polach Mharsa
  • Mars Global Surveyor nó Suirbhéir Uile-Phláinéadach Mharsa
  • 2001 Mars Odyssey nó Odaisé Mharsa don bhliain 2001
  • Fánaithe Taiscéalaíochta Mharsa, is é sin, na gluaisteáin róbatacha úd Spirit agus Opportunity
  • Mars Reconnaissance Orbiter nó Fithiseoir Taiscéalaíochta Mharsa
  • Phoenix Lander, Tuirlingtheoir Phoenix, agus é pleanáilte don bhliain 2007
  • Saotharlann Eolaíochta Mharsa, pleanáilte don bhliain 2008
  • Mars 2011, pleanáilte don bhliain 2011
  • Saotharlann Allamuigh na Réaltbhitheolaíochta, pleanáilte don bhliain 2016
  • Mars Return Sample Mission, in éineacht le ESA, pleanáilte do na blianta 2016-2024
Commons
Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia a bhaineann leis an ábhar seo:
Static Wikipedia 2008 (March - no images)

aa - ab - als - am - an - ang - ar - arc - as - bar - bat_smg - bi - bug - bxr - cho - co - cr - csb - cv - cy - eo - es - et - eu - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - frp - fur - fy - ga - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - jbo - jv - ka - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - ms - mt - mus - my - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nn -

Liber Liber 2023 - Authors

abati - abba - abbate - accademia_degli_intronati - accati - accetto - acerbi - adami - agabiti - agamennone - aganoor - agaraff - agostini - agraives - agresti - agrippa - alamanni - albergati_capacelli - albert - albertazzi - albertelli - alberti - alberti_leandro - alberti_tommaso - albini - albinoni - albori_della_vita_italiana - alcott - aleardi - alfa - alfieri - algarotti - ali - alighieri - alighieri_jacopo - allen - aloysius - amabile - amalteo - amari - amati - ambrogini - amidei - amodeo - andersen - anderson - andrea_da_barberino - andreis - angiolieri - angiolini - anile - anonimo - antiquarie_prospettiche_romane - antoccia - antona_traversi - antonelli - appelius - apuleius - aragona - arbib - archinti - arenskij - aretino - ariosto - aristoteles - armaroli - aroldi - arouet - arrhenius - arrieta - arrighi - arrigoni - arsinov - artom - artusi - atlante - auber - audran - auto_da_fe_in_bologna - avancini - azeglio - bacci - baccini - bacci_peleo - bach - bachi - bachi_riccardo - bachofen - bach_carl_philipp_emanuel - bach_johann_bernhard - bach_johann_ludwig - bach_wilhelm_friedemann - bacigalupo - badia_y_leblich - baffo - bakunin - balakirev - balbo - balbo_italo - baldacci - balsamo - balzac - balzani - banchieri - bandello - bandi - baratono - baratono_adelchi - barbagallo - barbaranelli - barbarani - barbarich - barberini - barbiera - barbieri - barbieri_francisco - barbusse - barella - bargiacchi - baricelli - barla - barni - barrie - barrili - bartok - bartoli - bartoli_daniello - barzini - basile - bassano - bassano_anthony - bastianelli - baudelaire - baunard - bazzero - bazzoni - becattini - beccari - beccaria - beccaria_antonella - beckford - beethoven - belgioioso - belgiojoso - bellacchi - bellani - belli - bellini - belloc_lowndes - bellone - belo - beltrame - beltramelli - bembo - benaglio - benamozegh - benco - benco_delia - benedetti - benelli - beolco - berchet - berchet_guglielmo - berg - berlioz - bernard - bernardino_da_siena - berneri - berneri_camillo - berneri_maria_luisa - berni - bersezio - bertacchi - bertacchi_cosimo - bertelli - berti - bertinetti - bertini - bertola - bertoni - bertoni_brenno - bertoni_luigi - berwald - besana - bestiario_moralizzato - betteloni - betti - bettinelli - bettoni - bevilacqua - beyle - bhagavad_gita - biagi - bianchi - bianchi_giovini - bianco - bianconi - bianconi_giovanni_lodovico - bibbia - bibbiena - biber - biffoli - binazzi - bini - biografie_e_ritratti_d_illustri_siciliani - bisciola - bisi - bizet - bizzarri - bizzozero - blackwood - blake - blanch - blanchard - blaserna - boccaccio - boccalini - boccardi - boccardo - boccherini - bocchi - bodrero - boerio - boghen_conegliani - boiardo - boieldieu - boine - boito - boito_a - bolza - bon - bonacini - bonaparte - bonarelli - bonatelli - bonaventura - bonaventura_enzo - bond - bonfadini - bonghi - bonizzi - bonola - bonomo - bonvesin_de_la_riva - bordenave - borgese - borgese_giuseppe - borghi - borghi_armando - borodin - borri - bortolotti - boschetti_alberti - boscovich - bosio - bossi - botta - bottazzi - bottero - bouchardy - bourcet - bourdet - bouvier - bovio - bovio_libero - bozzano - bozzini - bracco - brahms - brancaccio - brera - bresadola - breton - brocchi - brofferio - broglio - bronte - bronzino - bruch - bruckner - bruna - brunelli - brunetti - bruni - bruni_giuseppe - bruno - brusoni - bufardeci - buia - buonaiuti - buonarroti - buonarroti_il_giovane - buoninsegni - buozzi - burchiello - burckhardt - burke - burnaby - burroughs - burzio - buschi - busetto - busoni - butti - buxtehude - buzzanca - byrne - byron - caccianiga - cacciatore - caccini - cafiero - cagna - cagni - cajkovskij - calandra - calcagno - caldarella - calestani - calvo - calza - camillo - camis - cammarano - camoes - campana - campanella - campolonghi - campra - canestrini - canestrini_alessandro - canina - cannabich - cannizzaro - cantalupo - cantoni - cantoni_giovanni - canto_gregoriano - cantu - capasso - capefigue - capella - capocci - capparoni - capponi - capranica - caprile - capuana - carabellese - caracciolo - caracciolo_enrichetta - carafa_capecelatro - carcano - cardano - cardile - carducci - carlyle - carmina_burana - carnevali - carocci - carpenter - carrera - carroll - carubia - casadei - casanova - casas - cassini - castelli - castelli_david - castelnuovo - castelvetro - casti - castiglione - castiglioni - catalani - caterina_da_siena - cather - cattaneo - cava - cavalcanti - cavallotti - cavara - caversazzi - caviglia - cefali - celesia - cellini - celoria - cena - cenni - cennini - cerlone - cernysevskij - cerro - cervantes - cervesato - cesarotti - cesi - chabrier - chanson_de_roland - chapi - charpentier - chaucer - chausson - chelli - cherubini - cherubini_eugenio - chesterton - cheyney - chiabrera - chiara - chiarelli - chiaretti - chiarini - chiesa - chigi - chiocchetti - chiosso - chiurlo - chopin - christiansen - chueca - ciaceri - ciamician - ciampoli - cian - ciano - cicero - cicogna - cielo - cifra - cimarosa - cinelli - cipriani - cittadella - claps - clarke - clementi - club_alpino_italiano - cocchi - codemo - coffa_caruso - coglitore - colagrossi - colajanni - coleridge - collenuccio - colletta - collins - collodi - colombe - colombo_fernando - colombo_michele - colonna - colonna_vittoria - colorni - columba - cominelli - compagni - compagnia_del_mantellaccio - comparetti - confucius - contessa_lara - conti - coperario - coppi - corano - corbino - cordelia - corelli - coresio - corio - cornaro - cornelius - cornoldi - corradini - cortesi - cosmi - cossa - costa - costa_andrea - coster - couperin - crawford - crawford_morris - cremonese - crispi - croce - crocella - croce_benedetto - croce_enrico - cronica_vita_di_cola_di_rienzo - cucca - cummins - cuneo - cuoco - cuomo - curiel - curti - curti_pier_ambrogio - cusani - cyrano_de_bergerac - dadone - dall_ongaro - dalmasso - dandrieu - danti - darwin - darwin_erasmus - daudet - dauli - da_ponte - da_porto - da_verona - debay - debenedetti - debussy - deledda - delibes - delius - della_casa - della_chiesa - della_porta - della_seta - della_valle - della_valle_pietro - delpino - del_lungo - del_lungo_carlo - dering - desanctis - descalzo - descartes - descuret - despres - devienne - dewey - de_amicis - de_angelis - de_astis - de_blasio - de_boni - de_bosis - de_cesare - de_cleyre - de_filippi - de_foe - de_franchi - de_gamerra - de_giovanni - de_gubernatis - de_marchi - de_maria - de_orestis - de_paoli - de_pellegrini - de_pretto - de_quincey - de_roberto - de_rubris - de_ruggiero - de_sanctis - de_vries - diabelli - diamante - dickens - diderot - difensore_degli_ebrei - dini - dito - dittersdorf - di_blasi - di_genio - di_giacomo - di_giovanni - di_giovanni_alessio - di_grazia - di_monaco - di_san_giusto - dolce - domenichi - donati - donaver - doni - donizetti - dorso - dossi - dostoevskij - douhet - doyle - draeseke - driesch - drigo - drosso - ducati - dukas - dumas - dunant - duparc - durante - du_mage - dvorak - d_albert - d_ambra - d_ancona - d_andrea - d_annunzio - d_arzo - d_emilio - d_india - eco - economisti_del_cinque_e_seicento - eisner - electronic_frontier_foundation - elgar - elia - emanuelli - emerson - emiliani_giudici - emma - emmanuel - engels - enriques - epictetus - epicurus - erasmus_roterodamus - eredia - ermacora - errante - errera - euclides - fabbri - fabiani - fabula_de_etc - faldella - fanciullacci - fanciulli - fanfani - fantazzini - fantoni - farga - fargion - farina - farinelli - farnaby - faure - favaro - fazello - federici - fernandez_caballero - fernandez_guardia - ferrabosco_il_giovane - ferrari - ferrari_carlotta - ferrari_giuseppe - ferrari_giuseppe_1720 - ferrari_paolo - ferrari_pietro - ferrari_pio_vittorio - ferrari_severino - ferrer - ferrero - ferretti - ferri - ferrieri - ferri_dina - ferri_giustino - ferroni - ferruggia - feuerbach - fiacchi - fibich - figner - figuier - filicaia - filippi - fillak - filopanti - finella - fioravanti - fioretti_di_san_francesco - fiore_di_leggende_cantari_antichi_etc - fiorini - firenzuola - flammarion - flaubert - fletcher - flies - florenzi - florio - flotow - fogazzaro - folengo - folgore - fontana - fontanarosa - fontane - fontefrancesco - fontenelle - formichi - fornaciari - forteguerri - fortis - foscolo - fraccacreta - fracchia - france - francesco_d_assisi - franchetti - franck - franco - frari - freud - frezzi - frugoni - fucini - fugassa - funck_brentano - gabetti - gabrieli - gabrieli_giovanni - galassi - galiani - galilei - gallaccini - galleani - galleria_palatina - gallina - gallo - galuppi - gamberi - gandhi - ganot - gargiulo - garibaldi - garrone - gatti - gautier - geminiani - gentile - gentile_iginio - gerard - geremicca - gerli - german - gershwin - gervasoni - gherardi - ghersi - ghislanzoni - ghisleri - giaccani - giacometti - giacosa - giamboni - gianelli - giannone - gibbon - gibellini - gide - gigli - giglioli - gille - gilles - ginzburg - gioberti - giolitti - giordana - giordano - giornale_per_i_bambini - giostra_delle_virtu_e_dei_vizi - giovannetti - giovannitti - giovio - giraud - giraudoux - giretti - giribaldi - giuseppe_da_forio - giusta_idea - giusti - glazunov - glinka - gluck - gobetti - goethe - gogol - goldoni - goldsmith - golgi - goll - gomes - gonin - gori - gori_pietro_1854_1930 - gorkij - gossec - gothein - gounod - gozzano - gozzi - gozzi_gasparo - graf - gramsci - granados - grande - grandi - grassi - grasso - grave - gray - graziani - gregorovius - gretry - grieg - grimaldi - grimm_jakob - grippa - grossi - grossi_vincenzo - groto - guadagnoli - gualandris - gualdo - guardione - guareschi - guarini - guelfi - guerrazzi - guerrini - guglielminetti - guglielmotti - guicciardini - guidetti - guidi - guidiccioni - guidi_michelangelo - guiducci - gulli - guy - haeckel - haendel - hamsun - harding - hasse - hauptmann - hawthorne - haydn - heron - herschel - hewlett - heywood - hichens - historia_di_papa - holborne - holst - homerus - hubay - huch - hugo - hummel - humperdinck - huxley - iacopone_da_todi - iacopo_da_sanseverino - iberti - ibn_gubayr - ibn_miskawayh - ibsen - imbriani - indy - ingrassia - innocentius_papa_12 - intorcetta - invernizio - ippolita_comunita_di_scriventi - ippolitov_ivanov - issel - istoria_critica - italia - jacobsen - james - janacek - jarro - jatta - jeans - jefferson - jenna - jennings - jerome - johansson - johnson - joinville - jolanda - joplin - jovine - joyce - juvalta - kaffka - kahn - kalevala - kalidasa - kant - karr - keynes - kipling - kleist - kollo - komzak - kovalevskaja - kropotkin - labriola - ladenarda - lady_gregory - lafargue - lagerlof - lalande - lalli - lalo - lancillotti - lando - landriani - lanzalone - lao_tzu - lasca - laser - lasso - latini - lattes - lattes_dante - lavater - lawrence - lazzarelli - lazzaretti - lazzeri - la_boetie - la_fontaine - la_lumia - leetherland - leggenda_di_tristano - legouve - lehar - leibniz - leitgeb - lemery - lemonnier - lenti_boero - leonardo - leoncavallo - leoni - leopardi - leroux - lesca - lessig - lessona - lettera_a_diogneto - levati - levi - levi_adolfo - levi_giulio_augusto - lewis - libri_piu_letti - libro_della_cucina - liebig - liesegang - liguria - linati - lipparini - lippi - liszt - littre - lizio_bruno - ljadov - lleo - locatelli - lockyer - lodi - lomazzo - lombardini - lombroso - lombroso_gina - london - longo - longus_sophista - lopez - lorentz - lorenzo - lorenzoni - lori - loria - lortzing - lo_valvo - lucatelli - lucchesini - lucianus - lucini - lucretius - luigini_federico - luini - lully - luna - lupo - lusitania - luther_blissett - luzio - macaulay - maccrie - machiavelli - mackay - maes - maeterlinck - maffei - magalotti - maggi - mahler - maineri - maistre - malamani - malatesta - malinverni - malon - malpassuti - mameli - mamiani - mannarino - manni - manno - mannu - mantegazza - manucci - manzoni - marais - marcelli - marcello - marchand - marchesani - marchesa_colombi - marchetti - marchi - marconi - maresca - mariani - marinelli - marinetti - marino - mario - marrama - marselli - marsili - martello - martineau - martinelli - martinelli_vincenzo - martinetti - martini - martini_ferdinando - martoglio - martucci - marugi - marx - mascagni - masci - masi - massarani - massenet - massimi - mastriani - mastro_titta - mattei - matteucci - mattirolo - maupassant - mazzarino - mazzini - medici - medici_ferdinando_i - medici_lorenzino - mehul - meli - melville - mendelssohn - menghini - mengozzi - merlini - merlino - messa_di_requiem - messina - metastasio - meyer - meyerbeer - meyrink - micanzio - michaelis - michel - michelstaedter - mieli - milani - mill - mille_e_una_notte - milton - mioni - mirbeau - misasi - misefari - moderata_fonte - modigliani - molinari - molnar - mommsen - monchablon - mondaini - moneta - mongai - mongitore - monicelli - monnier - montanelli - montesquieu - montessori - monteverde - monteverdi - monti - monti_achille - montpensier - moore - morandi - morandi_carlo - morando - morasso - more - moresco - moretti - morra - morris - morselli - morselli_ercole - mosca - moscardelli - mosso - mozart - mozzoni - mudge - mulazzi - mule - mule_bertolo - munthe - mura - muratori - muratori_lodovico - murger - murri - musorgskij - mussolini - musumeci - muzzi - nagy - nardini - narrazione_critico_storica_etc - natale - navigazione_di_san_brandano - nazioni_unite - neera - negri - negri_ada - negri_francesco - negri_gaetano - nencioni - nerucci - nettlau - nibby - nibelunghi - niccolini - nicolai - nicolaus_cusanus - nielsen - nieri - nietzsche - nievo - nivers - nobili - nordau - nordhoff - norsa - nota - notari - notturno_napoletano - novacek - novaro - novaro_mario - novatore - novella_del_grasso_legnajuolo - novelle_cinesi - novelle_indo_americane - novelle_italiane_dalle_origini_al_cinquecento - novellino - nucera_abenavoli - nuovi_misteri_del_chiostro_napoletano_etc - offenbach - ojetti - olper_monis - omodeo - onesto - oppenheim - orestano - oriani - orsi - orsini - ortolani - pachelbel - pacini - pacioli - padoa - padula - pagani - paganini - pagliaro - pailleron - paisiello - palazzi - paleologue - palladio - pallavicini - pallavicino - palli_bartolommei - palma - palmeri - palomba - pananti - pani - pannocchieschi - panzacchi - panzini - paolieri - pareto - parini - paris - parlatore - parmeggiani - pascal - pascal_carlo - pascarella - pascoli - pasinetti - pasolini - paterno - pausanias - pavese - peano - pellico - pellizzari - penzig - pepoli - percoto - pergolesi - perlman - perodi - perrault - petrarca - petrocchi - petruccelli_della_gattina - piave - piazza - piazza_antonio - piazzi - pico_della_mirandola - pierantoni_mancini - pieri - pierne - pigafetta - pignata - pinamonti - pinchetti - pindemonte - pino - pintor - pinza - pioda - piola - pirandello - pisacane - piscel - pissilenko - pitre - piva - pizzagalli - pizzigoni - pizzigoni_giuseppina - pizzirani - planche - plato - plinius_caecilius_saecundus - podesta - podrecca - poe - poli - polidori - polidori_francesco - polimanti - poliziano - polo - polybius - pompilj - ponchielli - popper - porati - porta - pov_ray_team - pozzi - pozzi_antonia - praetorius - praga - praga_marco - prati - previati - prevost - prose_e_poesie_giapponesi - proudhon - proust - prunas - puccini - puini - pulci - purcell - purgotti - puskin - puviani - quadrio - quel_libro_nel_cammino_della_mia_vita - quevedo - rabelais - rabizzani - raccolta_di_lettere_ecc - racconti_popolari_dell_ottocento_ligure - rachmaninov - racquet - radcliffe - raffaello_sanzio - raga - ragazzoni - rajberti - rajna - ramazzini - rameau - ramusio - randi - ranieri - rapisardi - rastrelli - ravagli - ravel - razzaguta - reclus - redi - regaldi - regalia - reger - reghini - regina_di_luanto - regnani - regno_d_italia_1805_1814 - reinecke - relazione_dell_atto_della_fede_etc - renan - renier_michiel - rensi - repubblica_romana_1849 - respighi - retif_de_la_bretonne - reuze - reyer - rezzonico - ricchi - ricchieri - ricci - ricci_paterno_castello - ricci_umberto - riccoboni - righetti - righi - rignano - rilke - rimatori_siculo_toscani_del_dugento - rime_dei_memoriali_bolognesi - rimini - rimskij_korsakov - rinaldini - ringhieri - ripa - ripamonti - rizzatti - roberti - robida - rocca - roccatagliata_ceccardi - rocca_enrico - rocco - roggero - rohlfs - rolando - romagnoli - romagnoli_augusto - romani - roma_e_la_opinione_etc - romberg - romussi - roncaglia_gino - rosa - rosadi - rosa_daniele - rose - rosetti - rosi - rosmini - rosselli_carlo - rosselli_nello - rossi - rossini - rossi_emanuele - rossi_giovanni - rostand - rousseau - roussel - rovani - rovetta - rubinstejn - ruffini - ruffini_francesco - russo - russolo - ruzzante - ryner - sabatini - sabatini_rafael - sabbadini - sacchetti - sacchetti_roberto - sacchi - sacheli - sacher_masoch - saffi - saffi_antonio - saint_evremond - saint_saens - salanitro - salfi - salgari - salimbene_da_parma - sallustius - salucci - saluzzo_roero - sangiorgio - sannazaro - santucci - sanudo - sanvittore - sarasate - sardegna_regno - saredo - sarno - sarpi - satta - savarese - savasta - savinio - savio - savioli - savi_lopez - savonarola - scarfoglio - scarlatti - scarpetta - scarpetta_maria - scartabellati - schein - schiaparelli - schiavini - schicchi - schiller - schioppa - schmid - schmidt - schopenhauer - schubert - schumann - schutz - schwarz - scilla - scina - scott - scrofani - scuto - sebastian - secchi - sella - seneca - serafini - serafino_aquilano - serao - sercambi - serena - serge - sergi - serra - servi - settembrini - sfinge - sforza - shakespeare - shaw - shelley - sicilia - siciliani - sidrac - sienkiewicz - sigonio - siliprandi - silva - simpson - sinding - sismondi - skrjabin - slataper - smetana - sobrero - sobrero_mario - socci - soler - solera - solmi - solovev - sommerfeld - sonzogno - sophocles - sorbelli - spampanato - spaventa - spaventa_filippi - sperani - speroni - spinazzola - spinelli - spinoso - spinoza - spohr - spontini - stacpoole - stael - stampa - statius - stefanoni - stein - steiner - stendhal - stenhammar - steno - stephens - sterne - stevenson - stewart - stirner - stoker - storia_dei_paladini_di_francia - storia_di_fra_michele_minorita - stowe - straparola - strauss - strauss_josef - strauss_jr - strauss_richard - strenna_di_ascolti_per_il_natale - stromboli - suk - sullivan - supino - suppe - supplica_degli_stampatori_e_etc - suzzara_verdi - svendsen - svevo - swift - sylos_labini - synge - szanto - szymanowski - tagore - tanini - tanini_alighiero - tarabotti - tarchetti - targioni_tozzetti - tartaglia - tartini - tartufari - tassini - tasso - tassoni - telemann - teloni - tempio - tenca - terentius - tesoro_di_scienze_etc - tessa - testoni - tettoni - theuriet - tholozan - thomas - thoreau - thorpe - thouar - thovez - thucydides - tigri - tilgher - timmermans - timpanaro - tiraboschi - titelouze - tocco - tolstoj - tomei - tommaseo - torelli - torelli_luigi - torricelli - tosco - tosti - tozzi - traina - trebbi - treitschke - trentin - tresca - trilussa - trimmer - troya - tucci - tumiati - turco - turgenev - ubaldini - uccellini - uda - ughetti - ultimi_fatti_di_milano - unesco - unione_europea - untersteiner - urgnani - vailati - valera - valery - vallardi - valles - valletta - valli - valvason - vannicola - vanzetti - varthema - varvaro - vasari - vassallo - vaticano - venerandi - venexiana - veneziani - venier - veniero - venosta - venturi - venturini - venturi_adolfo - verdi - verdinois - verdi_de_suzzara - veresaev - verga - vergilius - verne - veronese - verri_alessandro - verri_pietro - vertua - vettori - viaggi_di_gio_da_mandavilla - viani - vico - vieuxtemps - vigoni - villa - villabianca - villani - villani_matteo - villari - villiers_de_l_isle_adam - vinci - violante - viotti - viriglio - viscnu_sarma - vismara - vitali - vita_delitti - vita_italiana_nel_cinquecento - vita_italiana_nel_rinascimento - vita_italiana_nel_risorgimento - vita_italiana_nel_seicento - vita_italiana_nel_settecento - vita_italiana_nel_trecento - vitruvius - vivaldi - vivante - vivanti - vives - viviani - viviani_raffaele - vogue_melchior_de - volin - volpi - volta - voltaire - volterra - wagenaar - wagner - waldteufel - wallace - wallace_edgar - wallace_lewis - walpole - wassermann - weber - wells - wessely - white_mario - widmann - wieniawski - wilde - wolf - wolf_ferrari - woolf - world_wide_web_consortium - wundt - wu_ming - wu_ming_1 - wu_ming_2 - wu_ming_5 - yambo - yeats - yriarte - zagarrio - zanazzo - zandonai - zanella - zanghi - zanotelli - zavattero - zena - zhuang_zi - zola - zuccoli

Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Sub-domains

CDRoms - Magnatune - Librivox - Liber Liber - Encyclopaedia Britannica - Project Gutenberg - Wikipedia 2008 - Wikipedia 2007 - Wikipedia 2006 -

Other Domains

https://www.classicistranieri.it - https://www.ebooksgratis.com - https://www.gutenbergaustralia.com - https://www.englishwikipedia.com - https://www.wikipediazim.com - https://www.wikisourcezim.com - https://www.projectgutenberg.net - https://www.projectgutenberg.es - https://www.radioascolto.com - https://www.debitoformtivo.it - https://www.wikipediaforschools.org - https://www.projectgutenbergzim.com