Buzz Aldrin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is iar-spásaire Meiriceánach é Buzz Aldrin (rugadh ar an 5 Eanáir 1930 é mar Edwin Eugene Aldrin, Jr.) a bhí ar an dara duine a shiúil dromchla na Gealaí. Rugadh i nGlen Ridge, New Jersey é.
Bhí sé ar an misiún spás úd Apollo 11 a rinne tuirlingt i Muir na Sáimhe ar an 20 Iúil, 1969, agus in éineacht lena chomhspásaire, Neil Armstrong, chaith sé dhá uair an chloig go leith ar dhromchla na Gealaí ag déanamh taiscéalaíochta. D'fhan an tríú spásaire, Michael Collins ag fithisiú na Gealaí sa Mhodúl Ceannasaíochta le linn chuairt na beirte eile ar ár satailít.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.