Mafia
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é an rud atá i gceist le Mafia, nó, mar a thugtar air as Iodáilis freisin, La Cosa Nostra ("an gnó seo againn"), ná rúnchumann coiriúil a rinne a chéad fhorbairt in oileán na Sicile sa naoú haois déag, agus é fite fuaite le rialtas áitiúil an réigiúin inniu. De dheasca na himirce móire ón Iodáil go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá, bunaíodh craobh eile de Mhafia i gCósta Thoir na Stát Aontaithe, nuair a bhí an naoú haois déag ag druidim chun deireanais.
Go hiondúil, tugtar "mafia" ar dhronga coiriúla de gach sórt i ngnáthchaint an lae inniu. Ní hionann Mafia agus dornán de pheasghadaithe suaracha sráide, áfach. Deir an t-iriseoir Sualannach Maud Webster, agus í i ndiaidh an-taighde a dhéanamh ar Mhafia, gurb é an phríomhdhifríocht idir Mafia agus gnáthchoiriúlacht ná an dóigh a mbíonn Mafia ag teacht i dtír, mar chineál seadán nó paraisít, ar ghnáthshaol dlíthiúil na sochaí - ar orgáin an rialtais áitiúil, cuir i gcás, nó ar an saol gnó.
Ní féidir a rá gur brainsí den eagraíocht chéanna iad an dá Mhafia seo, áfach. I Meiriceá, tá Mafia sásta coirpeoirí ó Napoli agus áiteanna eile san Iodáil a fháiltiú mar earcaigh. San Iodáil féin, áfach, tá Mafia teoranta don tSicil i gcónaí. Tá rúnchumainn choiriúla den chineál chéanna ar fáil i réigiúin eile na tíre, ach ní hionann iad agus Mafia mar eagraíochtaí.
Is dócha gur focal Araibise é ainm na heagraíochta féin. I gcanúint na Sicile, atá chomh difriúil leis an Iodáilis is gur féidir a rá gur teanga ar leith í, ciallaíonn mafia bród agus áilleacht. Is é an dóigh a mínítear an comhcheangal smaointe seo ná gur duine é an mafioso - an coirpeoir atá ina bhall den eagraíocht - a bhfuil iompar bródúil le haithint air, agus an dúrud á shíleadh aige de féin.
Thosaigh údaráis na hIodáile ag trácht ar Mhafia mar eagraíocht ar leith sna 1860idí. Tá míchlú Mhafia sna Stáit Aontaithe ag baint le tréimhse i bhfad níos deireanaí. Dealraíonn sé gur shroich cumhacht Mhafia i gcúrsaí na Stát Aontaithe a buaicphointe sna caogaidí. Ina dhiaidh sin, áfach, chúngaigh fiosruithe an FBI ar an eagraíocht, go háirithe sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Mar sin féin, maireann an focal féin i mbéal an phobail sna Stáit Aontaithe, agus tábhacht nach beag le Mafia i saol coiriúil Mheiriceá i gcónaí, go háirithe i Siceagó agus i gCathair Nua-Eabhraic.
Clár ábhair |
[athraigh] Mafia san Iodáil
Tháinig Mafia ar an bhfód sa tSicil thart ar lár na naoú haoise déag, i dtréimhse an Risorgimento. Bhí an fhorbairt seo ag baint leis an dóigh ar spreag an Risorgimento - aontú na hIodáile - fás na tionsclaíochta agus na heacnamaíochta. B'é Iarthar na Sicile an chuid den oileán ba mhó a bhain le Mafia riamh, agus ós rud é gurbh í Cathair Palermo lárionad na heacnamaíochta is na tráchtála san oileán, rinneadh príomhchathair Mhafia di, chomh maith.
Is iad na torthaí - na horáistí agus na liomóidí - príomh-onnmhuire na Sicile. Mar sin, theastaigh ó na plandóirí lámh láidir a chur ar a lucht oibre uaireanta, le hiad a choinneáil faoi smacht. B'é Mafia a chuidigh leosan an phá a choinneáil íseal. Ina éiric sin, chabhraigh na plandóirí is na tiarnaí talún le Mafia gnóthaí coiriúla eile a chur ar bun beag beann ar na póilíní. Bhí Mafia faoi choimirce pholaitiúil na n-uasal is na n-úinéirí móra talún, mar sin, agus cuid mhór de na coimirceoirí seo féin sásta dul san eagraíocht mar bhaill mhóidithe. Go prionsabalta, is é pósadh seo na polaitíochta agus na coiriúlachta is cúis le Mafia bheith chomh dainséarach is atá sé.
Nuair a bhain Benito Mussolini amach an deachtóireacht san Iodáil, d'fhéach sé le Mafia a scrios le lámh láidir. Bhronn sé cumhachtaí neamhghnácha ar cheann feadhna na bpóilíní i bPalermo, Cesare Mori, le Mafia a chur de dhroim an tsaoil. Is díol conspóide í an obair a rinne Mori leis an gcuspóir seo a chur i gcrích. Deir cuid de na staraithe gur fear idéalach ionraic a bhí ann agus é ag déanamh a dhichill leis an gcoiriúlacht eagraithe a chloí san oileán. Ón taobh eile de, cuirtear ina leith nach raibh i gceist aige riamh ach cur i gcéill agus bolscaireacht, agus nár ghabh sé aon bhoc mór de chuid Mhafia riamh. Dealraíonn sé, tríd is tríd, go ndearna sé iarracht fhónta le Mafia a chur faoi chois, ach ós rud é gur Faisisteach a bhí ann, rinne sé a bheag de chearta na ndaoine éigiontacha agus é ag troid na gcoirpeoirí. Is dócha gur chothaigh an mhursantacht sin diúnas agus gangaid i measc na ndaoine. Thar aon rud eile, más fíor go raibh Mori chomh mór ar nós cuma liom i leith an dlí agus Mafia féin, is éadócha go raibh muintir na Sicile puinn níos fonnmhaire chun a saol a chaitheamh de réir na ndlíthe i ndiaidh a fheachtais agus a bhí siad roimhe sin.
Nuair a chuaigh na Meiriceánaigh agus na Sasanaigh i dtír sa tSicil sa bhliain 1943, bhí Siciligh de dhíth orthu le teanga agus treoir a dhéanamh dóibh. Chuaigh na Meiriceánaigh i muinín a gcuid inimirceánach ón tSicil, a bhí insíothlaithe ag Mafia. Mar sin, d'fhág siad cead a gcos ag fir cosúil le Lucky Luciano, a bhí sa phríosún roimhe sin, le go gcabhródh sé leis na díormaí leaindeála sa tSicil. Réitigh Luciano an bóthar do na trúpaí le cuidiú a chuid "cairde" i measc lucht Mhafia sa tSicil féin.
I ndiaidh do na Comhghuaillithe an cath a bhriseadh ar na Naitsithe, thosaigh an Cogadh Fuar. Bhí dearcadh frith-Chumannach ag Mafia ar chúiseanna cumhachta: bhí an Páirtí Cumannach réasúnta láidir i nDeisceart dealbh dearóil na hIodáile, agus Mafia go tréan in aghaidh aon eagraíocht eile a bheadh in ann na sluaite móra a mhealladh chuici sa tSicil. Mar sin, tá siad ann a deir go raibh na Meiriceánaigh sásta dul i dtuilleamaí Mhafia le hiarsmaí an Chumannachais a ghlanadh as rialtas iar-chogaidh na hIodáile agus as na ceardchumainn i dtionsclaíocht loingseoireachta na Stát Aontaithe.
I ndiaidh an chogaidh, ruaigeadh Lucky Luciano as na Stáit Aontaithe go dtí an Iodáil. Is ar éigean is féidir a rá gur pionós a bhí ann, ó bhí Luciano in ann impireacht nua coiriúlachta a thógáil anois. D'éirigh leis dul i gcomhghuaillíocht leis na coirpeoirí sa Chorsaic agus trádbhealach mór drugaí a chur ar bun tríd an gCorsaic agus trí Chathair Marseilles. I dtús báire, thagadh an héaróin ón Tuirc, agus ina dhiaidh sin, nuair a bhreabhsaigh póilíní na Tuirce suas, ghlac Luciano buntáiste ar an bpraiseach idirnáisiúnta le linn Chogadh Vítneam le foinsí nua óipiam a oscailt sa Triantán Órga.
Bhí Mafia cloíte ag Mussolini, ach d'éirigh sé cumhachtach san Iodáil arís le teacht na Meiriceánach. Sna hochtóidí agus sna nóchaidí, áfach, d'éirigh an oiread sin mionchogaí idir na "teaghlaigh" éagsúla de chuid Mhafia agus gur lagaíodh Mafia go mór mór. De thoradh na faicseanaíochta seo, tá glúin óg Mhafia inniu ag iarraidh príomhbhéim an ghnó a athrú ón dúmhálaíocht gharbh agus ón dúnmharfóireacht lom i dtreo chamghnóthaí na veiste báine. Sin é an fáth go bhfuil nuachtáin na hIodáile ag tagairt do "La Cosa Nuova" ("an gnó nua") inniu, mar mhalairt ar "La Cosa Nostra".
Ritheann an scoilt is tábhachtaí idir iad siúd atá i dtóin phríosúin, cosúil le Toto Riina agus Leoluca Bagarella, a bhí ina "cheann urra ar na cinn urra go léir" (capo di tutti capi) ar Mhafia sna blianta 1993-1995, agus iad siúd, cosúil le Bernardo Provenzano, nár éirigh leis na húdaráis a ghabháil roimh an mbliain 2006. De réir mar a éilíonn an dlí Iodálach úd 41 bis, cuirtear an-srianta le haon chaidreamh a bhíonn ag na príosúnaigh leis an saol mór amuigh. Duine de lucht iontaobhais Phrovenzano, arb ainm dó Antonio Giuffrè, d'iompaigh sé ina phentito, is é sin, ina bhrathadóir, nuair a cimíodh é sa bhliain 2002. Deir Giuffrè anois go raibh dlúthchaidreamh ag lucht Mhafia le Silvio Berlusconi thiar sa bhliain 1993, nuair a bhí Forza Italia sna fonsaí tógála ag Berlusconi, agus gur gheall Berlusconi an dlí sin "41 bis" agus dlíthe eile a bhí reachtaithe le Mafia a throid - gur gheall sé na dlíthe sin a chur ar ceal in éiric na tacaíochta a gheobhadh sé ó Mhafia. Is é éirim an scéil go bhfuil Mafia den bharúil gur lig Berlusconi síos iad mar chairde, ó nár chuir sé an dlí áirithe sin ar ceal.
[athraigh] Daoine tábhachtacha de chuid Mhafia san Iodáil
- Salvatore Riina, nó "Totò". Bhí sé ina ardcheannasaí ar theaghlach Corleonesi agus ar Mhafia ar fud na Sicile go dtí gur cimíodh é. Tháinig Provenzano i gcomharbas air.
- Tommaso Buscetta. B'eisean an chéad bhoc mór de chuid Mhafia sa tSicil a d'iompaigh ina bhrathadóir sna seachtóidí. Baineadh an-úsáid as a chuid fianaise le linn na dtrialacha móra ar a dtugtar trialacha "Maxi".
- Bernardo Provenzano. Bhí sé i gceannas ar Mhafia ar fud na Sicile go dtí le gairid, agus é ar a theitheadh ó lámh an dlí le breis is dhá scór bliain. Rug na póilíní air i Mí an Mheithimh, 2006.
- Giovanni Brusca. Duine de na dúnmharfóirí is cruálaí de chuid Mhafia. B'é Brusca a mharaigh an laoch breithimh úd Giovanni Falcone. Thairis sin, d'fhuadaigh sé buachaill deich mbliana d'aois agus chaith sé conablach bliana ag céasadh an ghasúir lena bhrú ar a athair gan comhoibriú leis na póilíní a thuilleadh. Nó bhí an t-athair, fear de chuid Mhafia, iompaithe ina bhrathadóir. Sa deireadh, thacht Brusca an páiste agus chaith sé in umar aigéid é leis an gcorpán a chur as aithne. An íde a thug Brusca don ghasúr, áfach, chuaigh sí in aghaidh an chuspóra. Nó spreagadh roinnt mafiosi chun iompó ina mbrathadóirí iad féin, agus an scanrú a bhain an choir áirithe seo astu.
[athraigh] Rúnchumainn Choiriúla Eile san Iodáil
Tá Mafia sa tSicil roinnte ina "chlanna" nó ina "theaghlaigh" - cosca an focal Sicilise (cosche an foirm iolra). Tá eagraíochtaí cosúla ag obair i réigiúin eile na hIodáile, cosúil le Ndrangheta i gcúige Calabria, La Sacra Corona Unita i gcúige Puglia, Camorra i gcathair Napoli agus Mala del Brenta i Venezia. Bíonn na rúnchumainn seo ag comhoibriú agus ag déanamh trádála le chéile ó am go ham, ach is eagraíochtaí difriúla iad, agus iad neamhspleách ar a chéile.
[athraigh] Mafia sna Stáit Aontaithe
Chuir Mafia an chéad chos i dteannta i dtimpeallacht Nua-Eabhraic, agus é ag déanamh a fhairsingiú de réir a chéile ón mionchoirpeoireacht chúlsráide go dtí an gnó idirnáisiúnta. Tháinig cúig theaghlach chun tosaigh ar na cinn eile, agus gach ceann acu ainmnithe as duine de na boic mhóra a bhí thuas i dtús an scéil: Teaghlach Bonanno, Teaghlach Colombo, Teaghlach Gambino, Teaghlach Genovese agus Teaghlach Lucchese.
Bhí gach teaghlach á rialú ag an don - ag an taoiseach - agus é dealaithe ó ghnáthobair choiriúil a chuid "saighdiúirí" le céimeanna idirmheánacha údaráis. Creidtear go coitianta go raibh an consigliere - focal Iodáilise a chiallaíonn "comhairleoir" - mar phríomhchúntóir agus fear comhairle ag an don, ach dealraíonn sé go bhfuil sé níos cóngaraí don fhírinne gur sórt idirghabhálaí nó fear eadraiscíne a bhí sa chonsigliere agus é ag tabhairt chun síochána cibé diospóireacht a éiríonn idir baill den teaghlach chéanna. Bhí a leithéid de rud agus underboss nó fo-thaoiseach ann freisin. Maidir leis na gnáthchoirpeoirí a bhíodh ag déanamh na gcoireanna, thugtaí "saighdiúirí" orthu, agus iad innealta ina reisimintí (regime).
Bhí caporegime i gceannas ar gach reisimint, agus é ag fáil a chuid orduithe díreach ón mbas nó ón taoiseach. Nuair a chinn an taoiseach ar chomhairle éigin, ní labhródh sé riamh go díreach leis na saighdiúirí. Ina áit sin, thabharfadh sé an t-ordú don chaporegime, agus eisean ag labhairt leis na gnáthshaighdiúirí ansin. Bhí an slabhra ceannasaíochta mar sciath láidir chosanta ag an taoiseach ar an dlí, nó siúd is go mbéarfadh na póilíní ar na saighdiúirí, ní fhéadfaí an bas féin a chiontú.
Chaithfeadh gach ball nua den eagraíocht an mhóid a thabhairt de réir na sean-deasghnátha a d'fhorbair sa tSicil sa naoú haois déag. An t-iarrthóir a bhí leis an mballraíocht iomlán a bhaint amach dó féin, sheolfaí isteach chuig an taoiseach é, agus na fo-thaoisigh láithreach san áit. Ansin, phriocfadh duine den lucht ceannais leathlámh an iarrthóra le braon beag fola a bhaint aisti. Chaithfeadh an t-iarrthóir an fhuil seo a dhoirteadh ar naomhphictiúr, agus nuair a ghlacfadh sé dualgaisí na móide air, dhófaí an naomhphictiúr agus chaithfí luaith an phictiúir sna ceithre hairde, mar shiombaile ar an dóigh a ndíothófaí an fealltóir.
An mafioso a bhí tar éis an mhóid a mhionnú mar seo, thabharfaí uomo d'onore - "fear onórach" - air as Iodáilis. Made man an téarma Béarla a chloisfeá sna Stáit Aontaithe. Ní fhéadfadh aon duine dochar a dhéanamh d'fhear onórach gan díoltas an teaghlaigh go léir a tharraingt air féin. Má bhí fear onórach le cur chun báis, chaithfeadh an don a fhaomhadh a thabhairt don bhású seo roimh ré. Dá maródh ball de theaghlach amháin uomo d'onore de chuid teaghlach eile, bhainfeadh an chéad teaghlach sásamh an fhir mhairbh as an dara teaghlach trí chupla fear dá gcuidsean a mharú. D'fhéadfadh sé go n-éireodh ina chogadh dearg idir an dá theaghlach de dheasca a leithéide.
[athraigh] An Dlí agus Mafia
San Iodáil, is gnách le Mafia póilíní, breithiúna agus ionchúisitheoirí a mharú le misneach a bhaint de lucht coimeádta na síochána poiblí. Ní hionann sin agus cás Mhafia i Meiriceá, áfach. Ba leasc le lucht Mhafia sna Stáit Aontaithe na seantithe a tharraingt anuas orthu féin ar an dóigh sin. An drongadóir Dutch Schultz sna Stáit, mar shampla, lámhach a chuid cairde é, de réir dealraimh, nuair a bhí sé ag maíomh go raibh sé meáite ar Thomas Dewey, ionchúisitheoir poiblí Chathair Nua-Eabhraic, a mharú.
Sna seachtóidí agus sna hochtóidí, thosaigh ag maolú ar ghníomhaíocht Mhafia sna Stáit Aontaithe. Dlíthe nua cosúil le hAcht RICO ba chúis leis seo, nó bhí sé leagtha amach sna dlíthe seo téarma príosúin a ghearradh do dhaoine toisc iad a bheith ina mbaill d'eagraíochtaí coiriúla, gan aon chúis phionóis eile. Thairis sin, tháinig scéim chosanta na bhfinnéithe ar an bhfód faoin am seo, agus, sa bhreis air sin fós, bhí pobal Iodálach na Stát Aontaithe ag imeacht go tiubh téirimeach. Is é sin, bhí an pobal ar fad á leá i slige na náisiún. Nó bhí na daoine óga ag socrú cleamhnaisí measctha le buachaillí agus cailíní de chuid na bpobal eitneach eile, agus na seandaoine, an ghlúin ba mhó Iodálachais, ag fágáil slán agus beannacht ag gleann seo na ndeor. Ós rud é go raibh an Iodáil féin athraithe, agus sruth na himirce go Meiriceá ag trá is ag triomú, ní raibh an pobal á athnuachan a thuilleadh.
I lár na fichiú haoise, bhí sé de mhíchlú ar ghluaiseacht na gceardchumann sna Stáit Aontaithe, go háirithe ar cheardchumann na n-oibrithe iompair - na Teamsters, mar a thugtaí orthu - iad a bheith ag spallaíocht le Mafia ar dhóigh éigin. Chuaigh ceal i Jimmy Hoffa, cathaoirleach cheardchumann na n-oibrithe iompair, agus creidtear gurbh iad lucht Mhafia a mharaigh é. Sna hochtóidí, áfach, chrom rialtas na Stát Aontaithe ar fheachtas cuimsitheach le Mafia a ruaigeadh as na ceardchumainn, agus is é an chuma atá ar an scéal gur éirigh leis an bhfeachtas seo.
Níl sé as cosán a rá go bhfuil údaráis dhlíthiúla na hIodáile ag fáil an chinn is fearr ar Mhafia inniu leis na dlíthe nua diana agus leis an dóigh a bhfuil omertà, nó dlí neamhscríofa an chiúnais, ag géilleadh slí don ollbhrathadóireacht. Is iomaí duine de chuid Mhafia a bhí sásta iompú ina phentito, is é sin, ina ollbhrathadóir, agus é ag tabhairt faisnéise agus fianaise uaidh, ar acht go maolófar ar bhreith na cúirte. Tá mafiosi an lae inniu ag éirí as an ngunnadóireacht agus ag cur na veistí bána orthu féin. Tá an chúigleáil agus an claonchasadh ag teacht in ionad an dúmhála agus an dúnmharaithe. Mar sin, is iad na coireanna eacnamaíochta is mó a bhíonn idir lámhaibh ag na póilíní inniu, agus iad ag fiosrú coireanna de chuid Mhafia.
[athraigh] Struchtúr Ceannasaíochta Mhafia
Is gnách a shíleadh gurb é capo di tutti capi nó ceann urra na gceann urra go léir a bhíonn os cionn ghníomhaíocht Mhafia go léir, ach is é an breithiúnas atá ag Maud Webster, an t-iriseoir Sualannach, ná go bhfuil an deachtóireacht seo i ndiaidh áit a ghéilleadh do choiste comhcheannasaíochta ar a dtugtar cupola, a fhad is atá an Iodáil i gceist. Na fir atá ina mbaill den choiste seo, tugtar capimandamento (foirm uatha: capomandamento) orthu. Tá gach capomandamento ina cheannasaí ar mhandamento, nó eagraíocht chomhoibrithe trí "theaghlach" (famiglia). Is é ceann urra an teaghlaigh (capofamiglia nó capomafia) an "cara Chríost", mar a thug Mario Puzo agus Francis Ford Coppola air. Tá an comhairleoir nó consigliere mar iontaobhaí aige, mar a chonaic muid thuas cheana, agus na capidecina (is ionann iadsan agus na capiregime sna Stáit) go díreach os cionn na "saighdiúirí" (soldati, picciotti). Is iad na saighdiúirí a bhíonn i mbun na gcoireanna féin, ach is minic a théann siad i muinín lucht cúntóireachta nó idirghabhála nach bhfuil móidí Mhafia tugtha acu ar aon nós.
[athraigh] Coincheapanna Tábhachtacha
- amicizia - cairdeas. Ní hionann é cairdeas Mhafia agus cairdeas na ngnáthdhaoine. An duine atá ina "chara" ag Mafia (is gnách amico degli Amici, cara de chuid na gCarad a thabhairt ar a leithéid), tá sé i dteideal cabhrach agus cuidithe ó Mhafia, ach má tá, caithfidh sé féin a bheith chomh garach céanna le Mafia.
- Camorra - an eagraíocht choiriúil a bhí ag rith damhsa i Napoli agus i gcúige Campania go háirithe sa naoú haois déag. D'éirigh leis na húdaráis i ndiaidh an Risorgimento Camorra a chloí i bhfad níos fearr ná Mafia, agus d'éalaigh an chuid ba mhó de lucht Camorra go Meiriceá, áit a ndeachaigh siad le Mafia. Nuair a bhí Camorra ina neart, bhí sí ag plé le foghail mhara freisin, rud nach samhlófá le Mafia ach ar éigean.
- capo di tutti capi - ceann urra na gceann urra ar fad, an duine is airde ceannasaíochta in eagraíocht Mhafia. Tá níos mó tábhachta agus cumhachta ag baint leis an gcéim seo i Meiriceá ná san Iodáil. Cuireann na hIodálaigh níos mó béime ar chomhcheannasaíocht an choiste "Cupola", agus níl i gceist le capo di tutti capi ansin ach cathaoirleach an choiste.
- capofamiglia, capomafia - an "cara Chríost" nó an taoiseach atá i gceannas ar aon teaghlach (famiglia) amháin.
- combinazione - deasghnátha mionnaithe na móide le ball nua a ghlacadh isteach i Mafia.
- consigliere - comhairleoir, cúntóir nó iontaobhaí an taoisigh.
- cupola - coiste ceannasaíochta Mhafia san Iodáil.
- famiglia - "teaghlach" de chuid Mhafia. I Meiriceá is mó a úsáidtear an téarma seo, nó is é cosca a thugtar ar a leithéid de "theaghlach" sa tSicil. Níl sé riachtanach go mbeadh gaol ag baill an famiglia le chéile.
- La Cosa Nostra - "an gnó seo againne", Mafia nó gnóthaí laethúla Mhafia.
- La Cosa Nuova - an téarma a úsáidtear i nuachtáin na hIodáile le tagairt don athrú a tháinig ar Mhafia, agus an eagraíocht ag plé le coirpeoireacht eacnamúil inniu, níos mó ná le robáil agus le dúmhál.
- mafia - an bród, an áilleacht, an chúis mhaíte. Focal an-mholtach ab ea é mafia i gcanúint na Sicile riamh. Ar dtús, d'fhéadfaí mafiosa a thabhairt ar bhean a raibh idir dhathúlacht agus mhórtas cine ag roinnt léi.
- mammasantissima - an Mháthair Rónaofa. Seo ainm a thugann na mafiosi go minic ar cheann urra an teaghlaigh nó ar an eagraíocht go léir, le béim a chur ar an gcoimirce agus ar an gcosaint a dhlítear don mhafioso aonair óna "theaghlach", a fhad is nach mbrisfidh sé féin na dlíthe neamhscríofa.
- mandamento - eagraíocht chúigiúil nó áitiúil de chuid Mhafia, agus í comhdhéanta as trí famiglia.
- Ndrangheta - an eagraíocht rúnda atá ag na coirpeoirí i gcúige Calabria. Is minic a chuirtear i gcomparáid le Mafia í, ach tá sí i bhfad níos primitíbhí, agus béim a gníomhaíochta ar shaol na tuaithe i gCalabria. Bíonn comhoibriú ócáidiúil á dhéanamh ag Ndrangheta le Mafia ó am go ham, ach ní fo-eagraíocht de Mhafia í Ndrangheta ar aon nós. Tá struchtúr Ndrangheta bunaithe ar "theaghlaigh" i gciall liteartha an fhocail. Mar sin, is féidir a rá gurb ionann Ndrangheta agus "prótastaid" neamhfhorbartha Mhafia. Is dócha go raibh an chuma is an bhail chéanna ar Mhafia céad bliain ó shin agus atá ar Ndrangheta inniu.
Focal Gréigise é an focal sin féin ndrangheta ó thús, agus canúint Ghréigise á labhairt i gcuid mhaith de shráidbhailte an chúige i gcónaí. Ciallaíonn sé "gaisce" nó "crógacht", agus is é an bunbhrí a bhí leis an bhfocal Gréigise ná "fearúlacht".
- omertà - prionsabal an chiúnais. Ós rud é nach bhfuil sé onórach a bheith ag spalpadh bréag, is fearr leis na mafiosi fanacht ina dtost faoina bhfuil idir lámhaibh ag Mafia.