Kemal Atatürk
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
B'é Gazi Mustafa Kemal Atatürk (1881- 10 Samhain 1938) a bhunaigh poblacht nua-aoiseach na Tuirce. Fuair sé oiliúint an tsaighdiúra is an oifigigh, agus throid sé sa Chéad Chogadh Domhanda in aghaidh na Sasanach. Nuair a thit an tóin as an nGearmáin i ndeireadh an chogaidh, fuair sé a sheans agus chuaigh sé i gceannas ar arm mór in oirthear na Tuirce. Chuir sé cogadh ar na Sasanaigh, na Francaigh, na Gréagaigh agus na hIodálaigh, agus d'éirigh leis sa deireadh díormaí armtha na gcumhachtaí coimhthíocha a ruaigeadh as an tír. Ansin, rinne sé poblacht den Tuirc. B'iad an náisiúnachas agus an tsaoltacht na clocha ba mhó ar a phaidrín, agus chuir sé in aghaidh na gcléireach Muslamach le lámh láidir chun an tsaoltacht a thabhairt isteach sa tír agus an tIoslam a dhíbirt as an bpolaitíocht. Bhain sé na fiala de na mná agus choisc sé ar na fir féin culaith thraidisiúnta na tíre a chaitheamh. Theastaigh uaidh cuma an Iarthair a chur ar an Tuirc ar fad.
[athraigh] Tús a Shaoil
Rugadh Mustafa Kemal sa bhliain 1881 i Selânik (Thessalonike i nGréig an lae inniu). Mionstátseirbhíseach ab ea a athair a chuaigh le tradáil adhmaid mar shlí bheatha. De réir nósanna an lae sin, ní bhfuair an buachaill ar dtús ach aon ainm amháin - Mustafa.
Fuair athair Mhustafa, Ali Rıza Efendi, bás nuair nach raibh an mac ach seacht mbliana d'aois, agus fágadh faoina mháthair, Zübeyde Hanım, an buachaill a thabhairt suas.
In aois a dhá bhliain déag, chuaigh Mustafa óg ag foghlaim saighdiúireachta i scoil mhíleata Selânik agus, ina dhiaidh sin, i Manastır (inniu, Bitola i bPoblacht na Macadóine). Bhí an dá scoil mhíleata seo lonnaithe sa chuid den Impireacht Otamánach ina raibh na Gréagaigh ag éirí amach in aghaidh na dTuirceach. Bhí Mustafa go han-mhaith ag tógáil matamaitice i scoil Selânik, agus bhronn an múinteoir matamaitice an leasainm Kemal - "Foirfeacht" - ar an mbuachaill. Sa bhliain 1895, chuaigh sé ag staidéar san acadamh míleata i Manastır. Bhain sé amach céim an leifteanant sa bhliain 1905, agus cuireadh ar fiannas leis an gcúigiú harm i nDamascus é. Ansin, chuaigh sé i rúnchumann d'oifigigh náisiúnaíocha darbh ainm Vatan ve Hürriyet ("Tír Dhúchais agus Saoirse"), agus é ag iompú ina namhaid don Impireacht Otamánach. Sa bhliain 1907, bronnadh céim an chaptaein air, agus chuaigh sé sa tríú harm a bhí ar garastún i Manastır, áit a raibh aithne aige uirthi cheana féin. San am sin, chuaigh sé sna Turcaigh Óga. Sa bhliain 1908, chaill an sabhdán Abdülhamid a Dó an chumhacht i Réabhlóid na dTurcach Óg, agus i ndiaidh na réabhlóide seo, bhí Mustafa Kemal ina oifigeach sinsearach in Arm na Tuirce.
Sa bhliain 1910, bhí sé ag foghlaim cogaíochta san Fhrainc, agus sa bhliain dár gcionn, bhí sé ar seirbhís sa Roinn Chogaidh in Iostambúl. Ina dhiaidh sin sa bhliain chéanna, chuaigh sé go cúige Trablusgarp sa Libia leis an gcúige a chosaint ar ionradh na nIodálach. Bhí sé chomh maith ag cosaint Tobruk ar an 22 Nollaig 1911 is go ndearnadh ceannasaí Derne de ar an 6 Márta 1912.
D'fhill sé go hIostambúl nuair a phléasc an chéad Chogadh Balcánach amach i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1912. Le linn an Chéad Chogadh Balcánach, throid sé arm na Bulgáire ag Gallipoli agus ag Bolayır ar chósta na Tráice (Trakya as Tuircis), agus bhí an-ról aige nuair a d'athghabh an Tuirc Edirne agus Demotika (Didymoteicho) le linn an Dara Cogadh Balcánach. Sa bhliain 1913, cuireadh go Sóifia, príomhchathair na Bulgáire, é mar attaché míleata le hé a choinneáil ar shiúl ó scéiméireacht pholaitiúil na príomhchathrach. Sa bhliain 1914, bronnadh céim an leifteanantchoirnéil air.
[athraigh] Ar Fiannas sa Chéad Chogadh Domhanda
Nuair a bhí Kemal i Sóifia, d'éirigh sé an-chriticiúil ina dtaobh siúd ar theastaigh uathu dul chun cogaidh ar thaobh na Gearmáine. Ar an 16 Iúil 1914, chuir sé teachtaireacht oifigiúil ó Shóifia chuig an Aire Cogaidh, ag áitiú air gur chóir don Tuirc neodracht a choinneáil dá mbeadh cogadh ann. Ní raibh gar ann, áfach, ó bhí an tAire, Enver Pasha, báúil leis na Gearmánaigh. Shínigh sé conradh rúnda le rialtas na Gearmáine, agus dá réir sin, chuaigh na Turcaigh chun cogaidh.
Fágadh faoin Marascal Gearmánach Otto Liman von Sanders caolas na nDardanelles a chosaint, agus é i gceannas ar Chúigiú hArm na hImpireachta Otamánaí. B'é Mustafa Kemal a cuireadh i gceann Rannán a Naoi Déag a bhí ag comhoibriú leis an gCúigiú hArm. Ar an 8 Eanáir 1915, d'ionsaigh fórsaí armtha na Ríochta Aontaithe Caolas na nDardanelles, agus iad ag iarraidh ceann droichid a chur ar bun ar Leathinis Gallipoli le hIostambúl a shealbhú.
Níor éirigh leis na longa Briotanacha briseadh trí chaolas na nDardanelles, agus sa deireadh, chinn na Sasanaigh ar thrúpaí a chur i dtír le tacú leis an gcabhlach. B'é ba toradh dó seo gur chuir na saighdiúirí Briotanacha cathanna fada in aisce le Leathinis Gallipoli a choinneáil. Ó bhí Rannán a Naoi Déag ar garastún i nGallipoli, fuair Mustafa Kemal é féin i gcroílár na n-imeachtaí le linn ionradh an namhad. Nuair a chuaigh na trúpaí Astrálacha agus Nua-Shéalannacha (ANZAC - Cór Airm na hAstrála agus na Nua-Shéalainne) i dtír san áit a bhfuil "ANZAC Cove" inniu, ar an 25 Aibreán 1915, tháinig Kemal agus a chuid díormaí ina n-araicis, agus d'éirigh leo an talamh ard a choinneáil ag na Turcaigh. Choinnigh sé na h-"Anzacs" faoi léigear, agus mar sin, níor éirigh leis na Sasanaigh a gcuid pleananna ionsaí a chur i gcrích.
Spreag Mustafa Kemal a chuid trúpaí chun teagmhála leis na focail seo:
- Ordaím daoibh cath a chur, ordaím daoibh bás a fháil. Idir an dá linn, agus sinn ag fáil bháis, beidh d'uain ag trúpaí eile agus ag ceannasaithe eile teacht le dul sa bhearna bhaoil chéanna.
Le teacht na hoíche, bhí dhá mhíle duine de na h-"Anzacs" tar éis bháis, agus iad ag troid go héadóchasach le teannta a gcos a choinneáil ar an gcladach. I rith an chéad dhá sheachtain eile, d'fhan siad ar an trá, agus fuair fear as gach triúr acu bás. Thuill an chosaint seo céimíocht an choirnéil do Mustafa Kemal. Bhí sé i gceannas ar na Turcaigh le linn mhórchathanna an fheachtais seo.
I ndeireadh na dála, bhain na Briotanaigh súil den fheachtas, agus d'aslonnaigh siad a gcuid saighdiúirí ó Gallipoli - i ndiaidh deich mí troda! Ar thaobh na hImpireachta Otamánaí, rinne cuid mhaith de na ceannasaithe eile an-éacht freisin, cosúil le Liman von Sanders féin, ach b'é Mustafa Kemal laoch mór na gcathanna seo, dar leis na Turcaigh. I ndiaidh an chogaidh, chuir Kemal in iúl a ardmheas ar an namhaid leis na focail seo:
- Na laochra seo a dhoirt a bhfuil féin agus a fuair bás i bpáirc an áir, tá siad ina luí in ithir chairdiúil anois. Suaimhneas síoraí dá n-anamacha, mar sin. Ní féidir Johnny agus Mehmet a aithint thar a chéile, agus iad ina gcodladh taobh le taobh anois, sa tír seo againn. Sibhse, a mháithreacha sna tíortha i gcéin, triomaígí bhur gcuid deor. Tá bhur gclann ina luí in aice lenár gcroíthe, agus iad faoi shuaimhneas. Ó cailleadh ar an talamh seo iad, is mic dúinn féin iadsan, chomh maith.
I ndiaidh fheachtas Gallipoli, chuaigh Mustafa Kemal go hEdirne, áit ar fhan sé go dtí an 14 Eanáir 1916. Cuireadh i gceannas ar an Séú Cór Déag sa Dara hArm é, agus thug sé a aghaidh ar an gCugais. Bronnadh rang an Bhriogáidire air ar an 1 Aibreán. Creideann na staraithe go raibh Enver Pasha ag cur moille ar an gcéimíocht seo d'aontsúil.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.