An Afganastáin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
|
|||||
Mana: Níl aon cheann ann | |||||
Amhrán náisiúnta: Soroud-e-Melli | |||||
Príomhchathair | Cabúl 34°30′ Thuaidh 69°10′ Thiar |
||||
An chathair is mó | Cabúl | ||||
Teangacha oifigiúla | Paistis, Peirsis | ||||
Rialtas
Uachtarán na hAfganastáine
|
Poblacht Ioslamach Hamid Karzai |
||||
Neamhspleáchas Fógraithe |
ón Ríocht Aontaithe 1919 |
||||
Achar • In iomlán • Uisce (%) |
647,500 km² (40ú) 0% |
||||
Daonra • Meas. ó 2005 • Daonáireamh - • Dlús |
29,928,987 (38ú) 31ú 43/km² (ú) |
||||
OTI (PCC) • In iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 U S$21.5 billiún (105ú) US$800 (185ú) |
||||
Airgeadra | Afghani (Af) (ARS ) |
||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
+4:30 (UTC) +4:30 (UTC) |
||||
Fearann Idirlín | .af | ||||
Glaochód | +93 |
||||
Is tír san Áise í an Afganastáin (Paistis/Dairi-Pheirsis: افغانستان, Afğānistān). Tá sí suite i lár na hÁise, agus tá teorainneacha aici leis an Iaráin, an Phacastáin, an Tuircméanastáin, an Úisbéiceastáin, an Táidsíceastáin agus leis an tSín. Is í Cabúl an phríomhchathair. Tá 30 milliún duine ina gcónaí ann.
[athraigh] Stair
Tá iarsmaí daonna a shíneann siar níos mó ná caoga míle bliain ar fáil sna sléibhte, agus léiríonn iontaisí plandaí gur thosaigh an fheirmeoireacht i gceantar an Hindu Kush timpeall an ama sin. Creidtear gur ann a rinneadh cré umha den chéad uair. Bhí bailte á bhforbairt thart faoi cúip mhíle bliain ó shin. Meastar gur bunaíodh cathair Cabúl timpeall 1,500 RC.
Timpeall 600RC bhunaigh Zoroaster creideamh nua, le Dia amháin i mBaictria. Tamall ina dhiaidh sin tháinig cuid mhór den tír faoi cheannas impireacht na Peirse. Tar éis dó an Pheirse a ghabháil chuir Alastar Mór na Gréige an Afganastáin faoi chois, agus bhí ceannas ag na Gréagaigh ar an tír ar feadh cúpla céad bliain. D'fhás cultúr ar leith ina raibh Búdachas measctha le cultúr na Gréige. Impireacht Kushan a tugadh ar an tréímhse sin, ach thit an impireacht sin as a chéile i 220AD. Ghabh na Hun seilbh ar an tír i 400 AD agus rinne siad slad ar an tír. Tháinig na Peirsigh i gceannas arís i 550 AD ach is iomaí uair a bhí éirí amach ann. Thug na hArabaigh an tIoslamachas chun na tíre i 652.
Bunaíodh impireacht Ioslamach Ghaznavid (962-1140) agus bhí ionad lárnach ag an Afganastáin i sibhialtacht na Moslamach. Nuair a d'éag Machmad Ghazni i 1030 thit a ríocht as a chéile agus ní raibh cosaint ar bith ag na hAfganastánaigh in aghaidh Geingeas Cán a rinne ionradh ar an tír i 1219. Scrios Geingeas Cán an córas uiscithe agus rinneadh fásach buan de cheantair a bhíodh an-torthúil tráth.
Bhí Timour-i-Lang i gceannas na tíre ó 1370 go 1404.
Ghabh Afgánach darbh ainm Buhlul seilbh ar Deilí na hIndia agus bhunaigh ríshliocht Lodi. Rinneadh ionradh ar an Afgánastáin ón India ina dhiaidh sin agus bhí dreamanna éagsúla i gceannas na tíre go dtí gur éirigh le Ahmad Shah Kandahar a ghabháil i 1747 agus críocha na hAfgánastáine a aontú mar atá siad ó shin. Bhí Ahmad Shah i gcumhacht go dtí 1773 agus bhí impireacht an-chumachtach faoina smacht.
Rinne an Pheirse ionsaithe gan rath ar an tír agus bhí éirí amach inmheánach sa tír go minic san 18ú haois déag. Bhí an-chuid troda ann idir aicmí éagsúla ar feadh na mblianta, agus chaill an Afgánastáin smacht ar cheantar Sind. I 1833 ghabh na Peirsigh cúige Khurasan, ach bhí na hAfgánaigh ábalta Herat a chosaint. Ghabh na Sikh Peshawar i 1834 agus ní raibh na hAfgánaigh ábalta iad a ruaigeadh in ainneoin a mbua i gcath Jamrud.
Tháinig Dost Mohammad Khan i gcumhacht in 1836 agus bhí ag éirí leis an tír a athaontú nuair a rinne na Sasanaigh ionradh ar an tír. Mhair an cogadh in aghaidh na Breataine ar feadh trí bliana. Ghéill Dost Mohammad Khan tar éis roinnt troda agus chuir na Sasanaigh Shah Shuja i gceannas na ríochta. Maraíodh é siúd i mí Aibreáin 1842 agus lean an cogadh ar aghaidh. Bhuaigh Akbar Khan ar na Sasanaigh agus níor tháinig ach fear amháin den 16,600 saighdiúir d'arm na Breataine slán. Bhí an Afgánastáin neamhspleách arís ach ghabh na Sasanaigh Baluchistan agus ní raibh cósta ar bith aici ó shin.
Bhí an Rúis ag leathnú a cumhachta ar fud na hÁise ag an am, agus ghabh sí Bukhara, Tashkent agus Samarkand i 1865. Leag an Rúis síos teorannacha thuaidh na tíre in 1873 ach cúig bliana ina dhiaidh sin rinne na Sasanaigh ionradh ar an Afgánastáin arís. Chaill an Afganastáin tuilleadh tailte. D'fhan na Sasanaigh sa tír go dtí 1880. Thosaigh na Rúisigh á n-ionsaí arís i 1885 agus gabhadh a thuilleadh tailte ón tír. Bhí an Bhreatain agus an Rúis ag iomaíocht le chéile le ceannas a fháil ar an tír, ach faoi dheireadh i 1907 rinneadh conradh a d'fhág an Afganastáin lasmuigh de réimse tionchair na Rúise.
Bhí achrann agus trioblóid sa tír ar feadh na mblianta agus ceannairí éagsúla ag iarraidh an tír a chur faoina smacht. D'fhan an Afganastáin neodrach le linn an Dara Chogadh Domhanda. Nuair a d'fhág an Bhreatain an India cruthaíodh an Phacastáin ach mhaígh ceannairí na hAfganastáine gur bhain cuid dá tailte leo féin. Níor tugadh aon aird ar éilimh na hAfganastáine, agus nuair nach raibh na Meiriceánaigh sásta cúnamh a thabhairt thiontaigh na ceannairí chun na Rúise. Bunaíodh ceangal láidir idir an dá thír i 1955, agus ba bheag nach raibh cogadh ann leis an Phacastáin faoi thalamh. Cuireadh Páirtí Cumannach ar bun go rúnda i 1965 agus faoi 1973 bhí go leor cumhachta aige chun éirí amach míleata a chur ar bun. Cuireadh an ríocht ar ceal agus bunaíodh Poblacht. I 1978 síníodh conradh cairdis leis an Aontacht Shóivéideach ach thosaigh éirí amach Ioslamach in aghaidh an rialtais an bhliain chéanna.
Bhris cogadh cathardha amach i 1979 agus rinne an Aontacht Shóivéideach ionradh ar an tír. Thug na Meiriceánaigh an-chabhair do na ceannarcaigh Ioslamacha. Tar éis naoi mbliana den ár b'éigean do na Sóivéidigh an tír a fhágáil i mí Feabhra 1989, ach ní raibh deireadh leis an chogaíocht go fóill. Ghabh na Mujahideen Cabúl ar an 15 Aibreán 1992 agus cruthaíodh stát Ioslamach. Bhí an Phacastáin agus an Iaráin ag cur isteach ar ghnóthaí na tíre i rith an ama agus lean an chogaíocht ar aghaidh. Bunaíodh an míliste Talaban i 1994 agus d'éirigh lena shaighdiúirí cuid mhór den tír a chur faoi chois. Rinneadh léirscrios ar chathracha na tíre agus faoi dheireadh ghabh an Taliban Cabúl i mí Mheán Fómhair 1996. Cuireadh mná faoi chois agus maraíodh na mílte. Lean an Phacastáin agus an Iaráin lena n-iarrachtaí i gcoinne na tíre ach d'éirigh leis an Taliban an tír uile a chur faoi smacht. Tugadh dídean do threallchogaithe Ioslamacha as tíortha eile, agus cuireadh smachtbhannaí ar an Taliban as tearmann a bhronnadh ar Osama bin Laden. Scrios an Talaban seandealbha Búdacha agus rinne cos ar bolg ar mhionlaigh creidimh.
Tar éis do ghrúpa bin Ladin, Al-Qaeda, a mhaíomh gurb iad a rinne an t-ionsaí ar Nua-Eabhrac ar an 11 Meán Fómhair 2001 thosaigh aerfhórsaí na Stát Aontaithe agus na Breataine ar fheachtais bhuamála in aghaidh na hAfganastáine. Rinne NATO ionradh ar an tír agus faoi 2003 bhí ceannas acu ar an phríomhchathair. Ó shin i leith tá fórsaí NATO sa tír ach tá feachtas treallchogaíochta ar bun ag an Talaban agus dreamanna eile i gcónaí.