An Bhealarúis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
|
|||||
Mana: Níl aon | |||||
Amhrán náisiúnta: Мы, беларусы, "Sinne, na Bealarúisigh" | |||||
Príomhchathair | Minsc 53°55′ 27°33′ |
||||
An chathair is mó | Minsc | ||||
Teangacha oifigiúla | Bealarúisis, Rúisis | ||||
Rialtas
Uachtarán
Príomhaire |
Alexander Lukashenko Sergey Sidorsky |
||||
Neamhspleáchas Fógraithe Glactha leis ó |
27 Iúil 1990 25 Lúnasa 1991 |
||||
Achar • In iomlán • Uisce (%) |
207,600 km² (93ú) I léig |
||||
Daonra • Meas. ó 2005 • Daonáireamh 1999 • Dlús |
10,300,483 (65ú) 10,045,200 49/km² (142ú) |
||||
OTI (PCC) • In iomlán • An duine |
Meas. ó 2005 $79.13 biliúin (64ú) $7,700 (104ú) |
||||
Airgeadra | Rouble (BYR ) |
||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
+2 (UTC) +3 (UTC) |
||||
Fearann Idirlín | .by | ||||
Glaochód | +375 |
||||
Is tír í an Bhealarúis (an Bhílearúis an leagan Gaeilge eile a fheictear i bhfoclóirí áirithe) atá suite in Oirthear na hEorpa, agus í ag críochantacht leis an Rúis, leis an Liotuáin, leis an Úcráin, agus leis an Laitvia. Is í Minsc an phríomhchathair, agus cathracha tábhachtacha eile is ea iad Biareście, Hrodna, Homiel, Mahiloŭ, agus Viciebsk. Is é an t-ainm oifigiúil Poblacht na Bealarúise (Bealarúisis: Рэспубліка Беларусь/Respublika Biełaruś), ach is gnách An Bhealarúis (Беларусь/Biełaruś) a thabhairt ar an tír go simplí. Tá an tír lán coillte, agus 9,775,000 duine ina gcónaí ansin.
Sna laethanta a bhí, bhain an Bhealarúis lena lán tíortha éagsúla, ar nós Diúcacht Połack, Ard-Diúcacht na Liotuáine, Comhlathas na Polainne is na Liotuáine, agus Impireacht na Rúise. Sa bhliain 1922, roinneadh an Bhealarúis idir Poblacht na Polainne agus an tAontas Sóivéadach. An leath den tír a thit leis an Aontas Sóivéadach, hiompaíodh ina Poblacht Shóivéadach í, is é sin, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise. Sa bhliain 1939, nuair a shealbhaigh an tAontas Sóivéadach an leath thiar den Bhealarúis ón bPolainn, cuireadh leis an leath thoir í, agus ansin, bhí an Bhealarúis iomlán ina Poblacht Shóivéadach. Ar an 27ú lá de Mhí Lúnasa 1990, d'fhógair an Phoblacht seo a ceannasacht go hoifigiúil, agus nuair a tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach, bhain Poblacht na Bealarúise amach a neamhspleáchas ar an 25ú lá de Mhí Lúnasa 1991. Tá Alaksandr Łukašenka ina Uachtarán ar an mBealarúis ón mbliain 1994 i leith. Faoi láthair, tá an Bhealarúis agus an Rúis i mbun comhchainteanna le hAontas na Rúise agus na Bealarúise a bhunú, is é sin, an dá thír a athaontú arís, ach tá na comhchainteanna sin in abar leis na blianta anuas.
B'í an Bhealarúis an tír ba mhó a bhí thíos leis an radachur ó thubaiste Chernobyl, cé gur san Úcráin a tharla an tubaiste féin.
[athraigh] Stair
Tháinig na Slavaigh go dtí an Bhealarúis idir an séú agus an ochtú haois. De réir a chéile, tháinig na Luath-Shlavaigh Oirthearacha i dteagmháil leis na Væringjar nó na hUigingigh Oirthearacha - is é sin, na Lochlannaigh a tháinig ón tSualainn go dtí an Rúis. B'iad na hUigingigh seo a bhunaigh an chéad stát a dtugtaí "An Rúis" air, is é sin, Rúis Chíév. Sa 13ú haois, áfach, bhí na prionsachtaí Slavacha thíos go mór le hionradh na Mongólach, agus b'í Ard-Diúcacht na Liotuáine a shealbhaigh iarsmaí na bprionsachtaí seo ina dhiaidh sin. San am seo, bhí an Liotuáin ag cur cogaidh ar a lán naimhde éagsúla, idir na Mongólaigh agus na Ridirí Teotanacha, a bhí ag iarraidh an taobh seo de Mhuir Bhailt a shealbhú le haghaidh coilíniú agus míntíreachais. Faoi dheireadh, bhris an Pholainn agus an Liotuáin an cath ar na Ridirí i gCath Grunwald (a dtugann na Gearmánaigh Cath Tannenberg air) sa bhliain 1410, agus ón lá sin ar aghaidh, ní raibh na Ridirí ábalta bagairt ar chumhacht na Liotuáine sa Bhealarúis a thuilleadh.
Nuair a bhí an Liotuáin ag rialú na Bealarúise, bhí an tSean-Bhealarúisis - nó teanga seansailéireachta na Rúise Thiar, teanga ar féidir Sean-Úcráinis nó Sean-Bhealarúisis a thabhairt uirthi - ina teanga oifigiúil sa chuid den Liotuáin ina raibh cónaí ar na Slavaigh. Le fírinne, b'é ba chiall leis an "Liotuánach" san am seo ná "Bealarúiseach", ós rud é nach raibh cónaí ar na fíor-Liotuánaigh ach in iarthuaisceart na tíre, agus na Bealarúisigh i bhfad ní ba líonmhaire ná iadsan.
I ndeireadh na cúigiú haoise déag, thosaigh na Rúisigh - is é sin, muintir Ard-Diúcacht Mhoscó - ag cúngú isteach ar thailte na Liotuáine. Thairis sin, bhí na Tataraigh ag foghlaíocht sa tséú haois déag, agus rinne siad an-chreachadh agus an-ródach. Nuair a tháinig deireadh na hochtú haoise déag, áfach, rinne an Rúis, an Phrúis, agus an Ostair críochdheighilt ar an bPolainn agus ar an Liotuáin, agus thit an Bhealarúis leis an Rúis.
Sa Chéad Chogadh Domhanda, shealbhaigh arm na Gearmáine an Bhealarúis. Ar an 25ú Márta 1918, i ndiaidh Chonradh Síochána Brest-Litovsk, d'fhógair an Bhealarúis neamhspleáchas mar Phoblacht Náisiúnta na Bealarúise. Ní raibh fad saoil i ndán don Phoblacht seo, nó nuair a tharraing na Gearmánaigh ar ais, shealbhaigh na Boilséivigh an tír, agus bhaist siad Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise uirthi. Nuair a d'fhorghabh na Boilséivigh an Liotuáin chomh maith, bhunaigh siad Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Liotuáine is na Bealarúise. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh idir an Rúis Shóivéadach agus an Pholainn sa bhliain 1921, arís, rinne an dá thír seo críochdheighilt ar an mBealarúis. Bhunaigh na Boilséivigh Poblacht Shóivéadach na Bealarúise arís sa leath thoir, agus bhí an Phoblacht seo ina ballstát den Aontas Sóivéadach ón tús.
I Mí Mheán Fómhair 1939, i ndiaidh Conradh Ribbentrop agus Molotov a shíniú leis an nGearmáin Naitsíoch, d'ionsaigh Stailín an Pholainn. D'fhorghabh a chuid saighdiúirí oirthear na Polainne, an chuid den tír a bhí dlite don stát Shóivéadach de réir an Chonartha. Stáitsíodh "reifreann" sna tailte úrghafa, agus ní nárbh ionadh, b'é toradh an reifrinn go raibh lucht oibre Oirthear na Polainne ar bís ar fad dul san Aontas Sóivéadach. Mar sin, cuireadh na gabháltais seo le Poblacht Shóivéadach na Bealarúise agus le Poblacht Shóivéadach na hÚcráine.
Sa bhliain 1941, d'ionsaigh an Ghearmáin an tAontas Sóivéadach, agus ní raibh na Naitsithe i bhfad ag teacht i seilbh na tíre seo. Bhí siad ag rialú na tíre go dtí an bhliain 1944, agus idir an dá linn, maraíodh dhá mhilliún Bealarúiseach. Rinne an tUileloscadh éirleach uafásach ar an mBealarúis. Roimh an Dara Cogadh Domhanda, bhí cultúr beo breabhsánta ag na Giúdaigh ansin, agus an Bhealarúis ar an gceann ba mhó Giúdachais san Aontas Sóivéadach ar fad. Fuair formhór mór na nGiúdach seo bás san Uileloscadh, agus níor tháinig an cultúr áitiúil Giúdach chuige arís ina dhiaidh sin. Maidir leis an daonra Bealarúiseach féin, níor shroich sé a leibhéal réamhchogaidh roimh an mbliain 1971.
Cé nach raibh sa Bhealarúis ach "poblacht" de chuid an Aontais Shóivéadaigh i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda, tá sí ina ballstát sna Náisiúin Aontaithe ó bhunú na heagraíochta sin i leith. I ndiaidh an chogaidh, rinne na húdaráis Shóivéadacha forbairt chuimsitheach ar an tionsclaíocht sa Bhealarúis, agus na mílte oibrithe ag tonnadh isteach ó Phoblacht Shóivéadach na Rúise, ó bhí jabanna ar fáil.
Chuaigh blianta an tSóivéadachais go mór mór chun dochair do theanga náisiúnta na tíre. I dtúsbhlianta idéalacha an Aontais Shóivéadaigh, bhí polasaí na "dúchasaíochta" i bhfeidhm, is é sin, bhí iarrachtaí á ndéanamh go hoifigiúil le teangacha na bpoblachtaí beaga a athbheochan agus a fhorbairt. Mar sin, rinne an Bhealarúisis an-dul chun cinn mar theanga oifigiúil sa Bhealarúis sna fichidí. Nuair a tháinig Stailín i gcumhacht, áfach, d'athraigh an port go hiomlán. Ansin, cuireadh srianta le húsáid oifigiúil na Bealarúisise arís, agus thosaigh an stát ag brú na Rúisise anuas ar chách mar "theanga chomhchumarsáide an lucht oibre". Níor thaise do Nikita Khrushchev é, ach an oiread. B'é a thuairimsean ná go gcaithfeadh muintir an Aontais Shóivéadaigh glacadh leis an Rúisis mar theanga a gcomhdhúchais, ó chuideodh sé leo an Cumannachas a thógáil ní ba luaithe.
Nuair a thosaigh Mikhail Gorbachev, ceannaire an Aontais Shóivéadaigh, ar pholasaithe an pheireastráice agus an ghleasnaist, sheachaid muintir na Bealarúise achainí chuige i Mí na Nollag 1986, agus iad ag déanamh a ngearáin faoin ródach a rinneadh ar a gcultúr náisiúnta. Níos luaithe sa bhliain chéanna, thit radachur ar Phoblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise i ndiaidh phléascadh stáisiún cumhachta Chernobyl san Úcráin in aice leis an mBealarúis. I Meitheamh 1988, tháinig an seandálaí Zianon Paźniak ar shlua-uaigheanna in aice le cathair Kurapaty, uaigheanna a raibh timpeall is 250 míle duine marbh ó bhlianta Stailín. Ba dóigh le cuid de na Bealarúisigh gur fianaise a bhí ann go raibh an rialtas Sóivéadach d'aonturas ag iarraidh náisiún na mBealarúiseach a chur de dhroim an tsaoil, agus ba spreagadh é, mar sin, do na Bealarúisigh neamhspleáchas a éileamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.