Naitsíochas
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é an Naitsíochas (Gearmáinis: Nationalsozialismus) an t-ainm a thugtar ar idé-eolaíocht na Naitsithe (Gearmáinis: Nazis), arbh iad baill agus lucht leanúna Pháirtí Náisiúnta Sóisialach Lucht Oibre na Gearmáine (Nationalsozialistische Deutsche Arbeiterpartei, NSDAP) iad. Gluaiseacht chiníoch, fhrith-Ghiúdach ab ea iad na Naitsithe, agus Adolf Hitler ina cheannaire diansmachtúil orthu. Bhí na Naitsithe i réim sa Ghearmáin sna blianta 1933-1945, agus b'iadsan a chuir tús leis an Dara Cogadh Domhanda. I mblianta an Naitsíochais, bhí Hitler ina dheachtóir ar an nGearmáin, agus é ag cur polasaithe coiriúla i gcrích le cabhrú na Naitsithe.
Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, bíonn grúpaí beaga nua-Naitsithe ag iarraidh smaointeachas na Naitsithe a athbheochan. Uaireanta, baineann siad úsáid as siombailí na Naitsithe freisin. Is í an svaistíce (Gearmáinis: das Hakenkreuz) an tsiombaile is tábhachtaí de chuid na Naitsithe, ach tá sé coiscthe ag na húdaráis sa Ghearmáin, san Ostair agus san Eilvéis an svaistíce agus comharthaíocht Naitsíoch eile a choinneáil le feiceáil go poiblí.
Clár ábhair |
[athraigh] An Coincheap
[athraigh] Forbairt
[athraigh] Clár Oibre
[athraigh] "Mo Chath Féin"
[athraigh] Clár Oibre an 25 Phointe
[athraigh] Cultas an Fhührer i Stát an Fhührer
[athraigh] Saintréithe Eile na hIdé-Eolaíochta
[athraigh] Baint an Naitsíochais leis an gCaipitleachas
[athraigh] Naitsíochas mar Reiligiún Polaitiúil
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.