Don Quixote
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is é El ingenioso hidalgo Don Quixote de la Mancha ("An fear uasal saoithiúil Don Quixote ó La Mancha"), nó Don Quijote de réir litriú an lae inniu, príomhshaothar na litríochta Spáinní. B'é Miguel de Cervantes Saavedra a scríobh an t-úrscéal seo. Tháinig an chéad imleabhar amach sa bhliain 1604, agus foilsíodh an dara himleabhar deich mbliana ina dhiaidh sin.
Is é is ábhar don leabhar ná eachtraí Don Quixote, fear simplí a léigh an oiread sin scéalta faoi éachtaí na ridirí fáin is gur chaill sé a chiall, agus gur chinn sé ar dhul le ridireacht é féin, an domhan mór a thaisteal, mná uaisle a chosaint agus troid a chur ar arrachtaigh agus ar bhithiúnaigh. Is é Sancho Panza a leathbhádóir, fear atá chomh ciallmhar agus atá Don Quixote féin éigiallta, agus é ag baint an-suilt as eachtraí an "ridire" an chuid is mó den am.
D'fhoilsigh an tAthair Peadar Ua Laoghaire leagan giorraithe Gaeilge den leabhar faoin teideal Don Cíochótae.
[athraigh] Léigh freisin
Miguel de Cervantes: Don Cíochotae. An tAthair Peadar Ó Laoghaire a d'aistrigh agus a ghiorraigh. Eagarthóir: Gabriel Rosenstock. Cló Thalbóid, Baile Átha Cliath 2001.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.