Peadar Ua Laoghaire
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
ScrÃbhneoir próis agus sagart ab ea é an tAthair Peadar Ua Laoghaire (nó Peadar Ó Laoghaire; Aibréan 1839–21 Márta 1920), agus is é an meas atá air inniu ná gurbh eisean a chuir bun le litrÃocht nua-aoiseach na Gaeilge. Rugadh i Lioscaragáin i bparóiste Chluain Droichid, Contae Chorcaà é.[1] Tógadh le Gaeilge i nGaeltacht Mhúscraà é, rud a d'fhág go ndeachaigh Gaeilge an cheantair sin go mór mór i bhfeidhm ar Ghaeilge na bhfoghlaimeoirÃ. An réamhfhocal úd um, nach bhfuil beo ach i nGaeilge MhúscraÃ, is cuid de Ghaeilge an mhaorlathais agus an dlà é inniu, agus is dócha gurbh as Gaeilge Uà Laoghaire a tháinig sé in úsáid chomh forleathan sin.
Chum sé an scéal Séadna sna 1890Ã, agus é á insint mar scéal chois tine ag triúr cailÃnà óga. Tá gearreagráin ann a bhfuil fráma sin na scéalaÃochta bainte dÃobh. Is é is prÃomhthéama don scéal ná an margadh a shocraigh an táilliúir Séadna leis an bhFear Dubh. Cé go bhfuil an scéal fréamhaithe in ithir an bhéaloidis a chloiseadh an scrÃbhneoir ó na seanchaithe cois teallaigh le linn a óige, tá dlúthghaol aige fosta leis an miotas Gearmánach faoi Faust. FoilsÃodh ina shraithscéal ar irisà éagsúla Gaeilge é an chéad uair.
Amach ó Séadna, scrÃobh sé leabhar dÃrbheathaisnéise faoin teideal Mo Scéal Féin. Thairis sin, chuir sé Nua-Ghaeilge ar scéalta de chuid na seanlitrÃochta GaelaÃ, cosúil le hEisirt agus An CleasaÃ, agus chuir sé Gaeilge a cheantair féin ar leagan giorraithe de scéal Don Quixote, nó Don CÃochótae, as Gaeilge. Tháinig eagrán nua den leabhar i gcló le déanaÃ. Fuair sé bás i 1920 i gCaisleán Ó Liatháin.