Gaeltacht
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
B'é ba bhrí leis an bhfocal sin Gaeltacht fadó ná Gaelachas, ach ó thosaigh an Ghaeilge ag dul as úsáid in Éirinn, tosaíodh ag tabhairt "Gaeltacht" nó "ceantair Ghaeltachta" ar na háiteanna sa tír ina bhfuil Gaeilge á labhairt i gcónaí mar theanga thraidisiúnta a théann go nádúrtha ó ghlúin go glúin.
Is léir, áfach, gurb iomaí áit sa Ghaeltacht oifigiúil nach labhraítear an mórán den teanga a thuilleadh, cosúil le Cloch na Rón, an Achréidh agus Maigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe, nó Ailt an Chorráin agus Gleann Bharr i gContae Dhún na nGall, Acaill, Iorras, Béal an Mhuirthead agus an tSraith i gContae Mhaigh Eo chomh maith le hUíbh Ráthach i gContae Chiarraí Theas, nó Béal Átha an Ghaorthaidh i gContae Chorcaí.
Clár ábhair |
[athraigh] An Fhíor-Ghaeltacht
- Conamara, Gaillimh
- Corca Dhuibhne, Contae Chiarraí go háirithe, in aice le Daingean Uí Chúis
- Tír Chonaill, Contae Dhún na nGall, go háirithe i nGaoth Dobhair, Cloích Cheannfhaola, agus ar an taobh thuaidh de na Rosa; Anagaire, Croithlí agus Rann na Feirste.
- Cúil Aodha, Contae Chorcaí
- Ráth Cairn (nó Ráth Chairn) agus Baile Ghib, Contae na Mí
- An Rinn, Contae Phort Láirge
- Ceathrú Thaidhg, Eachléim agus An Fód Dubh, Gaeltacht Mhaigh Eo
Úsáidtear leaganacha éagsúla den Ghaeilge ó Ghaeltacht go Gaeltacht.
Tugtar Gaidhealtachd nó Gaeltacht na hAlban ar na ceantair in Albain ina labhraítear Gaeilge na hAlban (nó Gàidhlig).
[athraigh] Gaeltachtaí Neamhoifigiúla
Tugtar Gaeltachtaí Neamhoifigiúla ar cheantair nach cuid den Ghaeltacht oifigiúil iad, cé go bhfuil an teanga á labhairt iontu go forleathan. Tá siad ag cur brú ar an Rialtas stádás oifigiúil a fháil.
- Cúige Uladh, Contae Aontroma in Iarthar Bhéal Feirste Gaeltacht Sheoige nó Gaeltacht Bhéal Feirste
- Cúige Laighean, Contae na Mí timpeall Ráth Cairn ach go háirithe i mBaile Átha Buí
[athraigh] Nua-Ghaeltacht
Nua-Ghaeltacht a thugtar ar an smaoineamh Gaeltachtaí nua a thógáil i mBÁC agus i gcathracha eile sa tír leis an teanga a athbheochan.
[athraigh] Foinsí
- Ó Tuathathaigh G, Ó Laoire L L, Ua Súilleabháin (eag) 2000 Pobal na Gaeltachta a Scéal agus a Dhán, Indreabhán Conamara: Cló Iar-Chonnachta.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.