Contae na Mí
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Contae na Mí | |
Achar: | 2,342 km² |
Príomhbhaile: | An Uaimh |
Daonra: | 162,621 (2006) |
Cúige: | Laighin |
Tá An Mhí nó Contae na Mí, i gCúige Laighean. Achar 2342 km². 162,621 an daonra a bhí ann de réir Daonáireamh 2006. Fadó bhí cúige den ainm seo ann 'Míde' a chiallaíonn an lár, agus ba ann de réir traidisiún a bhí ceanncheathrú Ardrí na hÉireann, i dTeamhair na Rí. Tá cuid de na láithreacha seandálaíochta is tábhachtaí agus is cáiliúla in Éirinn ar bhruach Abhainn na Bóinne. Is ann atá Sí an Bhrú, ionad oidhreachta domhanda. Tá talamh an-mhaith sa chontae agus rath ar fheirmeoirí na háite dá réir, agus ar na bailte margaidh a fhreastalaíonn orthu. Níl ach 26 km de chósta ag Contae na Mí, ach tá cúpla trá ann ar nós Baile an Bhiataigh agus an Inse .
Is i gContae na Mí atá Gaeltacht Ráth Cairn, lonnaíocht a cuireadh ar bun timpeall seachtó bliain ó shin le saol daoine ar iarthar na hÉireann a fheabhsú. Tugadh isteach feirmeoirí beaga, as Conamara don chuid is mó, agus tugadh talamh dóibh in áit nach raibh Gaeltacht leis na céadta bliain.
Clár ábhair |
[athraigh] Stair na Mí
Tá Stair na Mí, mar an gcéanna agus sean stair na hÉireann. Tá tuama na sean ríthe fós le feiceáil ar Bhrú na Bóinne, tuamaí a bhfuil níos sine ná na pirimidí san Eigipt. Tá stair abhainn na Bóinne freisin tábhachtach ó thaobh stair na tíre, ó Fionn Mac Cumhail, go Cath na Bóinne. Ba shuíocháin í do Ard-Rí na hÉireann é an Teamhair, agus bhí cónaí ar Naomh Pádraig san áit ar feadh tamaill. Chomh maith le sin troid Paidí Ó Donaghue as Cill Dhéagláin in Éirí Amach 1798, agus Tomás Ághas san áit céanna in Éirí Amach na Cásca.
[athraigh] Tíreolaíocht
Tá Contae na Mí lonnaithe ar chósta oirthir na hÉireann i gcúigiú Laighean. Tá teorann aige le Muir Éireann agus Contae Bhaile Átha Cliath san oirthear, le contaetha Lú, Muineachán agus an Cabhán sa tuaisceart, le Contae na hIarmhí san iarthar, agus le contaetha Uíbh Fhailí agus Cill Dara sa deisceart.
Is í an Bhóinn an phríomhabhainn sa chontae, agus ritheann sí trí Bhaile Átha Troim agus bhaile na hUaimhe.
[athraigh] Eacnamaíocht
[athraigh] Lucht Daoine i gContae na Mí
Daonra na Mí dar le daonáireamh sna blianta 1861-2006:
- 1861: 110,373
- 1871: 95,558
- 1881: 87,469
- 1891: 76,987
- 1901: 67,497
- 1911: 65,091
- 1926: 62,969
- 1936: 61,405
- 1946: 66,232
- 1961: 65,122
- 1971: 71,729
- 1981: 95,419
- 1991: 105,370
- 2002: 134,005
- 2006: 162,621
[athraigh] Bailte agus Sráidbhailte i gContae na Mí
- Baile an Bheileogaigh, Baile an Bhiataigh, Baile an Bhóthair, Baile Átha Buí
- Baile Átha Troim, Baile Ghib, Baile Íomhair, Baile Iúiliáin, Baile Mhic Gormáin
- Baile Roibín, Baile Shláine, Baile Uí Mhornáin, Baile Uilcín, An Bóthar Buí
- An Bóthar Mín, Buaile na Bréachmhaí
- Ceanannas, Cill an Chairn, Cill Dealga, Cill Dhéagláin, Cill Mheasáin
- Cluain Aodha, Cluain Ioraird, Cnoc an Línsigh
- Damhliag, Domhnach Phádraig, Droichead Chearbhalláin, Dún Búinne, Dún Doire
- Dún Samhnaí, Dún Seachlainn
- An Inse
- Maigh Dearmhaí, Maigh Muirí, Maigh nEalta
- An Obair
- Scrín, An Seanchaisleán
- Teamhair
- An Uaimh
- Ráth Cairn, Ráth Moliain, Ráth Tó
Contaetha na hÉireann | |
Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach | |
Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Ghall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | Lú | An Mhí | Uíbh Fhailí | |
An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas) | |
Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain | |
An deighilt polaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann |