Contae Thír Eoghain
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Contae Thír Eoghain | |
Achar: | 3,155 km² |
Príomhbhaile: | An Ómaigh |
Daonra: | 166,516 (meas) |
Cúige: | Ulaidh |
Is í Contae Thír Eoghain an dara contae is mó as na naoi gcontae i gCúige Uladh, atá suite i lár an cúige. Achar: 3,155 km² (1,218 mílte cearnacha).
Tá teorainneacha ag an chontae le cúig chontae eile; Doire sa tuaisceart, Ard Mhacha san oirdheisceart, Muineachán sa deisceart, Fear Manach san iardheisceart, agus Dún na nGall san iarthuaisceart. Ar a bharr sin, tá teorainn ag Tír Eoghain le hAontroim i lár Loch nEathach san oirthear.
[athraigh] Tíreolaíocht
Is contae sléibhtiúil í Tír Eoghain den chuid is mó, cé go bhfuil ceantair machairí sa chontae fosta, go háirithe ar bhruach Loch nEathach, i gceantar na hAbhann Móire i ndeisceart an chontae, agus san iarthuaisceart, ar an Fheabhail. Tá na Speiríní suite i dtuaisceart an chontae, ar an teorainn le contae Dhoire. Is iad an tríú sliabhraon is airde i gCúige Uladh, i ndiaidh na Beanna Boirche agus na Sléibhte Dhoire Bheatha, agus tá an sliabh is airde i dTír Eoghain, an Mullach Clochach (634m), suite ansin. Is é Loch nEathach, an loch is mó in Éirinn (388 km²/150 mílte cearnacha) an phrímhghné in oirthear an chontae, agus comhdhéanann sé teorainn thoir an chontae. Is í an Fheabhail agus a craobh-aibhneacha, an Mhorn, Abhainn na Deirge, Abhainn Coille, agus an Shruthail, na príomhaibhneacha in iarthar an chontae. Is í an Abhainn Mhór an phríomhabhainn sa deisceart, agus comhdhéanann sé an teorainn le Muineachán agus Ard Mhacha sula sruthaíonn sí isteach i Loch nEathach.
[athraigh] Polaitíocht
Roinntear Tír Eoghain i gceithre Chomhairí Ceantair:
- Comhairle Ceantair an Choirr Chríochaigh
- Comhairle Bhuirg Dhún Geanainn agus Tír Eoghain Theas
- Comhairle Ceantair na hÓmaí
- Comhairle Ceantair an tSratha Báin
Ní leanann teorainneacha na comhairlí ceantair teorainneacha an chontae go hiomlán, áfach. Tá roinnt contae Dhoire i gComhairle Ceantair an Choirr Chríochaigh, roinnt Ard Mhacha i gComhairle Bhuirg Dhún Geanainn agus Tír Eoghain Theas, agus tá roinnt Tír Eoghain i gComhairle Ceantair Fhear Manach. Is í Tír Eoghain an chontae is náisiúnaí i dTuaisceart Éireann; toghadh 47 gcomhairleoir náisiúnacha sna ceithre chomairle le chéile sa toghchán i 2005, i gcomparáid le 26 chomhairleoir aontachtacha agus 2 chomhairleoir neamhspleách. I dtoghchán don pharlaimint Westminster agus Tionól Thuaisceart Éireann, roinntear Tír Eoghain i dtrí thoghlach; Fear Manach agus Deisceart Thír Eoghain, Iarthar Thír Eoghain, agus Meán-Uladh. Toghadh iarrthóirí Sinn Féin sna trí thoghlach seo sna toghcháin Westminster i 2001 agus 2005; Martin McGuinness i Meán-Uladh, Michelle Gildernew i bhFear Manach agus Deisceart Thír Eoghain, agus Pat Doherty in Iarthar Thír Eoghain. Sa toghchán do Thionól Thuaisceart Éireann i 2007, toghadh na hiarrthóirí a leanas;
Fear Manach agus Deisceart Thír Eoghain:
- Tom Elliott - Páirtí Aontachtach Uladh
- Arlene Foster - Páirtí Aontachtach Daonlathach
- Tommy Gallagher - Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre
- Michelle Gildernew - Sinn Féin
- Gerry McHugh - Sinn Féin
- Maurice Morrow - Páirtí Aontachtach Daonlathach
Iarthar Thír Eoghain:
- Allan Bresland - Páirtí Aontachtach Daonlathach
- Thomas Buchanan - Páirtí Aontachtach Daonlathach
- Kieran Deeny - Neamhspleách
- Pat Doherty - Sinn Féin
- Barry McElduff - Sinn Féin
- Claire McGill - Sinn Féin
Meán-Uladh:
- Billy Armstrong — Páirtí Aontachtach Uladh
- Ian McCrea — Páirtí Aontachtach Daonlathach
- Patsy McGlone — Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre
- Martin McGuinness — Sinn Féin
- Francie Molloy — Sinn Féin
- Michelle O'Neill — Sinn Féin
[athraigh] Bailte i gcontae Thír Eoghain
- Achadh na Cloiche
- Baile an Lorgain, an Baile Nua, Baile Uí Dhálaigh, Baile Uí Dhonnaíle, Bearach, an Bhinn Bhorb
- Cabhán an Chaorthainn, an Caisleán Glas, Caisleán na Deirge, an Charraig Mhór, Cillín, Cionn Aird, Clochar, Clóidigh, na Coracha Móra, an Chorr Chríochach, an Chraobh
- Domhnach Mór, Droichead an Phlum, an Droim Mór, Dún Geanainn, Dún na Manach
- Eochair
- Fionntamhnach
- An Mhaigh, Muileann an tSiáin
- Oileán an Ghuail, an Ómaigh
- Seisceann Odhar, An Srath Bán
Contaetha na hÉireann | |
Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach | |
Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Ghall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | Lú | An Mhí | Uíbh Fhailí | |
An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas) | |
Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain | |
An deighilt polaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann |