Andalucía
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is comhphobal féinrialaitheach í Andalucía atá suite i ndeisceart na Spáinne. Is í Sevilla an príomhchathair. Is í an dara réigiún is mó sa tír agus tá an daonra is mó aici.
Tá Andalucía timpeallaithe ag Extremadura agus Castilla-La Mancha ó thuaidh; taobh thiar de Murcia agus an Mheánmhuir (anoir aneas); taobh thoir den Phortaingéil agus an tAtlantach (aniar aneas). Tá an Afraic (Maracó) is Andalucía scartha óna gcéile le Caolas Ghiobráltar. Tá an teorainn idir an chóilíneacht Briotanach Giobráltar agus an cúige Cádiz i Andalucía, trí ceathrú de mhíle ar fhad.
[athraigh] Stair
Ba shibhialtacht an-mhór agus an-chumhachtach í Tartessos, suite in Andalucía.
Tá sé sóiléir go raibh tionchar mór ar chultúr Andalucía ag ríalú na Muslamach ar feadh ocht n-aois a chríochnaigh i 1492 le bua na Ríthe Caitiliceacha i nGranada.
Tagann an Spáinnis a labhraítear i Méiriceá Laidineach, go mór ón saghas Spáinnise a labhraítear in Andalucía toisc go raibh Sevilla ina geata don Domhan nua sa 16ú agus 17ú aois.
Tá clú agus cáíl ag Andalucía mar gheall ar a ailtireacht Mhuslamach. I measc na séadchomhartha is cáiliúla tá an Alhambra i nGranada, an Mezquita (mosc) i gCórdobha, an Torre del Oro (túr óir) agus na túir Girealda agus an Reales Alcázares i Sevilla, agus an Alcazaba i Málaga. Ó thaobh an seandálaíochta de tá tábhacht ag baint le Medina Azahara, in aice le Córdoba agus Itálica, in aice le Sevilla agus port Huelva.
Déantar céiliúradh ar lá Andalusia (Sp.: Día de Andalucía) ar an 28 Feabhra, chun ceiliúradh dáta an reifrinn aitúla faoi fhéinríalú.
[athraigh] Roinneadh riarthach Andalucía
Tá Andalucía roinnte in 8 gcúige, iad ainmnithe i ndiaidh phríomhchathair an chúige.
Tá roinnt bailte tábhachtacha eile:
- El Ejido, Macael y la "comarca del mármol", agus Roquetas de Mar, Almería
- Algeciras, San Fernando, Jerez, agus El Puerto, Cádiz
- Almuñecar, Guadix agus Motril, Granada
- Úbeda agus Baeza, Jaén
- Antequera, Ronda agus Marbella, Málaga
- Dos Hermanas, Lebrija, Osuna agus Utrera, Sevilla