See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Asturias - Vicipéid

Asturias

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bratach
Bratach
Mapa
Mapa

Asturias (nó Asturies as asturianu) mar reigiún comhphobal féinrialaitheach na Spáinne atá suite ar an cósta ó thuaidh (Mar Cantábrico, ainm spáinis do Bá an Bhiscé). Tá teorainn aige le Cantabria, ó dheas le Castilla y León, san iarthear le Galicia.

Na cathrach is tabhachtach ná, an príomhchathair, Oiveidiú (Oviedo nó Uviéu) , an calafort sa cheantar, an cathair is mó Gichión (GijónXixón), agus baile tionscalaíocht Aibhilés (Avilés).

Bailte eile: Mieres, Langreo, Siero, Cangas de Onís, Cangas del Narcea, Grado, Lena, Laviana, El Entrego, Villaviciosa, agus Llanes.

Clár ábhair

[athraigh] Stair

Cé gur thóg, na Rómhánaigh an ait faoi Augustus, agus na Viseagotaigh sa 5ú aois, níor thóg na muslamaigh an talamh ar an cósta thuaidh, de bharr an tírdhreach sléibhe. B'ait é le éalaigh uathu san 8ú aois. Is é an réigiún (go háirithe tar eis bhunú Ríocht Asturias (Regnum Asturorum) inar tosaíodh an ath-tógáil incipient (Reconquista). Seo é an fáth go úsáideann oidhre, a thagann go coróin na Spáinne, an teideal “Prionsa Asturias”. Cé gur mheath Ríocht Asturias, mhair an cheantar stáiriúl seo i dtuaisceart na Spáinne, tháinig alán uaisle saibhre as an ait agus bhí baint mór aige le cóiliniú sa Domhain Nua.

Bhí an ait pairteach go mór in eachtraí Cogadh Cathartha na Spáinne. Sa bhliain 1934, d’éirigh an lucht oibre den eite clé amach in aigheadh rialtas Dara Poblacht na Spáinne (a bhí ar an eite dheas). Tháinig forsaí ó cóilíneacha san Aifric Thuaidh, faoi Francisco Franco leis an réabhlóid a chuir faoi chois, go leatroniach. Dá bharr d’fhan sé dílis don rialtas poblactánach daonlathach i rith an cogadh cathrach. Tá scéalta iontach faoi chosaint an ait mar shampla ag Cath el Mazuco.

Nuair a chuir Franco an tír faoi smacht, glaodh Cúige Oibhiedió, toisc an gaol idir an ait agus an ríochas , go dtí bás Franco sa bhliain 1975. Tugadh an t-ainm ar ais nuair a ath-bhunú daolathas sa tír sa bhliain 1977. Sa bhliain 1982 rinneadh reigiún comhphobal féinrialaitheach den ait le structúr nua díríalaithe faoin mbunracht nua. Ón bhliain 1999 bé Vicente Álvarez Areces ón bpáirtí Sóisialacha, Lucht Oibre (PSOE), Uachtaráin Rialtas Asturias.

[athraigh] Tír Eolas

Picos de Europa, ó Parque Natural de Redes. Nollaig 2004
Picos de Europa, ó Parque Natural de Redes. Nollaig 2004

Cruthaíonn sleibhte Cantabria (Cordillera Cantábrica) teorainn nádurtha leis an gCúige Castille y León ó dheas. Sna sleibhte san oirthear Picos de Europa páirc náisiúnta, tá na sleibhte is mó, áile sa tir ag dul chomh airde le 2,648 méadtar (8,688 throigh) ag an bhinn Torrecerredo. Rudaí eile ná an Parque Natural de Redes sa méanoirthear, na Ubiñas lárnach (taobh theas de Oviedo) agus Parque Natural de Somiedo san iarthar. Leis na sleibhte seo tá deiseanna iontach dreapadóireacht, agus siúlóid leannan siad 200 cileméadar in ioláin, comh fada le Galicia san Iarthar agus Cantabria san oirthear.

Tá cósta mór ag Asturias, leis na céadta trá, aill agus pluaiseanna (tá chuid mhaith den talamh déanta as aolchloch). Ina measc ná Playa del Silencio (Trá Ciúin), in aice an tsráíd bhaile iascaireacht Cudillero (thaobh thiar de Gijón). Comh maith le sin tá tóir air na trá timpeall an ionad saoire Llanes, mar shampla Barro agus Ballota.

Playa de Ballota, in aice Andrin, Llanes. Meitheamh 2005
Playa de Ballota, in aice Andrin, Llanes. Meitheamh 2005

Sin iad na gnéithe is tabhachtaí; an cósta garbh le ailltreacha, agus na sléibhte sa taobh istigh. Tá an aimsir níos ilghnéitheach, cósúil le tuaisceart na Spáinne go ginerálta, ná deisceart na tíre. Bíonn Samhradh teo, tais acu, lena alán gréine, le giota beag baisteach. Bíonn an gheimreadh measairthe séimh, le amantaí fuair, go háirithe sna sléibhte, ait in a mbíonn sneachta ó Mí na Samhna go mí Bealtaine. Deirtear go bhfuil Asturias mar chuid den “Spáinn Glas”, toisc an méid glas atá le féiceail i gcomparáid le chuid eile na tíre.

[athraigh] Turasóireacht agus Fámaireacht

Ardeaglais Oviedo agus an Plaza. Aibreáin 2005
Ardeaglais Oviedo agus an Plaza. Aibreáin 2005

Tá alán stair i bpríomhchaithair Asturias, Oveido, mar shampla an eaglais Santa María del Naranco agus an caisleáin San Miguel de Lillo, den stíl réamh-rómánach, a thógadh ar an sliabh Naranco, i rith am na céad Ríthe Asturias ó thuaidh den chaithir. Freisn i bpáirc náisiúnta Picos de Europa tá chuid den sliabhraon de Asturias. Tá sliabh cáiliúil darbh ainm Picu Urriellu (2519 m nó 8262 tr), ann le cruth cósúil le cúlfhiacail a lonraíonn óráiste faoi lonn na gréinne sa trathnóna. Ag brath ar an aimsir is féidir é a fhéiceáil go sóiléir ón tsráid bhaile Camarmeña, ina aice Poncebos, taobh theas de Arenas de Cabrales.

Tá scrín don Mhaighdean Mhuire i Covadonga agus na loch sléibhe (Los Lagos), in aice Cangas de Onís. Tá finnscéalta ann go bheannaigh an Mhaighdean Mhuire forsaí na Críostaí Asturuas, roimh cath áirithe thug sí comhartha ag an am cruinn le teacht aniar aduaidh ar forsaí na muslamach. Deirtear gur tosóidh an Reconquista agus aontú na Spáinne ar deireadh, san ait seo.

[athraigh] Teanga

Is í Spáinis an t-aon teanga óifigiúil sa cheantar. Tá an teanga asturianu labhartha freisin agus tá chosaint sa dlí aige, Ley 1/1998, de 23 de marzo, de uso y promoción del bable/asturiano ('Law 1/1998, 23 Marta, de úsaid agus chuir chun cinn Bable/Asturian'). Úsáideann an státseirbhís de Asturias é uaireanta. In iarthar an cúige, labhraítear Eonavian freisin, agus tá an teanga seo clúdaithe faoin dlí 1/1998. Tá díospóireachtáí ann, faoi stadus an teanga, bhfuil sé mar cáiniúint leanúnach, nó cineál cósúil leis an dteanga Gailísis. Tá úsáid an teanga seo inasan riarachán de Asturias, beagán (i gcomparáid le mar shampla asturianu. Tá siad ag athrú ainmneacha áitiúla díog ar ndíog go sean Asturianu agus Eonavian.

[athraigh] Ceol

Amhrain Réigiúnach

Bhí an t-amhrain réigiúnach Asturias, patria querida (Asturias, mo tír ionúin) an cáiliúl agus glacadh é mar an t-amhrain óifigiúil don le Ley 1/1984, de 27 de Abríl. Dúradh gur amhrain do dhaoine ólta é, ach i ndáiríre níl sé seo fíor. Dúirt forsaí na Náisiúnaigh (frosaí Franco) é seo chun chaithemah anuas ar Asturias toisc gur d’fhás an amhráin as na oibritheoirí sna mianach - cliabhán cumannachas sa Spáinn d’úsáid taobh na poblachtanaigh (sa cogadh cathrach agus Éirí amach na mianadóir) an amhráin le aithrithe beaga.



Comhphobail féinrialaitheacha na Spáinne

Andalucía | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bailéaracha | An Tír Bhascach Theas | Navarra | Na hOileáin Chanáracha | Cantabria | An Chatalóin | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Extremadura | Galicia | La Rioja | Comhphobal Maidrid | Murcia | Comhphobal Valencia


aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -