Seán Mac Diarmada
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Réabhlóidí Éireannach agus ceann den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta é Seán Mac Diarmada (28 Feabhra, 1883 – 12 Bealtaine, 1916). Bhí sé gníomhach i mbunú Phoblacht na hÉireann, fógraíodh i mí Aibreán 1916 le linn an Éirí Amach. Lámhachadh é tar éis an éirí amach sa bhliain 1916.
Usáidtear an leagan John MacDermott i mBéarla, nó Sean MacDermott uaireanta.
[athraigh] Tús a shaoil
B'i gCoillte Clochair, Contae Liatroma a saolaíodh Seán Mac Diarmada sa bhliain 1883, agus fuair sé a chuid oideachas ó na Bráithre Críostaí sular bhog sé go dtí Baile Átha Cliath sa bhliain 1908. Ag an am seo, bhí na blianta caite aige ag obair sna h-eagraíochtaí éagsúla a bhí ag iarraidh neamhspleáchas a bhuaigh don tír, mar shampla Bráithreachas na Poblachta, Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge. Tar éis tamaill, bhí áit aige in Ard-Chomhairle an IRB agus roghnaíodh é ina rúnaí.
Sa bhliain 1910, rinneadh bainisteoir de den nuachtán radacach "Irish Freedom", nuachtán a bhunaigh sé féin in éineacht le Bulmer Hobson agus Denis McCullough. Thosaigh sé ag obair ina eagraí náisiúinta don IRB, in éineacht le Tomás Ó Cléirigh den chuid is mó. Bhuail tubaiste dó beagán níos déanaí, áfach, nuair a thit sé tinn le polaimiailíteas, agus bhí air bata siúil a úsáid as seo amach.
Nuair a bhunaíodh Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1913, ba bhall é Mac Diarmada ón tús, agus rinne sé a dhícheall an eagraíocht a chur faoi smacht an IRB. Gabhadh é i mí Bealtaine 1915 i dTuaim, Contae na Gaillimhe agus é ag tabhairt óráid in éadan liostáil in airm na Breataine (rud a bhí i gcoinne Defense of the Realm Act). Nuair a scaoileadh amach é i mí Meán Fómhair, chuaigh sé díreach ar ais isteach i gCoiste Míleata an IRB, a bhí ag pleanáil Éirí Amach na Cásca ag an am. B'eisean agus Ó Cléirigh na príomh-dhaoine a bhí freagrach as an scéim don éirí amach.
[athraigh] Éírí Amach na Cásca
Nuair a thosaigh an troid, bhí Mac Diarmada lonnaithe leis na gceannairí eile (Pádraig Mac Piarais, Séamus Ó Conghaile, Seosamh Pluincéad agus daoine eile) in Ard-Oifig an Phoist ar Sráid Uí Chonaill, i lár na cathrach. Dá bharr a pholaimiailíteas, bhí air fanacht amach as an troid féin den chuid is mó. Nuair a tháinig an géilleadh, chuaigh sé chun measc isteach i ngrúpa réabhlóidithe agus é ag iarraidh éalú a dhéanamh, ach aithníodh é sa deireadh agus cuireadh chun bás é ar 12 Bealtaine. Cúpla blian ina dhiaidh, le linn Cogadh Angla-Éireannach, bhain Mícheál Ó Coileáin saghas díoltas amach ar an oifigeach Briotanach Lee-Wilson a phioc Mac Diarmada amach ón slua, nuair a thóg sé an t-ordú é a mharú.
[athraigh] Oidhreacht
Tá roinnt áiteanna in Éirinn atá ainmnithe in ómós do - Sráid Sheáin Mhic Dhiarmada i gcathair Bhaile Átha Cliath, an stáisiún traenach i Sligeach agus Páirc Seán Mac Diarmada, an staid CLG i gCora Droma Rúisc.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.