Seosamh Pluincéad
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
File agus náisiúnaí Éireannach a bhí páirteach in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 ab ea é Seosamh Pluincéad (21 Samhain, 1887 – 4 Bealtaine, 1916), nó Joseph Mary Plunkett mar a rugadh é as Béarla. Mac le George Noble Plunkett (an Cunta Pluincéad) ab ea é, a bhí gníomhach sa ghluaiseacht níos déanaí.
[athraigh] Tús a shaoil
Rugadh agus tógadh Seosamh Pluincéad i mBaile Átha Cliath, ach chaith sé tamall freisin ag taisteal i dtuaisceart na hAfraice agus timpeall na Meánmhara. Bhí an-suim aige in oidhreacht agus i gcultúr na hÉireann, agus an Ghaeilge go háirithe. Bhí sé ar dhuine den bheirt cheannairí in Éirí Amach 1916 a raibh an teanga idirnáisiúnta Esperanto aige. Chuaigh sé isteach ina bhall de Chonradh na Gaeilge, agus b'anseo a bhuail sé le Tomás Mac Donnchadha, file óg eile, agus mhair an cairdeas a bhí eatarthu go dtí deireadh a saoil.
Chuaigh Pluincéad isteach i mBráithreachas na Poblachta sa bhliain 1915, agus seoladh é go dtí an Ghearmáin chun cabhair a thabhairt do Ruairí Mac Easmainn a bhí ag iarraidh tacaíocht Ghearmánach a fháil chun éirí amach a chur ar siúl in Éirinn.
[athraigh] Éirí amach na Cásca
B'é Pluincéad a chruthaigh an scéim a d'úsáid na réabhlóidithe i rith an éirí amach, agus bhí sé i measc na gceannairí a shínigh Forógra na Poblachta an 24 Aibreán. Thit sé tinn cúpla lá roimh an éirí amach, ach d'fhág sé a leaba chun páirt a ghlacadh san eachtra. Bhí sé bunaithe in Ard-Oifig an Phoist, in éineacht le Pádraig Mac Piarais agus Tomás Ó Cléirigh. An aide de camp óg a bhí aige ná Micheál Ó Coileáin. Mar gheall ar an tinneas a bhí air, ní raibh Pluincéad in ann a bheith ró-ghníomhach i rith na seachtaine.
[athraigh] Bás
Tháinig an géilleadh an 29 Aibreán, agus cuireadh Pluincéad i bPríosún Cill Mhaighneann. Daoradh chun báis é. Phós sé a chailín Grace Gifford sa phríosún, cúpla uair an chloig sular lámhachadh é. Ocht mbliana is fiche d'aois a bhí sé.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.