See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Impireacht na Róimhe - Vicipéid

Impireacht na Róimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is gnách Impireacht na Róimhe a thabhairt ar thréimhse an rialtais uathlathaigh i stair na sibhialtachta sean-Rómhánaí. Tháinig ré na hImpireachta i ndiaidh na Poblachta Rómhánaí, a mhair an leathmhílaois ón mbliain 510 r. Chr. go dtí an aois dheireanach r. Chr. B'é ba chúis le deireadh na Poblachta ná an lagú a tháinig ar fhorais agus ar thraidisiúin na Poblachta de dheasca na coimhlinte idir Gaius Marius agus Lucius Cornelius Sulla, agus, ina dhiaidh sin, de dheasca an chogaidh chathartha idir Iúil Caesar agus Pompeius. Is féidir tús na hImpireachta a dhátáil go héagsúil. Deir daoine áirithe gur tháinig deireadh leis an bPoblacht nuair a bhain Iúil Caesar amach an bhuandeachtóireacht (44 r.Chr.), ach is féidir a mhaíomh freisin gurbh é an lá ceart an lá ar chloígh Octavianus, oidhre Chaesar, a chuid naimhde i gCath Actium ar an 2 Meán Fómhair 31 r.Chr., nó an lá ar bhronn Seanad na Róimhe an t-ainm úd Ágastas air.

Go bunúsach, is é is brí leis an nath Laidine Imperium Romanum ná "na tailte atá faoi smacht ag an Róimh" - is é sin, tá an focal úd imperium (cumhacht, údarás pearsanta) ag tagairt do na críocha féin atá i gceist. Sroicheann an impireacht a fhad is a thugtar aird ar imperium an Impire. Ó ré Ágastais go dtí an lá ar thit an leath Iartharach den Impireacht as a chéile faoi thionchar Imirce Mhór na Náisiún, b'í an Róimh an ríocht ba mhó cumhachta, daonra agus achair in Iarthar na hEoráise agus i dTuaisceart na hAfraice. Thosaigh an Róimh ag dul i bhfairsinge i bhfad sular tháinig an mhonarcacht i leaba na poblachta, agus shroich sí barr a fairsinge i ré an Impire Traianus, nuair a cloíodh an Dáicia (i Rómáin an lae inniu) sa bhliain 106. San am sin, bhí timpeall is 5,900,000 ciliméadar cearnacha de thailte faoi smacht na Róimhe. D'fhág an Róimh a sliocht ar chultúr, ar dhlí, ar theicneolaíocht, ar ealaíne, ar theangacha, ar reiligiún, ar rialtas, ar fhórsaí armtha, agus ar ailtireacht na sibhialtachtaí a tháinig i gcomharbas uirthi, agus is féidir a rá go gcaitheann an Róimh a scáth orainn inniu féin.

Go traidisiúnta, glactar leis gur tháinig deireadh le hImpireacht na Róimhe ar an 4 Meán Fómhair 476, nuair a cuireadh Impire deireanach Iarthar na Róimhe, Romulus Augustus nó "Augustulus", as cumhacht, gan aon duine a ghlacfadh an ríchathaoir ina dhiaidh. Mar sin féin, b'é Diocletianus, a tharraing siar ó chúrsaí an rialtais sa bhliain 305, an tImpire deireanach a bhí ag rialú na hImpireachta ina aonar ó chathair na Róimhe. I ndiaidh a lae, scar dhá leath na hImpireachta - leath na Róimhe agus leath Chathair Chonstaintín - as a chéile, agus an bheirt acu ag tabhairt "Impireacht na Róimhe" orthu féin. Chuaigh Impireacht Iarthar na Róimhe in éag i rith na cúigiú haoise, ach mhair an leath Oirthearach - an Impireacht Bhiosántach, mar is gnách a thabhairt uirthi inniu - go dtí an bhliain 1453, nuair a chuir na Turcaigh Otamánacha de dhroim an tsaoil í. Choinnigh na Biosántaigh cultúr agus dlí na sibhialtachta Gréagaí agus Rómhánaí beo ina measc, chomh maith leis an gCríostaíocht Heilléineach agus Cheartchreidmheach, ach níor mhair an Laidin ina mbéal, nó b'fhearr leo an Ghréigis, a bhí á labhairt go fairsing mar chineál francbhéarla in Oirthear na hImpireachta le fada.

Clár ábhair

[athraigh] Forbairt na hImpireachta

Go traidisiúnta, aithníonn na staraithe dhá thréimhse i stair na hImpireachta, is é sin, an Phrionsacht (nó principatus, ón bhfocal princeps, is é sin, "an chéad saoránach"), a mhair ó ré Ágastais go dtí Géarchéim na Tríú hAoise, agus an Tiarnacht (bunaithe ar an bhfocal dominatus, a thagann ó dominus, tiarna), a thosaigh nuair a tháinig Diocletianus i gcumhacht agus a chuaigh in éag le hImpireacht na Róimhe Iartharaí. I mblianta na Prionsachta, coinníodh cuma na poblachta ar an impireacht, agus na forais phoblachtacha i bhfeidhm i gcónaí. Nuair a tháinig an Tiarnacht ar an bhfód, áfach, níor sparáladh ar thaispeántas feiceálach na cumhachta, ar chorónacha óir ná ar dheasghnáthaí impiriúla. Níos deireanaí, shocraigh na staraithe nach raibh an scéal chomh simplí sin: fágadh foirmeacha stairiúla áirithe ó laethanta na poblachta Rómhánaí beo thar na haoiseanna go dtí an Impireacht Bhiosántach féin, agus chuirtí an mhórgacht impiriúil ar taispeántas go galánta i dtús ré na himpireachta féin.

[athraigh] An Chéad Impire

[athraigh] Ó Phoblacht go Prionsacht: Ágastas

[athraigh] Rítheaghlach Iúil agus Claudius

[athraigh] Tiberius

[athraigh] Caligula

[athraigh] Claudius

[athraigh] Nearó

[athraigh] Ceannaircí

[athraigh] Bliain an Cheathrair Impirí

[athraigh] Rítheaghlach Flavius

[athraigh] Vespasianus

[athraigh] Titus

[athraigh] Domitianus

[athraigh] Rítheaghlach Antoninus

[athraigh] Nerva

[athraigh] Traianus

[athraigh] Hadrianus

[athraigh] Antoninus Pius

[athraigh] Marcus Aurelius

[athraigh] Commodus

[athraigh] Rítheaghlach Severus

[athraigh] Géarchéim na Tríú hAoise

[athraigh] Críochdheighilt na hImpireachta

[athraigh] Clann Chonstaintín

[athraigh] Iulianus agus Iovianus

[athraigh] Rítheaghlach Valentinianus

[athraigh] Athaontú faoi Theodosius

[athraigh] Meath an Iarthair

[athraigh] Deireadh na Róimhe Iartharaí

[athraigh] Athbheochan an Iarthair - Impireacht Naofa na Róimhe

[athraigh] Impireacht an Oirthir - an Impireacht Bhiosántach

[athraigh] Teanga

[athraigh] Oidhreacht


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.



aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -