Hernán Cortés
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba thaiscéalaí Spáinneach é Hernán Cortés (rugadh 1485 - bhásaigh 2 Nollaig 1547) a chuir impireacht na nAstacach i Meicsiceo faoi chois le arm an-bheag. Spreag sé sin daoine eile chun saibhreas an Domhain Nua a lorg dóibh féin.
Sheol a athair é chuig ollscoil Salamanca agus rinne sé staidéar ar Dlí ach d'éirigh sé as roimh a chúrsa a chríochnú. Cosúil le mórán Spáinneach óg eile, thug sé aghaidh ar an Domhan Nua. Shroich sé an oileán, an Easpáinneoil, áit a fuair sé talamh agus sclábhaithe Indiacha.
[athraigh] Ord Aimsire
- 1485 - Rugadh é i Medellín, Extremadura, an Spáinn
- 1504 - Sheol sé go dtí an Domhan Nua
- 1511 - Bhain sé páirt amach i ngabháil Chúba le Diego Velázquez
- 1519 - Ceannaire sluaíocht do Mheicsiceo
- 1521 - Na hAstacaigh curtha faoi chois
- 1524 - Ceannaire sluaíocht do Hondúras
- 1528 - Sheol sé ar ais go dtí an Spáinn
- 1530 - D'fhill sé ar Mheicsiceo
- 1540 - Chuaigh sé ar scor go dtí an Spáinn
- 1547 - Bhásaigh sé i Sevilla, an Spáinn, ar an 2 Nollaig