Charles de Gaulle
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Charles De Gaulle | |
18ú Uachtarán na Fraince
1ú Uachtarán na 5ú Poblachta |
|
In oifig 8 Eanáir 1959 – 28 Aibreán 1969 |
|
Réamhtheachtaí: | René Coty |
Comharba: | Georges Pompidou |
|
|
Dáta breithe | 22 Samhain 1890 |
Lille, An Fhrainc | |
Dáta báis | 9 Samhain 1970 |
Colombey-les-Deux-Églises, Haute-Marne, An Fhrainc | |
Páirtí | RPF (1947) UNR (1958) UDR (1968) |
Céile | Yvonne de Gaulle |
Ba uachtarán agus laoch cogaidh na Fraince é an ginearál Charles de Gaulle (22 Samhain, 1890 – 9 Samhain, 1970).
[athraigh] Saol
[athraigh] Saighdiúir
Chuaigh de Gaulle isteach in Airm na Fraince sa bhliain 1912 tar éis ceithre bhliain ag staidéir ag Saint-Cyr, scoil míleata Francach. Bhí sé páirteach sa Chéad Chogadh Domhanda agus gortaíodh agus gabhadh é ag Deaumont i rith Catha Verdun i Márta 1916.
D'fhan sé san Arm tar éis an chogaidh agus tugadh aird dó mar mholtóir cogaidh armúrtha agus eitilte míleata.
Ba Coirnéal é ag tús an Dara Cogadh Domhanda ach fuair sé ardú céime go Briogáidire-Ghinearál tar éis bheith i gceannas ar frithionsaí buach i rith Titime na Fraince sa bhliain 1940 agus tugadh post dó mar Fhorúnaí Cosanta i rialtas na Fraince. Nuair a fuair sé amach go raibh Pétain, Príomhaire na Fraince, ag lorg sosa cogaidh leis na Naitsithe, theith De Gaulle agus oifigigh sinsearacha eile go dtí Londain. Cháin sé an sos cogaidh agus bhunaigh sé Fórsaí na bhFrancach Saor chun leanúint leis an troid in aghaidh na Gearmánaigh.
Thug sé óraid raidío cháiliúil ag iarraidh ar muintir na Fraince seasamh in aghaidh na forgabhála. Throid Fórsaí na bhFrancach Saor i rith an chogaidh agus bhí siad go mór chun tosaigh i saoradh na Fraince. Saoradh Páras ar an 25 Lúnasa, 1944 agus rinneadh Uachtarán Rialtais Sealadach na Fraince de De Gaulle.
D'éirigh sé as an pholaitíocht sa bhliain 1946.
[athraigh] Cinquième République
Tháinig sé i gcumhacht arís sa bhliain 1958, tar éis géarchéime Bhealtaine 1958, le tacaíocht Airm na Fraince. Bhí sé i gceannas ar scríobh bunreachta nua a chuir an Cúigiú Poblacht ar bun agus toghadh é mar Uachtarán na Fraince ar 21 Nollaig, 1958. Thug sé an tír chun síochána agus thug sé neamhspleáchas don Ailgéir, rud a chuir deireadh le cogadh costasach nár theastaigh leis na Fraincigh. Eisíodh airgead nua agus cuireadh an tionsclaíocht chun cinn. Dhiúltaigh sé don Bhreatain dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. D'fhorbair an Fhrainc airm núicléacha agus chuir De Gaulle polasaithe pan-Eorpacha chun tosaigh. D'éirigh sé ar an 28 Aibreán, 1969.
Thug sé cuairt ar Éirinn sa bhliain 1969, tar éis dó éirí as oifig.
Phós sé Yvonne Vendroux sa bhliain 1921 agus bhí triúr clainne acu.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.