Asarbaiseáinis
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Asarbaiseáinis (Azərbaycan dili Азәрбајҹан дили آذربایجان دیلی) |
|
---|---|
Á labhairt: | Poblacht iar-Shóivéadach na hAsarbaiseáine, an Iaráin, an tSeoirsia, an Iaráic, an Tuirc, an Rúis agus an Úcráin |
Réigiún: | an Eoráise |
Cainteoirí san Iomlán: | 20-30 milliún |
Rang: | 31 |
Líne ghinealaigh: | Altaeis Tuircic |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | Poblacht iar-Shóivéadach na hAsarbaiseáine (canúint thuaisceartach), an Iaráic (canúint dheisceartach; go hoifigiúil sna réigiúin ina bhfuil an Tuircméinis i mbéal an tromlaigh) |
Rialaithe ag: | Rialtóir ar bith |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | az |
ISO 639-2 | aze |
ISO/DIS 639-3 | [1] |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Teanga Thurcach is ea í an Asarbaiseáinis a labhraítear i bPoblacht iar-Shóivéadach na hAsarbaiseáine, in iarthuaisceart na hIaráine agus i dtíortha eile, go háirithe sa tSeoirsia. Tá sí an-chosúil leis an Tuircis, agus is iomaí Tuirceach a deir nach bhfuil ann ach canúint de chuid na teanga sin. Tá i bhfad níos mó focal ón bPeirsis in úsáid ag na hAsarbaiseánaigh, agus i bPoblacht na hAsarbaiseáine, cloistear cuid mhór focal Rúisise i gcónaí, i ndiaidh bhlianta fada an fhorlámhais Shóivéadaigh.
B'iad na litreacha Arabacha a bhíodh in úsáid ag na hAsarbaiseánaigh leis an teanga a bhreacadh síos, ar dtús. Nuair a tháinig na Boilséivigh i gceannas ar an Rúis, áfach, chomhairligh siad an aibítir Laidineach a chur i bhfeidhm ar theangacha Tuirceacha an Aontais Shóivéadaigh. Sin é mar a rinneadh ar dtús, is é sin, ó thús na bhfichidí ar aghaidh. Bhí sé beartaithe san am seo an aibítir Laidineach a chur i bhfeidhm ar an Rúisis féin, nó theastaigh ó na Boilséivigh an tír ar fad a oscailt don Iartharachas. Nuair a chuir Stalin deireadh leis an oscailteacht seo, áfach, caitheadh na litreacha Iartharacha féin i dtraipisí, agus chrom na hAsarbaiseánaigh ar leagan den aibítir Choireallach a úsáid sna tríochaidí.
Nuair a tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach, chinn na hAsarbaiseánaigh ar an aibítir Laidineach a chur in úsáid ina dteanga arís. An leagan a úsáideann siad, tá sé an-chosúil le haibítir na Tuircise, nó seasann an litir Ç do "ch" an Bhéarla, agus an C do "j" an Bhéarla. Thairis sin, déantar idirdhealú idir I gan phonc agus İ le ponc. Fuaimnítear an chéad cheann acu cosúil le "ao" na Gaeilge, agus is gnáth-"í" an ceann eile. Is é an litir Ə an ceann is aistí sa teanga, agus í ag seasamh don fhuaim a chuirtear in iúl le [æ] in aibítir idirnáisiúnta na bhfuaimeanna, is é sin, an t-"a" tosaigh. Mar sin, ní hionann Ə na hAsarbaiseáinise agus [ə] na dteangeolaithe, a sheasann don "ghuta chúnta" dhoiléir.
San Iaráin, ní dhéantar mórán saothrú liteartha ar chanúint áitiúil na hAsarbaiseáinise, ach má scríobhtar í, is é an leagan Peirseach den aibítir Arabach a chuirfear i bhfeidhm uirthi, ar ndóigh. Teanga labhartha atá ann go bunúsach, áfach, agus is í an Pheirsis an teanga scríofa is fearr le haos léinn an chúige, fiú más í an Asarbaiseáinis atá ó dhúchas acu.
Tá an Asarbaiseáinis ag seacht milliún duine san Asarbaiseáin féin. Is deacair a rá, cé mhéad a labhraíonn í san Iaráin, ach is gnách glacadh leis go bhfuil sí ag tríocha milliún duine ar fad sa dá thír. Níl sé furasta a rá cé acu canúint Asarbaiseáinise nó teanga ar leith í canúint na treibhe fáin Qashqa'í san Iaráin, mar shampla.
[athraigh] Aibítir na hAsarbaiseáinise
A a
B b
C c - cosúil le "j" an Bhéarla
Ç ç - cosúil le "ch" an Bhéarla
D d
E e
Ə ə - cosúil leis an "a" san fhocal Béarla hat, nó le "á" Ghaeilge Uladh
F f
G g
Ğ ğ - cosúil leis an dóigh a bhfuaimnítear an "gh/dh" leathan i dtús an fhocail sa Ghaeilge. San Asarbaiseáinis, áfach, ní chloistear an fhuaim seo riamh i dtús an fhocail.
H h
X x - cosúil le "ach!" na Gearmáinise, nó leis an "ch" leathan sa Ghaeilge.
I ı - cosúil le "ao" na Gaeilge
İ i - "í" den ghnáthchineál
J j - cosúil le "j" na Fraincise, nó an dóigh a bhfuaimnítear an "s" san fhocal Béarla "measure"
K k
Q q - is mar "g" leathan is minicí a fhuaimnítear an ceann seo, ach i bhfocail éagsúla, bíonn sé cosúil leis an "k" nó leis an "x".
L l
M m
N n
O o
Ö ö - cosúil leis an nGearmáinis
P p
R r
S s
Ş ş - "s" caol, nó cosúil le "sh" an Bhéarla
T t
U u
Ü ü - cosúil leis an nGearmáinis
V v
Y y - cosúil leis an mBéarla.
[athraigh] An cupla focal
bəli - sea
yox - ní hea
yaxşı - go maith
pis - go dona
sağ olun - go raibh maith agat
başa düşmürəm - ní thuigim
zəhmət olmazsa, aramla danışın - ná bí ag labhairt chomh gasta sin, le do thoil
salam - Dia dhuit
xudahafiz - slán
[athraigh] Léigh freisin
AWDE, Nicholas agus Famil Ismailov: Azerbaijani. Azerbaijani-English English-Azerbaijani Dictionary & Phrasebook. Sraith Caucasus World, Curzon Press, Surrey 1999
MAMEDOV, Seville: Hippocrene Concise Dictionary - English-Azerbaijani, Azerbaijani-English. Nua-Eabhrac 2005