An Bhriotáin
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
In iarthuaisceart na Fraince atá an Bhriotáin (Briotáinis: Breizh). Tá oidhreacht Cheilteach ag an mBriotáin, ó chuaigh imircigh ón mBreatain anonn go dtí an ceantar in aimsir na Rómhánach. Sa lá atá inniu ann, is cúige í sa Fhrainc, cé gur baineadh an roinn (départment) Loire Atlantique ón gcúige atá aitheanta go hoifigiúil sna 1960í.
[athraigh] Teanga
Tá an Bhriotáinis gaolmhar leis an mBreatnais atá beo fós sa Bhreatain Bheag agus leis an gCoirnis, teanga a cailleadh i gCorn na Breataine, ach a bhfuil buíon díograiseoirí á saothrú agus á labhairt i gcónaí. Sa lá atá inniu ann, labhraíonn mórán gach duine sa Bhriotáin Fraincis, ach tá níos lú ná céad míle duine a bhfuil cumas labhartha Briotáinise acu.