Al Gore
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is polaiteoir, fear gnó agus buaiteoir an Dhuais Nobel Meiriceánach é Albert Arnold Gore, Jr. (rugadh é ar 31 Márta, 1948), ar a dtugtar Al Gore de ghnáth.
Ina bhall den Pháirtí Daonlathach, chaith Gore an seal idir 1977 agus 1985 i dTeach na nIonadaithe, agus na blianta idir 1985 agus 1993 ina sheanadóir ón stát Tennessee i Seanad na Stáit Aontaithe. B'é Gore an 45ú Leas-Uachtarán na Stáit Aontaithe idir na blianta 1993 agus 2001, i rith uachtaránacht Bill Clinton.
B'é Gore iarrthóir an Pháirtí Daonlathaigh sa toghchán conspóideach na bliana 2000, ach chaill sé i ndeireadh an lae agus bhuaigh George W. Bush an t-uachtaránacht ina áit.
Sa lá atá inniu ann, tá Gore gníomhach sa ghluaiseacht i gcoinne athrú aeráide. Bhuaigh a scannán An Inconvenient Truth an Duais Oscar sa bhliain 2006, agus bronnadh an Duais Nobel air sa bhliain 2007.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.