Bliogh
As a'Wikipedia
Click image for description |
---|
Se Iùpatair, neo Bliogh/Bliugh, an coigeamh planaid agus am fear as motha. Tha an dath air orains, le stiallan ruadh, dearg, is buidh.
Tha moran de fadagan aige.
[deasaich] Fiosrachaidh eile
Ba é Iúpatar (Jupiter) Rí na nDéithe ag na Rómhánaigh. Is é Iúpatar an ceathrú réad is gile sa spéir agus bhí daoine ábalta é a fheiceáil ó thús ama. D'fhéach Galileo Galilei air trí theileascóp sa bhliain 1610 agus chonaic sé go raibh ceithre ghealach aige. Tugtar gealacha Galileo orthu sin i gcónaí (Io, Europa, Ganymede agus Callisto). Ba é seo an chéad uair a chonacthas go raibh rudaí ag dul timpeall ar phlainéad eile seachas an domhan agus ba athrú réabhlóideach é ar an léargas a bhí ag daoine ar an ollchruinne go dtí sin, mar gur creideadh go raibh an domhan i lár agus gach rud eile, an ghrian san áireamh, ag dul timpeall air.
Is plainéad gáis é Iúpatar, gan aon dromchla soladach, cé go bhfuil croílár cloiche istigh ann. Uaireanta, tugtar gásfhathaigh ar phláinéid den chineál seo sa ghrianchóras, agus tá ceithre cinn acu ann: Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún. Is iad na scamaill san atmaisféar atá le feiceáil ón domhan. Hidrigin (90%) agus héiliam (10%) ar fad atá sa phlainéad seachas blúirí bídeacha de gháis eile, uisce, agus amóinia. Tá Iúpatar 142,984 chiliméadar ar trastomhas, agus is ionann a mhais agus 317.8 domhan. Bíonn sé 778 milliún ciliméadar ón nGrian, ar meán. Tá an lá an-ghearr – 9 n-uair agus 55 nóiméad, agus tá bliain Iúpatair cothrom le 11.86 bliana de chuid an domhain. -108°C an mheánteocht atá ann.
Tagann níos mó fuinnimh as Iúpatar i bhfoirm gathaíochta ná mar a fhaigheann sé ón ghrian. Tá fáinní beaga dorcha timpeall ar Iúpatar ach níl siad le feiceáil ón domhan mar atá cuid Satarn.
Tá 63 shatailít ag Iúpatar, nuair a seiceáladh an uair dheireanach é, ach bíonn cinn nua á n-aithint go minic. Is gnách folúsghlantóir an spáis a thabhairt ar Iúpatar, nó baineann sé den spás an chuid is mó de na scuabréaltaí agus de na hastaróidigh a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh don Domhan. Chonacthas sampla maith den obair seo i Mí Iúil 1994, nuair a bhuail an scuabréalta Shoemaker-Levy 9 faoi Iúpatar.
edit An Crios-Grèine |
---|
Planaidean: Mearcair - Ribhinn/Bhèanas - An Talamh (Gealach*) - Corg/Màrt - Bliogh/Iùpatair - Satarn - Urànus - Neiptiùn - Pliùtò |
Eile: Grian - Crios Reultan Seachrain - Reultan earballach - Crios Kuiper - Scattered disc - Neul Oort - 2003 UB313 - Sedna |
Faic cuideachd nithean reul-eòlasach agus solar system's list of objects, sorted by radius or mass. Chan e planaid a th' anns A' Ghealach ach fadag/saideal nàdarrach ann an reul-eòlas seach anns an t-siostam Ptolemaic. |