Viswanathan Anand
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is ficheallaí é Viswanathan Anand (11 Nollaig 1969 a rugadh é, i Chennai, An India).
Tháinig sé i gcomharbacht ar Vladimir Kramnik mar Churadh Domhanda Fichille ar an 29ú Meán Fomhair 2007, nuair a bhuaigh sé Comórtas Chraobh an Domhain i gCathair Mheicsiceo.
Bhuaigh sé Comórtas Chraobh Fichille na hIndia nuair nach raibh sé ach 16 bhliain d'aois. Bhí cáil air i gcónaí ó thaobh cé chomh tapaidh a d'imríodh sé. Aithníodh é mar cheann de na himreoirí is fearr ar domhain é ó thús na 1990í i leith.