See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Tom Waits - Vicipéid

Tom Waits

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tom Waits
Tom Waits

Is ceoltóir, cumadóir agus aisteoir é Thomas Alan Waits. Saolaíodh Waits ar an 7 Nollaig 1949 i Pomona, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá.

[athraigh] Saol

Bhí Waits mar doirseoir ag an gclub oíche 'Heritage' i San Diego sna 1970í, áit a bhí gach saghas ceoltóir ag seinm ann. Bhí Tom Waits tógtha len a lán ceoltóirí agus scríbhneoirí éagsúla, Bob Dylan, Lord Buckley, Hoagy Carmichael, Marty Robbins, Raymond Chandler, and Stephen Foster. Thosaigh sé ag cothú a stíl féin, ag nascadh amhrán agus monalóg agus cur sé an stíl nua i bhfeidhm gach oíche Luain ag an Troubadour i Los Angeles, áit a bhí a lán ceoltóirí ag fanacht i líne don lá ar fad le bheith ar an stáitse. Go gairid tar éis é sin, i 1971, thosaigh Waits ag taifeadadh i Los Angeles nuair a shíniú sé conradh le Herb Cohen agus Asylum Records, fear a bhí mar bhainistoeir Frank Zappa. Bhí Tom Waits 21 ag an am.

Tar éis a lán seisiún deacra, scaoileadh Waits a chéad albaim Closing Time i 1973. Cé go raibh na léirmheasanna go maith, ní bhfuair sé aire forleathan go dtí gur dhein na Eagles leagan nua de amhrán Waits Ol' 55 ar a albaim nua On The Border i 1974.

Thosaigh Tom Waits ag turas le ceoltóirí mar Charlie Rich, Martha and the Vandellas agus Frank Zappa. Cothaíodh Waits lucht leanúna dílis leis an albaim The Heart of Saturday Night i 1974, taispeáin Waits a chúlra mar cheoltóir club oíche, le caint agus canadh le snagcheol mar cheol sa chúlra.

Rinne Waits taifeadadh don albaim Nighthawks at the Diner os comhair lucht féachana le atmaisféar beo a chothú, léiríonn an albaim an tréimhse seo ina slí bheatha, mar aon le eadarlúidí ina mbíonn Waits ag caint idir na amhráin. Agus é ag caint ar cheol an tréimhse sin dúirt Waits "I wasn't thrilled by Blue Cheer, so I found an alternative, even if it was Bing Crosby."[1]

Rinneadh an albaim 'Small Change' i 1976, leis an drumadóir cáiliúl Shelly Manne. Bhí go leor tionchar Jazz san albaim, agus is le h-amhrán mar "The Piano Has Been Drinking" agus "Bad Liver and a Broken Heart" a tháinig clú ar Waits don saol drabhlásach. Bhí stíl liriciúl ag Waits a tháinig ó thionchar Raymond Chandler agus Charles Bukowski.

[athraigh] Leaschraol is mó cáil

Bliain Teideal Eolas speisialta Íomhá
1973 Closing Time
1974 Heart of Saturday Night
1975 Nighthawks at the Diner Beo
1976 Small Change
1977 Foreign Affairs
1978 Blue Valentine
1980 Heartattack and Vine
1982 One From the Heart Fuaimrian don scannán One From the Heart
1983 Swordfishtrombones
1985 Rain Dogs
1987 Franks Wild Years Comhoibriú lena phairtnéir Benoît Christie
1988 Big Time CD beo, scannán, leaschraol dlúthdhiosca
1992 Night on Earth Fuaimrian don scannán Night on Earth
1992 Bone Machine Bhain sé an Grammy Award for Best Alternative Music Album
1993 The Black Rider Comhoibriú le Wm. S. Burroughs
1999 Mule Variations Bhain sé an Grammy Award for Best Contemporary Folk Album
2002 Blood Money
2002 Alice
2004 Real Gone
2006 Orphans

[athraigh] Naisc sheachtracha


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.



aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -