See also ebooksgratis.com: no banners, no cookies, totally FREE.

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Thomas Moore - Vicipéid

Thomas Moore

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Thomas Moore.
Thomas Moore.

File Éireannach ab ea é Thomas Moore (28 Bealtaine, 1779 - 25 Feabhra, 1852), a rugadh i mBaile Átha Cliath. Ba file, ceoltóir agus eagarthóir é.

[athraigh] Saol

Saolaíodh Moore ag cúinne Sráid Ainséir i gcathair Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1779, mac le cainteoir Ghaeilge as an nGaeltacht i gContae Chiarraí agus a bhean Anastasia Codd as Loch Garman. Fuair sé a chuid oideachais ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, coláiste a thosaigh ag glacadh le Caitlicigh thart faoin am sin. Bhog Moore go Londain, Sasana chun staidéar ar dlí a dhéanamh, ach thosaigh sé ag baint clú agus cáil amach mar amhránaí agus file ag an am céanna.

Ba dhuine iomráiteach é Moore i Londain, agus sa bhliain 1803 ceapadh ina chláraitheoir é ar an aimiréalacht i mBeirmiúda. D'fhan sé ansin ar feadh tamaill, agus ansin thaistil sé go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada. D'fhill sé ar Londain, agus phós sé an bhanaisteoir Elizabeth "Bessy" Dyke sa bhliain 1811.

Níos déanaí, chuir sé faoi i mBromham, Wiltshire sa Sasana. Lean sé ar aghaidh ag scríobh mar fhile, úrscéalaí agus beathaisnéisí rathúil. Bhí tréimhse tubaisteach aige i rith a bhlianta deireanacha, nuair a chailleadh gach aon leanbh a bhí aige agus buaileadh é fhéin le stróc.

Creidtear gurb é Bard Náisiúnta na hÉireann é Moore, amhail le Robert Burns san Albain. Tá dealbh in ómos dó in aice le Coláiste na Tríonóide, agus plaic chuimhneacháin ar an dteach ina rugadh é ar Sráid Ainséir.

B'é Moore a scríobh na liricí don amhrán The Last Rose of Summer, nuair a bhí sé ar saoire i gContae Chill Chainnigh sa bhliain 1805. Tá saothair Moore le cloisteáil freisin i gceol na gcumadóirí Robert Schumann, Hector Berlioz, Charles Ives, William Bolcom, agus Lori Laitman.

[athraigh] Saothair

  • The Harp That Once Through Tara’s Halls
  • The Minstrel Boy
  • Believe Me If All Those Endearing Young Charms
  • The Meeting of the Waters
  • Lalla Rookh: an Oriental Romance (1817)
  • The Fudge Family in Paris (1818)
  • The Loves of the Angels (1823)
  • The Epicurean (1827)


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.



aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -