Pálás Versailles
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seanphálás ríoga de chuid na Fraince is ea Pálás Versailles (Château de Versailles as Fraincis). Tá sé lonnaithe i Versailles, áit atá ina bruachbhaile de Pháras anois. Tosaíodh ar an bPálás a thógáil le linn réimeas Laoiseach XIV agus d'fhorbair sé ina lár-ionad cumhachta do mhonarcacht absalóideach na Fraince, rud a mhair go dtí Réabhlóid na Fraince. Is díol spéise mór é do thurasóirí a thagann go dtí an Fhrainc, sa lá atá inniu ann.
[athraigh] Bunús an Árais Ríoga
Cuireadh tús leis an lonnaíocht ríoga i Versailles nuair a thóg Laoiseach XIII lóiste sealgaireachta ansin dó féin idir na blianta 1623-34.
[athraigh] Forbairt an Pháláis
Nuair a tháinig Laoiseach XIV i gcomharbacht air, bhí suim mhór aige siúd lárionad cumhachta a bhunú dó féin ar mhaithe le seasmhacht pholaitiúil a bhaint amach sa Fhrainc. Chinn sé ar fhorbairt a dhéanamh ar lóiste sealgaireachta a athar i Versailles, chun na sprice seo. Tosaíodh ar an obair i 1662 agus an t-ailtire Louis La Vau ina bun.
[athraigh] Naisc Sheachtracha
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.