We provide Linux to the World

ON AMAZON:



https://www.amazon.com/Voice-Desert-Valerio-Stefano-ebook/dp/B0CJLZ2QY5/



https://www.amazon.it/dp/B0CT9YL557

We support WINRAR [What is this] - [Download .exe file(s) for Windows]

CLASSICISTRANIERI HOME PAGE - YOUTUBE CHANNEL
SITEMAP
Audiobooks by Valerio Di Stefano: Single Download - Complete Download [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Alphabetical Download  [TAR] [WIM] [ZIP] [RAR] - Download Instructions

Make a donation: IBAN: IT36M0708677020000000008016 - BIC/SWIFT:  ICRAITRRU60 - VALERIO DI STEFANO or
Privacy Policy Cookie Policy Terms and Conditions
Oileáin Fháclainne - Vicipéid

Oileáin Fháclainne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Falkland Islands
Bratach Fháclainne Armas Fháclainne
Bratach Armas
Mana: "Desire the right" ("Santaigh an Ceart")
Amhrán náisiúnta: "God Save the Queen"
Go sabhála Dia an Bhanríon
Suíomh Fháclainne
Príomhchathair Stanley
51°42′ Thuaidh 57°51′ Thiar
An chathair is mó An Phríomhchathair
Teangacha oifigiúla Béarla
Rialtas

Monarc
Príomhaire
Gobharnóir
Críoch thar lear de chuid
na Ríochta Aontaithe
Eilís II
Alan Huckle
Chris Simpkins
Críoch thar lear
Lá na Fuascailte

14 Meitheamh 1982
Achar
 • In iomlán
 • Uisce (%)
 
12,173 km² (162ú)
~
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh -
 • Dlús
 
3,060 (226ú)

0.25/km² ( )
OTI (PCC)
 • In iomlán
 • An duine
Meas. ó 2005
$75 milliún (223ú)
$25,000 (-)
Airgeadra punt Fháclainne (FKP)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
-4 (UTC)
(UTC-3)
Fearann Idirlín .fk
Glaochód +500

Críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe iad Oileáin Fháclainne (Islas Malvinas as Spáinnis), agus iad suite san Aigéan Atlantach, 300km soir ó chósta na hAirgintíne agus 940km ó thuaidh ón Antartaice. Is iad Fáclainn Thiar agus Fáclainn Thoir na príomhoileáin san oileánra seo.

Tá an t-ainm Gaeilge bunaithe ar an mBéarla. Téann an t-ainm Béarla siar go dtí an bhliain 1690, nuair a bhaist John Strong ainm a urraí féin, Anthony Cary, Bíocúnta Falkland, ar na hoileáin. Maidir leis an ainm Spáinnise, leagan is ea é den ainm Fraincise Îles Malouines. D'fhéach Louis Antoine de Bougainville, sa bhliain 1764, le hiascairí Briotánacha ó Saint Malo a chur ina gcónaí sna hoileáin, agus is as na chéad choilínitheoirí seo a d'ainmnigh sé an áit.

Clár ábhair

[athraigh] Stair

Is deacair bun ná barr a dhéanamh de stair na n-oileán, agus an oiread stát is a d'éiligh gur leo féin iad, idir an Fhrainc, an Spáinn, an Ríocht Aontaithe agus an Airgintín. Nuair a bhain an Airgintín amach a neamhspleáchas sa bhliain 1816, thosaigh sí, i gcomharbas ar an Spáinn, ag tabhairt le fios gur léise na hoileáin. Sa bhliain 1831, chuir an long chogaidh Mheiriceánach USS Lexington an t-áitreabh Airgintíneach i bPuerto Soledad (inniu, Port Louis) de dhroim an tsaoil, agus go gairid ina dhiaidh sin, shealbhaigh na Sasanaigh an t-oileánra. Sa bhliain 1982, arís, d'ionsaigh rialtas míleata na hAirgintíne na hoileáin, agus d'éirigh ina chogadh idir an Airgintín agus an Ríocht Aontaithe. I ndiaidh dhá mhí, d'éirigh leis na Sasanaigh ruaigeadh a chur ar na hAirgintínigh agus a bhforlámhas a chur i bhfeidhm in athuair.


Comhartha bóthair ag fáiltiú na gcuairteoirí isteach go príomhchathair Fháclainne, Stanley.
Comhartha bóthair ag fáiltiú na gcuairteoirí isteach go príomhchathair Fháclainne, Stanley.

[athraigh] Fionnachtain na nOileán

Nuair a tháinig na chéad taiscéalaithe ón Eoraip ar na hoileáin, ní bhfuair siad áitreabh ar bith rompu. Mar sin féin, tá iarsmaí seandálaíochta - iarsmaí de shaighde agus de bháid - faighte i bhFáclainn a thugann le fios gur shroich daoine réamhstairiúla an t-oileánra fadó agus b'fhéidir, fiú, gur shocraigh siad síos ansin. Nuair a tháinig an chéad Eorpach i dtír, bhí cineál ar leith den tsionnach, an sionnach Fáclannach nó Dusicyon australis, beo ansin i gcónaí (chuaigh sé in éag sa dara leath den naoú haois déag), agus síltear gurbh iad na daoine a thug an sionnach leo ó mhórthír Mheiriceá Theas, cé go bhfuil sé incheaptha gur tháinig sé as féin nuair a bhí droichead talún idir Fáclainn agus an mhórthír, le linn na hOighearaoise deireanaí.

Creidtear gurbh é an mairnéalach Ollannach, Sebald de Weert, ba túisce a chuir sonrú san oileánra, thiar sa bhliain 1600. Bhaist na hOllannaigh "Oileáin Sebald" ar an oileánra ansin. Sa bhliai 1690, bhí an captaen Sasanach John Strong ag iarraidh Puerto Deseado sa Phatagóin a bhaint amach, ach níor cheadaigh na gaotha dó é, agus b'éigean dó dul i dtír sna hoileáin. B'eisean a d'ainmnigh na hoileáin as Viocúnta Falkland, an coimisinéir Aimiréalachta a mhaoinigh a thuras go Puerto Deseado.

[athraigh] An Chéad Áitreabh

B'é Louis Antoine de Bougainville, saighdiúir agus loingseoir Francach, a bhunaigh an chéad bhuanáitreabh sna hoileáin sa bhliain 1764, san áit a bhfuil Port Louis inniu. An bhliain a bhí chugainn, áfach, tháinig an captaen Sasanach John Byron go dtí na hoileáin, agus ghabh sé Oileán Saunders, an ceann is faide thiar de na hoileáin, do choróin Shasana. B'ansin a bunaíodh an chéad áitreabh Sasanach, Port Egmont, sa bhliain 1766. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, shealbhaigh na Spáinnigh an choilíneacht Fhrancach, agus d'ionsaigh siad Port Egmont sa bhliain 1770 leis na Sasanaigh a ruaigeadh. Ba dhóbair go n-éireodh ina chogadh faoi na hoileáin san am sin féin, ach sa bhliain 1771, síníodh conradh nár shocraigh a dhath - fuair na coilínithe Sasanacha cead filleadh ar Phort Egmont, ach níor ghéill aon taobh orlach ar bith den fhorlámhas a bhí siad a éileamh ar na hoileáin.

[athraigh] An Tarraingt Siar

Sa bhliain 1774, nuair a bhí muintir na gcoilíneachtaí i Meiriceá Thuaidh ag cur cogaidh lena saoirse a bhaint amach ó choróin Shasana, tharraing na Sasanaigh siar óna lán dá gcuid coilíneachtaí beaga, Fáclainn san áireamh, le hacmhainní a sparáil. Níor fhág siad ina ndiaidh ach plaic chuimhneacháin ina raibh éileamh na Sasanach ar na hoileáin leagtha amach. Bhí an Spáinn ag coinneáil áitreabh dá cuid féin ag imeacht, áfach, agus é á rialú mar chuid de Leasríocht Río de la Plata. Sa bhliain 1811, áfach, tharraing na Spáinnigh féin siar ó Fháclainn, gan ach plaic dá gcuid féin a fhágáil ina ndiaidh.

[athraigh] Na hAirgintínigh ag Sealbhú na nOileán

Nuair a bhain Leasríocht Río de la Plata amach an neamhspleáchas - ar dtús, thug sí an t-ainm "Cúigí Aontaithe Río de la Plata" uirthi féin, ach is é an t-ainm atá uirthi inniu ná an Airgintín - glacadh leis gur cuid den stát neamhspleách nua ab ea iad Oileáin Fháclainne, de réir an phrionsabail úd uti possidetis (is é sin, ós cuid den Leasríocht ab ea iad na hoileáin roimhe sin, b'fhollas gur cuid de na Cúigí Aontaithe ab ea iad anois). Ar an 6 Samhain 1820, d'ardaigh an Coirnéal David Jewett, Meiriceánach a bhí ar fiannas i gcabhlach cogaidh na gCúigí Aontaithe, bratach na tíre sin sna hoileáin, agus thug sé rabhadh do na mairnéalaigh Fhrancacha agus Shasanacha sa timpeallacht gan dul i dtír ansin, rabhadh nár thug siadsan aon aird air.

An phríomchathair, Stanley
An phríomchathair, Stanley

Sa bhliain 1826, bhunaigh na Cúigí Aontaithe coilíneacht agus áitreabh pionóis sna hoileáin, ach nuair a ghabh Gobharnóir na n-oileán, Luis Vernet, seilbh ar bháid de chuid sealgairí róin ó na Stáit Aontaithe, scrios longa cogaidh Meiriceánacha an t-áitreabh. Ina dhiaidh sin, fágadh na hoileáin faoi na príosúnaigh a d'éalaigh as an áitreabh pionóis, chomh maith le cibé foghlaí mara a rachadh ar lorg tearmainn ansin. Sa bhliain 1832, chuir na Cúigí Aontaithe gobharnóir nua go dtí na hoileáin, ach d'éirigh muintir na háite amach ina aghaidh agus maraíodh sa teagmháil é.

[athraigh] Gabháltas na Sasanach ar na hOileáin

I Mí Eanáir 1833, d'fhill fórsaí armtha na Breataine Móire go dtí na hoileáin, agus chuir siad in iúl do cheannasaí na nAirgintíneach go raibh siad le forlámhas na Breataine Móire a chur i bhfeidhm orthu. Na daoine a raibh cónaí orthu sna hoileáin cheana féin, ceadaíodh dóibh fanacht ansin, agus gaireadh gobharnóir nua de William Dickson, Éireannach a shocraigh síos sna hoileáin nuair a bhí Vernet i gceannas orthu. Ní ba déanaí sa bhliain chéanna, d'fhill fear ionaid Vernet, Matthew Brisbane, go dtí na hoileáin, agus fuair sé le cloisteáil go raibh na Briotanaigh sásta cead a ngnóthaí a fhágáil ag Vernet i bhFáclainn, a fhad is nach bhféachfadh sé le forlámhas na Breataine Móire sna hoileáin a shárú.

[athraigh] Bunáit Mhíleata na Sasanach

Thóg Cabhlach Ríoga na Breataine Móire bunáit i Stanley, agus tiontaíodh na hoileáin ina n-áit straitéiseach don loingseoireacht timpeall Cabo de Hornos. I Mí na Nollag 1914, chuir Cabhlach Ríoga na Breataine Móire agus Cabhlach Impiriúil na Gearmáine cath ar a chéile in aice le hOileáin Fháclainne, agus b'ar na Gearmánaigh a briseadh an cath seo sa deireadh. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, bhí Stanley ina longfort cogaidh arís ag soláthar acmhainní do na longa a ghlac páirt i gCath Cabhlaigh Río de la Plata. Sa chath seo, rinne longa cogaidh de chuid na Sasanach díobháil chomh trom don Admiral Graf Spee, cúrsóir trom nó "cathlong póca" de chuid na nGearmánach, agus nach bhfuair an captaen aon dara rogha ach an long a pholladh é féin ina dhiaidh sin. Ós rud é go raibh an Admiral Graf Spee ar ceann de na longa cogaidh ba nua-aoisí ag an am, ba mhór an bua a bhí ann ag na Sasanaigh, cé gur chaill siad cuid mhór mairnéalaigh sa chath.

[athraigh] Na hAirgintínigh ag Éileamh a gCirt

Tháinig ceist an fhorlámhais faoi chaibidil arís sa dara leath den fhichiú haois. Níor ghéill na hAirgintínigh na hoileáin riamh do na Sasanaigh ach amháin faoi bhagairt an fhoréigin, agus anois, rith leo go bhféadfaidís leas a bhaint as na Náisiúin Aontaithe lena gcás a chur os comhair an tsaoil mhóir. Ó bhí na Náisiúin Aontaithe tar éis rún a rith ag éileamh díchoilíniú na gcoilíneachtaí, bhí na hAirgintínigh barúlach go dtabharfadh na Briotanaigh suas iad. Ón taobh eile, bhí rún eile ann a rinne coinníoll de go gcuirfeadh an díchoilíniú faoi bhráid mhuintir na háite i reifreann, agus na Briotanaigh ag tagairt don choinníoll seo: de phór Shasana ab ea iad bunadh na n-oileán, ó thaobh an chultúir agus na teanga de ar a laghad, agus b'éadócha go gcaithfidís vóta in aghaidh an fhorlámhais Bhriotanaigh.

Sna 1960idí, chuaigh na Sasanaigh agus na hAirgintínigh chun comhchainteanna faoi thodhchaí Oileáin Fháclainne ó am go ham, ach níor tháinig aon toradh ar leith astu. B'é oighear an scéil go raibh cónaitheoirí na n-oileán meáite ar an nasc leis an Ríocht Aontaithe a choinneáil.

[athraigh] Na Naisc idir an Airgintín agus Oileáin Fháclainne

B'é Aerfhórsa na hAirgintíne (Fuerza Aerea Argentina) a chuir tús leis an chéad cheangal aerthráchta idir na hOileáin agus aon áit taobh amuigh díobh. Is é an tAerfhórsa atá ag reachtáil aerlíne stáit na hAirgintíne, LADE (nó Lineas Aereas del Estado, a chiallaíonn, go simplí, "Aerlínte an Stáit"). Aerárthaí den chineál Grumman HU-1 Albatross a bhí in úsáid acu, agus iad ag eitilt ó Comodoro Rivadavia (príomhchathair Chúige Chubut sa Phatagóin i ndeisceart na hAirgintíne) go Stanley, príomhchathair na nOileán. Eitleáin uisce a bhí iontu a thuirlingeodh san fharraige, ionas nach raibh aerfort ná rúidbhealach de dhíth orthu.

D'iarr Aerfhórsa na hAirgintíne cead ar lucht rialtais na Ríochta Aontaithe an chéad rúidbhealach a ghearradh sna hOileáin. Bhí na Sasanaigh sásta leis an tairiscint, agus nuair a bhí an t-aerfort críochnaithe, thosaigh na hAirgintínigh ag eitilt dhá thuras in aghaidh na seachtaine go dtí na hOileáin. Tháinig deireadh leis an aerthrácht seo, áfach, sa bhliain 1982, nuair a thosaigh Cogadh Fháclainne.

B'é comhlacht náisiúnta artola agus gáis na hAirgintíne, YPF (Yacimientos Petrolíferos Fiscales, is é sin, Na hOlaréimsí Fioscacha - nó Olaréimsí an Státchiste) a choinníodh fuinneamh le muintir na nOileán.

[athraigh] An Cogadh

Cuireadh an chéad síol le Cogadh Fháclainne, nuair a shealbhaigh trúpaí Airgintíneacha Oileán Georgia Theas ar an 19 Márta 1982. Go gairid ina dhiaidh sin, d'fhorghabh na hAirgintínigh Oileáin Fháclainne féin. San am seo, bhí an Airgintín á rialú le lámh láidir ag rialtas míleata an Ghinearáil Leopoldo Galtieri, agus é buartha faoina chumhacht, ó bhí géarchéim eacnamaíochta ag cothú míshástachta i measc na cosmhuintire. Theastaigh cúis uaidh a d'aontódh an náisiún, agus b'é an seanfhaltanas faoi na hOileáin an t-aon chúis a bhí in aice láimhe dó. Is dócha nár chreid Galtieri agus a chuid ginearál go rachadh na Sasanaigh i dtuilleamaí fórsaí míleata leis na hoileáin a athghabháil.

Bhí cuma cineál barrúil ar thús an chogaidh: ar an 19 Márta, chuaigh baicle de thrádálaithe mangarae ón Airgintín i dtír in Oileán Georgia Theas leis an mbratach bhánghorm a ardú ansin. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh na cúrsaí chun dáiríreachta, nó ar an dara lá de Mhí Aibreáin, shealbhaigh fórsaí armtha na hAirgintíne Oileáin Fháclainne féin.

Chuala údaráis na Ríochta Aontaithe an chéad iomrá ar an ionsaí seo tríd an raidió amaitéarach, ach nuair a chuala, ní raibh aon mhoill orthu tascfhórsa armtha a shlógadh le dul chun cogaidh ar na hAirgintínigh. Nuair a bhí na cathanna thart, bhí 258 saighdiúirí Briotanacha agus 649 Airgintíneach tar éis bháis, agus na hOileáin athghafa ag na Sasanaigh. Mar sin féin, tá an Airgintín ag éileamh na nOileán inniu féin.

Sa Ríocht Aontaithe, threisigh an cogadh go mór mór le tacaíocht na ndaoine leis an bPríomh-Aire Margaret Thatcher. Ón taobh eile de, nuair a bhí an cluiche caillte ag na hAirgintínigh, spreagadh an chosmhuintir thall ansin chun móragóidíochta agus sluachorraíola in aghaidh an rialtais mhíleata, agus glactar leis go coitianta gurbh í an agóidíocht seo a chuir deireadh le deachtóireacht na nginearál, ionas gur tháinig an daonlathas ar ais san Airgintín.

[athraigh] Imeachtaí an Chogaidh

Faoi lár an Aibreáin, bhí bunáit aerchogaidh curtha ar bun ag na Sasanaigh in Oileán Ascension. Chuaigh fórsaí armtha an dá stát chun teagmhála le chéile ón Aibreán ar aghaidh. Ar dtús, shealbhaigh na Briotanaigh Oileán Georgia Theas. Chuaigh an chéad díorma dá gcuid i dtír ar an 21 Aibreán, ach ansin, chuir an drochaimsir isteach orthu tuilleadh trúpaí a thabhairt isteach. Ar an 23 Aibreán, tháinig fomhuireán Airgintíneach i gcóngar don tascfhórsa timpeall Georgia Theas, agus cupla lá ina dhiaidh sin, fuair na Sasanaigh radharc ceart uirthi le hí a ionsaí. Buamáladh í le lánáin doimhneachta is le toirpéid ó na heileacaptair, agus rinneadh an oiread dochair di nach raibh sí ábalta dul faoi uisce a thuilleadh. Thréig an criú an fomhuireán ar an trá i Georgia Theas. Ar an lá céanna, chuaigh na saighdiúirí Sasanacha i dtír ansin, agus ghéill na hAirgintínigh dóibh gan oiread is urchar amháin a scaoileadh.

Ina dhiaidh sin, chuaigh eitleáin throma na Ríochta Aontaithe ag buamáil an aerfoirt i bhFáclainn, ach níor éirigh leo mórán dochair a dhéanamh dó: ní raibh na hAirgintínigh i bhfad ag cur deise ar na radair agus ar an rúidbhealach i ndiaidh an bheagáin díobhála a rinne na pléascáin. Go bunúsach, ní raibh na Sasanaigh ach ag cur breosla eitilte amú le linn na n-ionsaithe seo. B'éigean do na heitleáin an-turas a chur díobh ón mbunáit mhíleata in Oileán Ascension go dtí Fáclainn, ionas go gcaithfí breosla a thabhairt dóibh thuas san aer.

Ar an chéad lá de Mhí Bealtaine, thosaigh an troid idir na Briotanaigh agus na hAirgintínigh san aer. Bhí na Briotanaigh ábalta trí eitleán de chuid an námhad a bhaint anuas; thairis sin, thit an ceathrú ceann acu le lámhach na nAirgintíneach féin nuair a bhí sí ag iarraidh filleadh go dtí aerfort Stanley le teacht slán ó na Sasanaigh.

Ar an 2 Bealtaine, shuncáil fomhuireán Sasanach an cúrsóir éadrom Airgintíneach General Belgrano le toirpéid. Maraíodh breis is trí chéad de chriú na loinge, agus b'éigean leis an seacht gcéad eile acu fanacht le lucht a dtarrthála i bhfarraige fhuar stoirmiúil. Sa deireadh, tháinig longa Airgintíneacha agus Síleacha chun fortachta dóibh. Bhí suncáil an General Belgrano ina cúis achrainn ina dhiaidh sin i saol polaitiúil na Ríochta Aontaithe, ó bhí an long taobh amuigh den limistéar cogaidh timpeall na n-oileán, nuair a hionsaíodh í.

I ndiaidh shuncáil an Belgrano, bhí misneach an chabhlaigh Airgintínigh briste ar fad. D'fhill siad abhaile, agus níor fhág siad an cuan a thuilleadh. Bhí na heitleáin Airgintíneacha ábalta sásamh éigin a bhaint, nó ar an dara lá de Mhí Bealtaine, d'ionsaigh siad an HMS Sheffield, scriostóir Sasanach. Buaileadh an Sheffield le diúracáin de chuid na n-eitleáin, agus chuaigh sí trí thine.

Ar an 21 Bealtaine, chuaigh ceithre mhíle de shaighdiúirí Sasanacha i dtír ar na cladaí timpeall San Carlos Water in iarthuaisceart Fháclainn Thoir. Bhí an áit faoi shíorionsaí ag na heitleáin Airgintíneacha, agus bhaist na saighdiúirí Sasanacha Bomb Alley nó Cosán na mBuamaí ar an oibríocht seo. Mar sin féin, d'éirigh leo ceann droichid a bhunú sna hoileáin féin a chuir ar a gcumas na hAirgintínigh a ionsaí agus na hoileáin a athghabháil.

Ón taobh eile de, d'éirigh leis na hAirgintínigh an-damáiste a dhéanamh do chabhlach na Breataine Móire faoin am céanna. Shuncáil siad cupla long Shasanach, ina measc long mhór tráchta a bhí ag tabhairt isteach heileacaptair. Cailliúint mhór a bhí ann ó thaobh na loighistice de.

Ar an 27 Bealtaine agus an lá dar gcionn, chuaigh na paratrúipéirí Briotanacha ar aghaidh ó cheann droichid San Carlos le Darwin agus Goose Green a ionsaí. D'éirigh ina chogadh dearg i nGoose Green, agus i ndiaidh cathanna fuilteacha, bhí na hAirgintínigh cloíte. Fuair 55 daoine acu bás sa teagmháil, agus ghéill breis is míle Airgintíneach iad féin do na Briotanaigh.

Nuair a bhí na fórsaí Airgintíneacha i nGoose Green curtha i leataobh, thosaigh na trúpaí Briotanacha ag máirseáil trasna leath thuaidh Fháclainn Thoir, i dtreo Teal Inlet ar an gcósta thuaidh.

Faoin am céanna, chuaigh fórsaí speisialta na Ríochta Aontaithe i dtír i gcóngar do Stanley. Bhí na hAirgintínigh meáite, áfach, na Sasanaigh a stopadh ag Mount Kent, in aice le Stanley, agus mar sin, bhí comhchruinneagán mór de dhíormaí Airgintíneacha ag fanacht leo ansin.

Ar an 1 Meitheamh, tháinig cúig mhíle de shaighdiúirí Briotanacha isteach, sa bhreis ar a raibh ann cheana. Anois, mhothaigh na Sasanaigh iad féin sách láidir le Stanley a ghabháil. Ar an 2 Meitheamh, chuaigh dornán paratrúipéirí go dtí Swan Inlet. Fuair siad amach go raibh an limistéar saor ó thrúpaí Airgintíneacha ar fad, agus mar sin, d'éirigh na Sasanaigh ródhána: d'fhéach siad le dul i dtír timpeall Port Pleasant ar mórscála, ach ansin, d'iompaigh sé amach go raibh siad in áit nach raibh inchosanta. Mar sin, bhí aerfhórsa na hAirgintíne ábalta an-dochar a dhéanamh agus cuid mhór saighdiúirí a mharú.

Ar an 11 Meitheamh, thosaigh mórionradh na mBriotanach ar Stanley. Faoi choim na hoíche, d'ionsaigh briogáid iomlán de shaighdiúirí an fáinne de thalamh ard timpeall na príomhchathrach, agus sluaite móra Airgintíneacha á cosaint. I ndiaidh troideanna troma, cloíodh na hAirgintínigh ar an 14 Meitheamh, agus cimíodh 9,800 saighdiúir Airgintíneach. Ina dhiaidh sin, bhí an cogadh beagnach thart. Ghéill na hiarsmaí deireanacha de na hAirgintínigh iad féin in Oileáin Sandwich Theas, timpeall Oileán Georgia Theas. Le fírinne, bhí na trúpaí Airgintíneacha anseo ón mbliain 1976 ar aghaidh, nó sa bhliain sin, bhunaigh an Airgintín Bunáit Mhíleata Corbeta Uruguay in Oileáin Sandwich Theas le brú a chur ar na Sasanaigh ceart na hAirgintíne ar Oileáin Fháclainne a admháil. Ba chuma leis na Sasanaigh an bhunáit seo go dtí gur phléasc an cogadh amach.

[athraigh] I nDiaidh an Chogaidh

I ndiaidh an chogaidh, chuir fórsaí armtha na Breataine Móire longfort nua míleata ar bun sna hoileáin le súil a choinneáil ar na hAirgintínigh. Cuireadh tarmac nua ar na bóithre agus caoi ní b'fhearr ar na hoileáin ar fad. Tháinig méadú ar dhaonra Stanley, ach tá an tuath á bánú.

Sa bhliain 1985, reachtaíodh dlí nua le rialtas dúchais iomlán a chinntiú do na hoileáin. Tá muintir Fháclainne á rialú féin inniu agus daonlathas ionadaíoch acu, cé go bhfuil cúrsaí an pholasaí eachtraigh agus na cosanta fágtha faoi rialtas na Ríochta Aontaithe i gcónaí.

Cé go bhfuil na caoirigh tábhachtach do gheilleagar na nOileán i gcónaí, tá athrú ag teacht air sin. Thángthas ar artola, ar dhiamaint agus ar ghás timpeall na nOileán. Thairis sin, tá an turasóireacht ag dul chun tábhachta. Scéal eile fós go mbíonn na hOileáin ag díol cearta iascaireachta le comhlachtaí coimhthíocha iascaigh.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Static Wikipedia 2008 (March - no images)

aa - ab - als - am - an - ang - ar - arc - as - bar - bat_smg - bi - bug - bxr - cho - co - cr - csb - cv - cy - eo - es - et - eu - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - frp - fur - fy - ga - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - jbo - jv - ka - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - ms - mt - mus - my - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nn -

Liber Liber 2023 - Authors

abati - abba - abbate - accademia_degli_intronati - accati - accetto - acerbi - adami - agabiti - agamennone - aganoor - agaraff - agostini - agraives - agresti - agrippa - alamanni - albergati_capacelli - albert - albertazzi - albertelli - alberti - alberti_leandro - alberti_tommaso - albini - albinoni - albori_della_vita_italiana - alcott - aleardi - alfa - alfieri - algarotti - ali - alighieri - alighieri_jacopo - allen - aloysius - amabile - amalteo - amari - amati - ambrogini - amidei - amodeo - andersen - anderson - andrea_da_barberino - andreis - angiolieri - angiolini - anile - anonimo - antiquarie_prospettiche_romane - antoccia - antona_traversi - antonelli - appelius - apuleius - aragona - arbib - archinti - arenskij - aretino - ariosto - aristoteles - armaroli - aroldi - arouet - arrhenius - arrieta - arrighi - arrigoni - arsinov - artom - artusi - atlante - auber - audran - auto_da_fe_in_bologna - avancini - azeglio - bacci - baccini - bacci_peleo - bach - bachi - bachi_riccardo - bachofen - bach_carl_philipp_emanuel - bach_johann_bernhard - bach_johann_ludwig - bach_wilhelm_friedemann - bacigalupo - badia_y_leblich - baffo - bakunin - balakirev - balbo - balbo_italo - baldacci - balsamo - balzac - balzani - banchieri - bandello - bandi - baratono - baratono_adelchi - barbagallo - barbaranelli - barbarani - barbarich - barberini - barbiera - barbieri - barbieri_francisco - barbusse - barella - bargiacchi - baricelli - barla - barni - barrie - barrili - bartok - bartoli - bartoli_daniello - barzini - basile - bassano - bassano_anthony - bastianelli - baudelaire - baunard - bazzero - bazzoni - becattini - beccari - beccaria - beccaria_antonella - beckford - beethoven - belgioioso - belgiojoso - bellacchi - bellani - belli - bellini - belloc_lowndes - bellone - belo - beltrame - beltramelli - bembo - benaglio - benamozegh - benco - benco_delia - benedetti - benelli - beolco - berchet - berchet_guglielmo - berg - berlioz - bernard - bernardino_da_siena - berneri - berneri_camillo - berneri_maria_luisa - berni - bersezio - bertacchi - bertacchi_cosimo - bertelli - berti - bertinetti - bertini - bertola - bertoni - bertoni_brenno - bertoni_luigi - berwald - besana - bestiario_moralizzato - betteloni - betti - bettinelli - bettoni - bevilacqua - beyle - bhagavad_gita - biagi - bianchi - bianchi_giovini - bianco - bianconi - bianconi_giovanni_lodovico - bibbia - bibbiena - biber - biffoli - binazzi - bini - biografie_e_ritratti_d_illustri_siciliani - bisciola - bisi - bizet - bizzarri - bizzozero - blackwood - blake - blanch - blanchard - blaserna - boccaccio - boccalini - boccardi - boccardo - boccherini - bocchi - bodrero - boerio - boghen_conegliani - boiardo - boieldieu - boine - boito - boito_a - bolza - bon - bonacini - bonaparte - bonarelli - bonatelli - bonaventura - bonaventura_enzo - bond - bonfadini - bonghi - bonizzi - bonola - bonomo - bonvesin_de_la_riva - bordenave - borgese - borgese_giuseppe - borghi - borghi_armando - borodin - borri - bortolotti - boschetti_alberti - boscovich - bosio - bossi - botta - bottazzi - bottero - bouchardy - bourcet - bourdet - bouvier - bovio - bovio_libero - bozzano - bozzini - bracco - brahms - brancaccio - brera - bresadola - breton - brocchi - brofferio - broglio - bronte - bronzino - bruch - bruckner - bruna - brunelli - brunetti - bruni - bruni_giuseppe - bruno - brusoni - bufardeci - buia - buonaiuti - buonarroti - buonarroti_il_giovane - buoninsegni - buozzi - burchiello - burckhardt - burke - burnaby - burroughs - burzio - buschi - busetto - busoni - butti - buxtehude - buzzanca - byrne - byron - caccianiga - cacciatore - caccini - cafiero - cagna - cagni - cajkovskij - calandra - calcagno - caldarella - calestani - calvo - calza - camillo - camis - cammarano - camoes - campana - campanella - campolonghi - campra - canestrini - canestrini_alessandro - canina - cannabich - cannizzaro - cantalupo - cantoni - cantoni_giovanni - canto_gregoriano - cantu - capasso - capefigue - capella - capocci - capparoni - capponi - capranica - caprile - capuana - carabellese - caracciolo - caracciolo_enrichetta - carafa_capecelatro - carcano - cardano - cardile - carducci - carlyle - carmina_burana - carnevali - carocci - carpenter - carrera - carroll - carubia - casadei - casanova - casas - cassini - castelli - castelli_david - castelnuovo - castelvetro - casti - castiglione - castiglioni - catalani - caterina_da_siena - cather - cattaneo - cava - cavalcanti - cavallotti - cavara - caversazzi - caviglia - cefali - celesia - cellini - celoria - cena - cenni - cennini - cerlone - cernysevskij - cerro - cervantes - cervesato - cesarotti - cesi - chabrier - chanson_de_roland - chapi - charpentier - chaucer - chausson - chelli - cherubini - cherubini_eugenio - chesterton - cheyney - chiabrera - chiara - chiarelli - chiaretti - chiarini - chiesa - chigi - chiocchetti - chiosso - chiurlo - chopin - christiansen - chueca - ciaceri - ciamician - ciampoli - cian - ciano - cicero - cicogna - cielo - cifra - cimarosa - cinelli - cipriani - cittadella - claps - clarke - clementi - club_alpino_italiano - cocchi - codemo - coffa_caruso - coglitore - colagrossi - colajanni - coleridge - collenuccio - colletta - collins - collodi - colombe - colombo_fernando - colombo_michele - colonna - colonna_vittoria - colorni - columba - cominelli - compagni - compagnia_del_mantellaccio - comparetti - confucius - contessa_lara - conti - coperario - coppi - corano - corbino - cordelia - corelli - coresio - corio - cornaro - cornelius - cornoldi - corradini - cortesi - cosmi - cossa - costa - costa_andrea - coster - couperin - crawford - crawford_morris - cremonese - crispi - croce - crocella - croce_benedetto - croce_enrico - cronica_vita_di_cola_di_rienzo - cucca - cummins - cuneo - cuoco - cuomo - curiel - curti - curti_pier_ambrogio - cusani - cyrano_de_bergerac - dadone - dall_ongaro - dalmasso - dandrieu - danti - darwin - darwin_erasmus - daudet - dauli - da_ponte - da_porto - da_verona - debay - debenedetti - debussy - deledda - delibes - delius - della_casa - della_chiesa - della_porta - della_seta - della_valle - della_valle_pietro - delpino - del_lungo - del_lungo_carlo - dering - desanctis - descalzo - descartes - descuret - despres - devienne - dewey - de_amicis - de_angelis - de_astis - de_blasio - de_boni - de_bosis - de_cesare - de_cleyre - de_filippi - de_foe - de_franchi - de_gamerra - de_giovanni - de_gubernatis - de_marchi - de_maria - de_orestis - de_paoli - de_pellegrini - de_pretto - de_quincey - de_roberto - de_rubris - de_ruggiero - de_sanctis - de_vries - diabelli - diamante - dickens - diderot - difensore_degli_ebrei - dini - dito - dittersdorf - di_blasi - di_genio - di_giacomo - di_giovanni - di_giovanni_alessio - di_grazia - di_monaco - di_san_giusto - dolce - domenichi - donati - donaver - doni - donizetti - dorso - dossi - dostoevskij - douhet - doyle - draeseke - driesch - drigo - drosso - ducati - dukas - dumas - dunant - duparc - durante - du_mage - dvorak - d_albert - d_ambra - d_ancona - d_andrea - d_annunzio - d_arzo - d_emilio - d_india - eco - economisti_del_cinque_e_seicento - eisner - electronic_frontier_foundation - elgar - elia - emanuelli - emerson - emiliani_giudici - emma - emmanuel - engels - enriques - epictetus - epicurus - erasmus_roterodamus - eredia - ermacora - errante - errera - euclides - fabbri - fabiani - fabula_de_etc - faldella - fanciullacci - fanciulli - fanfani - fantazzini - fantoni - farga - fargion - farina - farinelli - farnaby - faure - favaro - fazello - federici - fernandez_caballero - fernandez_guardia - ferrabosco_il_giovane - ferrari - ferrari_carlotta - ferrari_giuseppe - ferrari_giuseppe_1720 - ferrari_paolo - ferrari_pietro - ferrari_pio_vittorio - ferrari_severino - ferrer - ferrero - ferretti - ferri - ferrieri - ferri_dina - ferri_giustino - ferroni - ferruggia - feuerbach - fiacchi - fibich - figner - figuier - filicaia - filippi - fillak - filopanti - finella - fioravanti - fioretti_di_san_francesco - fiore_di_leggende_cantari_antichi_etc - fiorini - firenzuola - flammarion - flaubert - fletcher - flies - florenzi - florio - flotow - fogazzaro - folengo - folgore - fontana - fontanarosa - fontane - fontefrancesco - fontenelle - formichi - fornaciari - forteguerri - fortis - foscolo - fraccacreta - fracchia - france - francesco_d_assisi - franchetti - franck - franco - frari - freud - frezzi - frugoni - fucini - fugassa - funck_brentano - gabetti - gabrieli - gabrieli_giovanni - galassi - galiani - galilei - gallaccini - galleani - galleria_palatina - gallina - gallo - galuppi - gamberi - gandhi - ganot - gargiulo - garibaldi - garrone - gatti - gautier - geminiani - gentile - gentile_iginio - gerard - geremicca - gerli - german - gershwin - gervasoni - gherardi - ghersi - ghislanzoni - ghisleri - giaccani - giacometti - giacosa - giamboni - gianelli - giannone - gibbon - gibellini - gide - gigli - giglioli - gille - gilles - ginzburg - gioberti - giolitti - giordana - giordano - giornale_per_i_bambini - giostra_delle_virtu_e_dei_vizi - giovannetti - giovannitti - giovio - giraud - giraudoux - giretti - giribaldi - giuseppe_da_forio - giusta_idea - giusti - glazunov - glinka - gluck - gobetti - goethe - gogol - goldoni - goldsmith - golgi - goll - gomes - gonin - gori - gori_pietro_1854_1930 - gorkij - gossec - gothein - gounod - gozzano - gozzi - gozzi_gasparo - graf - gramsci - granados - grande - grandi - grassi - grasso - grave - gray - graziani - gregorovius - gretry - grieg - grimaldi - grimm_jakob - grippa - grossi - grossi_vincenzo - groto - guadagnoli - gualandris - gualdo - guardione - guareschi - guarini - guelfi - guerrazzi - guerrini - guglielminetti - guglielmotti - guicciardini - guidetti - guidi - guidiccioni - guidi_michelangelo - guiducci - gulli - guy - haeckel - haendel - hamsun - harding - hasse - hauptmann - hawthorne - haydn - heron - herschel - hewlett - heywood - hichens - historia_di_papa - holborne - holst - homerus - hubay - huch - hugo - hummel - humperdinck - huxley - iacopone_da_todi - iacopo_da_sanseverino - iberti - ibn_gubayr - ibn_miskawayh - ibsen - imbriani - indy - ingrassia - innocentius_papa_12 - intorcetta - invernizio - ippolita_comunita_di_scriventi - ippolitov_ivanov - issel - istoria_critica - italia - jacobsen - james - janacek - jarro - jatta - jeans - jefferson - jenna - jennings - jerome - johansson - johnson - joinville - jolanda - joplin - jovine - joyce - juvalta - kaffka - kahn - kalevala - kalidasa - kant - karr - keynes - kipling - kleist - kollo - komzak - kovalevskaja - kropotkin - labriola - ladenarda - lady_gregory - lafargue - lagerlof - lalande - lalli - lalo - lancillotti - lando - landriani - lanzalone - lao_tzu - lasca - laser - lasso - latini - lattes - lattes_dante - lavater - lawrence - lazzarelli - lazzaretti - lazzeri - la_boetie - la_fontaine - la_lumia - leetherland - leggenda_di_tristano - legouve - lehar - leibniz - leitgeb - lemery - lemonnier - lenti_boero - leonardo - leoncavallo - leoni - leopardi - leroux - lesca - lessig - lessona - lettera_a_diogneto - levati - levi - levi_adolfo - levi_giulio_augusto - lewis - libri_piu_letti - libro_della_cucina - liebig - liesegang - liguria - linati - lipparini - lippi - liszt - littre - lizio_bruno - ljadov - lleo - locatelli - lockyer - lodi - lomazzo - lombardini - lombroso - lombroso_gina - london - longo - longus_sophista - lopez - lorentz - lorenzo - lorenzoni - lori - loria - lortzing - lo_valvo - lucatelli - lucchesini - lucianus - lucini - lucretius - luigini_federico - luini - lully - luna - lupo - lusitania - luther_blissett - luzio - macaulay - maccrie - machiavelli - mackay - maes - maeterlinck - maffei - magalotti - maggi - mahler - maineri - maistre - malamani - malatesta - malinverni - malon - malpassuti - mameli - mamiani - mannarino - manni - manno - mannu - mantegazza - manucci - manzoni - marais - marcelli - marcello - marchand - marchesani - marchesa_colombi - marchetti - marchi - marconi - maresca - mariani - marinelli - marinetti - marino - mario - marrama - marselli - marsili - martello - martineau - martinelli - martinelli_vincenzo - martinetti - martini - martini_ferdinando - martoglio - martucci - marugi - marx - mascagni - masci - masi - massarani - massenet - massimi - mastriani - mastro_titta - mattei - matteucci - mattirolo - maupassant - mazzarino - mazzini - medici - medici_ferdinando_i - medici_lorenzino - mehul - meli - melville - mendelssohn - menghini - mengozzi - merlini - merlino - messa_di_requiem - messina - metastasio - meyer - meyerbeer - meyrink - micanzio - michaelis - michel - michelstaedter - mieli - milani - mill - mille_e_una_notte - milton - mioni - mirbeau - misasi - misefari - moderata_fonte - modigliani - molinari - molnar - mommsen - monchablon - mondaini - moneta - mongai - mongitore - monicelli - monnier - montanelli - montesquieu - montessori - monteverde - monteverdi - monti - monti_achille - montpensier - moore - morandi - morandi_carlo - morando - morasso - more - moresco - moretti - morra - morris - morselli - morselli_ercole - mosca - moscardelli - mosso - mozart - mozzoni - mudge - mulazzi - mule - mule_bertolo - munthe - mura - muratori - muratori_lodovico - murger - murri - musorgskij - mussolini - musumeci - muzzi - nagy - nardini - narrazione_critico_storica_etc - natale - navigazione_di_san_brandano - nazioni_unite - neera - negri - negri_ada - negri_francesco - negri_gaetano - nencioni - nerucci - nettlau - nibby - nibelunghi - niccolini - nicolai - nicolaus_cusanus - nielsen - nieri - nietzsche - nievo - nivers - nobili - nordau - nordhoff - norsa - nota - notari - notturno_napoletano - novacek - novaro - novaro_mario - novatore - novella_del_grasso_legnajuolo - novelle_cinesi - novelle_indo_americane - novelle_italiane_dalle_origini_al_cinquecento - novellino - nucera_abenavoli - nuovi_misteri_del_chiostro_napoletano_etc - offenbach - ojetti - olper_monis - omodeo - onesto - oppenheim - orestano - oriani - orsi - orsini - ortolani - pachelbel - pacini - pacioli - padoa - padula - pagani - paganini - pagliaro - pailleron - paisiello - palazzi - paleologue - palladio - pallavicini - pallavicino - palli_bartolommei - palma - palmeri - palomba - pananti - pani - pannocchieschi - panzacchi - panzini - paolieri - pareto - parini - paris - parlatore - parmeggiani - pascal - pascal_carlo - pascarella - pascoli - pasinetti - pasolini - paterno - pausanias - pavese - peano - pellico - pellizzari - penzig - pepoli - percoto - pergolesi - perlman - perodi - perrault - petrarca - petrocchi - petruccelli_della_gattina - piave - piazza - piazza_antonio - piazzi - pico_della_mirandola - pierantoni_mancini - pieri - pierne - pigafetta - pignata - pinamonti - pinchetti - pindemonte - pino - pintor - pinza - pioda - piola - pirandello - pisacane - piscel - pissilenko - pitre - piva - pizzagalli - pizzigoni - pizzigoni_giuseppina - pizzirani - planche - plato - plinius_caecilius_saecundus - podesta - podrecca - poe - poli - polidori - polidori_francesco - polimanti - poliziano - polo - polybius - pompilj - ponchielli - popper - porati - porta - pov_ray_team - pozzi - pozzi_antonia - praetorius - praga - praga_marco - prati - previati - prevost - prose_e_poesie_giapponesi - proudhon - proust - prunas - puccini - puini - pulci - purcell - purgotti - puskin - puviani - quadrio - quel_libro_nel_cammino_della_mia_vita - quevedo - rabelais - rabizzani - raccolta_di_lettere_ecc - racconti_popolari_dell_ottocento_ligure - rachmaninov - racquet - radcliffe - raffaello_sanzio - raga - ragazzoni - rajberti - rajna - ramazzini - rameau - ramusio - randi - ranieri - rapisardi - rastrelli - ravagli - ravel - razzaguta - reclus - redi - regaldi - regalia - reger - reghini - regina_di_luanto - regnani - regno_d_italia_1805_1814 - reinecke - relazione_dell_atto_della_fede_etc - renan - renier_michiel - rensi - repubblica_romana_1849 - respighi - retif_de_la_bretonne - reuze - reyer - rezzonico - ricchi - ricchieri - ricci - ricci_paterno_castello - ricci_umberto - riccoboni - righetti - righi - rignano - rilke - rimatori_siculo_toscani_del_dugento - rime_dei_memoriali_bolognesi - rimini - rimskij_korsakov - rinaldini - ringhieri - ripa - ripamonti - rizzatti - roberti - robida - rocca - roccatagliata_ceccardi - rocca_enrico - rocco - roggero - rohlfs - rolando - romagnoli - romagnoli_augusto - romani - roma_e_la_opinione_etc - romberg - romussi - roncaglia_gino - rosa - rosadi - rosa_daniele - rose - rosetti - rosi - rosmini - rosselli_carlo - rosselli_nello - rossi - rossini - rossi_emanuele - rossi_giovanni - rostand - rousseau - roussel - rovani - rovetta - rubinstejn - ruffini - ruffini_francesco - russo - russolo - ruzzante - ryner - sabatini - sabatini_rafael - sabbadini - sacchetti - sacchetti_roberto - sacchi - sacheli - sacher_masoch - saffi - saffi_antonio - saint_evremond - saint_saens - salanitro - salfi - salgari - salimbene_da_parma - sallustius - salucci - saluzzo_roero - sangiorgio - sannazaro - santucci - sanudo - sanvittore - sarasate - sardegna_regno - saredo - sarno - sarpi - satta - savarese - savasta - savinio - savio - savioli - savi_lopez - savonarola - scarfoglio - scarlatti - scarpetta - scarpetta_maria - scartabellati - schein - schiaparelli - schiavini - schicchi - schiller - schioppa - schmid - schmidt - schopenhauer - schubert - schumann - schutz - schwarz - scilla - scina - scott - scrofani - scuto - sebastian - secchi - sella - seneca - serafini - serafino_aquilano - serao - sercambi - serena - serge - sergi - serra - servi - settembrini - sfinge - sforza - shakespeare - shaw - shelley - sicilia - siciliani - sidrac - sienkiewicz - sigonio - siliprandi - silva - simpson - sinding - sismondi - skrjabin - slataper - smetana - sobrero - sobrero_mario - socci - soler - solera - solmi - solovev - sommerfeld - sonzogno - sophocles - sorbelli - spampanato - spaventa - spaventa_filippi - sperani - speroni - spinazzola - spinelli - spinoso - spinoza - spohr - spontini - stacpoole - stael - stampa - statius - stefanoni - stein - steiner - stendhal - stenhammar - steno - stephens - sterne - stevenson - stewart - stirner - stoker - storia_dei_paladini_di_francia - storia_di_fra_michele_minorita - stowe - straparola - strauss - strauss_josef - strauss_jr - strauss_richard - strenna_di_ascolti_per_il_natale - stromboli - suk - sullivan - supino - suppe - supplica_degli_stampatori_e_etc - suzzara_verdi - svendsen - svevo - swift - sylos_labini - synge - szanto - szymanowski - tagore - tanini - tanini_alighiero - tarabotti - tarchetti - targioni_tozzetti - tartaglia - tartini - tartufari - tassini - tasso - tassoni - telemann - teloni - tempio - tenca - terentius - tesoro_di_scienze_etc - tessa - testoni - tettoni - theuriet - tholozan - thomas - thoreau - thorpe - thouar - thovez - thucydides - tigri - tilgher - timmermans - timpanaro - tiraboschi - titelouze - tocco - tolstoj - tomei - tommaseo - torelli - torelli_luigi - torricelli - tosco - tosti - tozzi - traina - trebbi - treitschke - trentin - tresca - trilussa - trimmer - troya - tucci - tumiati - turco - turgenev - ubaldini - uccellini - uda - ughetti - ultimi_fatti_di_milano - unesco - unione_europea - untersteiner - urgnani - vailati - valera - valery - vallardi - valles - valletta - valli - valvason - vannicola - vanzetti - varthema - varvaro - vasari - vassallo - vaticano - venerandi - venexiana - veneziani - venier - veniero - venosta - venturi - venturini - venturi_adolfo - verdi - verdinois - verdi_de_suzzara - veresaev - verga - vergilius - verne - veronese - verri_alessandro - verri_pietro - vertua - vettori - viaggi_di_gio_da_mandavilla - viani - vico - vieuxtemps - vigoni - villa - villabianca - villani - villani_matteo - villari - villiers_de_l_isle_adam - vinci - violante - viotti - viriglio - viscnu_sarma - vismara - vitali - vita_delitti - vita_italiana_nel_cinquecento - vita_italiana_nel_rinascimento - vita_italiana_nel_risorgimento - vita_italiana_nel_seicento - vita_italiana_nel_settecento - vita_italiana_nel_trecento - vitruvius - vivaldi - vivante - vivanti - vives - viviani - viviani_raffaele - vogue_melchior_de - volin - volpi - volta - voltaire - volterra - wagenaar - wagner - waldteufel - wallace - wallace_edgar - wallace_lewis - walpole - wassermann - weber - wells - wessely - white_mario - widmann - wieniawski - wilde - wolf - wolf_ferrari - woolf - world_wide_web_consortium - wundt - wu_ming - wu_ming_1 - wu_ming_2 - wu_ming_5 - yambo - yeats - yriarte - zagarrio - zanazzo - zandonai - zanella - zanghi - zanotelli - zavattero - zena - zhuang_zi - zola - zuccoli

Static Wikipedia 2008 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2007 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - en - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Static Wikipedia 2006 (no images)

aa - ab - af - ak - als - am - an - ang - ar - arc - as - ast - av - ay - az - ba - bar - bat_smg - bcl - be - be_x_old - bg - bh - bi - bm - bn - bo - bpy - br - bs - bug - bxr - ca - cbk_zam - cdo - ce - ceb - ch - cho - chr - chy - co - cr - crh - cs - csb - cu - cv - cy - da - de - diq - dsb - dv - dz - ee - el - eml - eo - es - et - eu - ext - fa - ff - fi - fiu_vro - fj - fo - fr - frp - fur - fy - ga - gan - gd - gl - glk - gn - got - gu - gv - ha - hak - haw - he - hi - hif - ho - hr - hsb - ht - hu - hy - hz - ia - id - ie - ig - ii - ik - ilo - io - is - it - iu - ja - jbo - jv - ka - kaa - kab - kg - ki - kj - kk - kl - km - kn - ko - kr - ks - ksh - ku - kv - kw - ky - la - lad - lb - lbe - lg - li - lij - lmo - ln - lo - lt - lv - map_bms - mdf - mg - mh - mi - mk - ml - mn - mo - mr - mt - mus - my - myv - mzn - na - nah - nap - nds - nds_nl - ne - new - ng - nl - nn - no - nov - nrm - nv - ny - oc - om - or - os - pa - pag - pam - pap - pdc - pi - pih - pl - pms - ps - pt - qu - quality - rm - rmy - rn - ro - roa_rup - roa_tara - ru - rw - sa - sah - sc - scn - sco - sd - se - sg - sh - si - simple - sk - sl - sm - sn - so - sr - srn - ss - st - stq - su - sv - sw - szl - ta - te - tet - tg - th - ti - tk - tl - tlh - tn - to - tpi - tr - ts - tt - tum - tw - ty - udm - ug - uk - ur - uz - ve - vec - vi - vls - vo - wa - war - wo - wuu - xal - xh - yi - yo - za - zea - zh - zh_classical - zh_min_nan - zh_yue - zu -

Sub-domains

CDRoms - Magnatune - Librivox - Liber Liber - Encyclopaedia Britannica - Project Gutenberg - Wikipedia 2008 - Wikipedia 2007 - Wikipedia 2006 -

Other Domains

https://www.classicistranieri.it - https://www.ebooksgratis.com - https://www.gutenbergaustralia.com - https://www.englishwikipedia.com - https://www.wikipediazim.com - https://www.wikisourcezim.com - https://www.projectgutenberg.net - https://www.projectgutenberg.es - https://www.radioascolto.com - https://www.debitoformtivo.it - https://www.wikipediaforschools.org - https://www.projectgutenbergzim.com