Mark Twain
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Scríbhneoir Meiriceánach, óráidí poiblí, aorthóir, iriseoir, goineadóir agus fear mór nathadóireachta ab ea é Mark Twain, nó Samuel Langhorne Clemens (30 Samhain 1835 - 21 Aibreán 1910). B'iad na húrscéalta greannmhara The Adventures of Huckleberry Finn agus The Adventures of Tom Sawyer ba mhó a thabhaigh a chlú dó, ach le fírinne, ba scríbhneoir bisiúil agus iriseoir proifisiúnta é ar tháinig a lán eile as a pheann. Deirtear inniu gurbh é Twain an chéad scríbhneoir riamh a bhain adhmad ceart as caint na ndaoine sna Stáit Aontaithe.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.